AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Léargas den scoth ar shaol na manach fadó

D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.

Sna meánaoiseanna, bhí an méid sin clú ar Bheannchar in oirthuaisceart na hÉireann gur luadh é ar léarscáil an domhain. Ar an Mappa Mundi atá le feiceáil i dTeampall Hereford i Sasana, tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaíocht ainmnithe: Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Cill Dara. Bhí meas mór ar Bheannchar ag an am mar gheall ar a mhainistir, a bhunaigh Naomh Comgall sa bhliain 558 AD. Áit an-mhór léinn a bhí inti, agus chuaigh na mílte manach ansin le hoideachas a fháil. Agus iad oilte, chuaigh siad go háiteacha i gcéin is i gcóngar le mainistreacha nua a bhunú. Ina measc bhí Naomh Columbanus agus Naomh Gall, a raibh an-tionchar acu ar mhór-roinn na hEorpa, agus Maelrubha, a bhunaigh mainistir ag Apor Crossan ar chósta thiar na hAlban, agus a raibh an-mheas air i gceantar fairsing thall ansin. Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí. Níl lorg ar bith de na bunfhoirgnimh ann anois, ach is féidir mionsamhail den suíomh a fheiceáil in Ionad Oidhreachta Thuaisceart an Dúin i mBeannchar. Léiríonn an mhionsamhail an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit. Tá sconsa thart ar imfhálú mór agus tá séipéal adhmaid ina lár. Tá neart bothán ann, agus manaigh ghnóthacha. Tá Naomh Comgall ag cur fáilte roimh ghrúpa manach as Oileán Í, agus tá manaigh eile ag déanamh obair láimhe sna páirceanna, chomh maith i mbun beachaireachta agus cócaireachta. Tá an t-ionad oidhreachta suite ar chúl Halla na Cathrach, ar teach mór Victeoiriach é ar bharr cnoic. Tá páirc dhuilleogach taobh thiar de agus radharc trasna an bhaile go dtí an fharraige uaidh. Bhíodh an mhainistir ar phíosa cothrom talún faoin chnoc seo in aice le sruthán agus tobar. Tá an sruthán clúdaithe anois, agus tá eaglais ó thréimhse níos moille, ar a dtugtar Mainistir Bheannchair, ar an láithreán. An chuid is sine, is píosa de sheanbhalla é a dtugtar “Balla Mhaolmhaodhóig” air, mar síltear gur chuid de mhainistir Agaistíneach é, a thóg Maolmhaodhóg Ard Mhacha sa 12ú haois. Tógadh túr don eaglais sa 14ú haois.

Taispeántais

Is iarsmalann bheag bhríomhar é an t-ionad oidhreachta, atá suite san áit a raibh stáblaí an tseantí. Tá roinnt seomraí ansin agus taispeántais faoi stair na háite iontu, ón Chré-Umhaois ar aghaidh. Bíonn taispeántais shealadacha ann freisin - mar shampla, ealaín, grianghrafadóireacht, agus peannaireacht. Tá caife maith ann freisin agus bia úr le fáil ann. Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois. Fuarthas é i reilig na mainistreach san 18ú haois. Tá iarsma iontach eile ag an mhainistir, ach tá sé thall san Iodáil le fada: an Antiphonarium Benchorense, leabhar le haghaidh seirbhísí a scríobhadh sa 7ú haois a bhfuil paidreacha agus iomainn ann. Tógadh é chuig an mhainistir a bhunaigh Columbanus i mBobbio, is dócha sa 9ú haois nuair a theith manaigh ó ruaigeanna na Lochlannach. Sa bhliain 1606 tógadh go Leabharlann Ambrosia i Milano é, áit a bhfuil sé go fóill. Taobh amuigh faoin spéir i gclós beag, tá macasamhail lánmhéide de chillín cruinn manaigh. Tá sé déanta as adhmad coill, agus tá ceann tuí air. Taobh istigh den chillín, tá tocht ar an urlár agus stól. Síltear go gcónaíodh na manaigh i gcillíní mar seo sna mainistreacha luath-Chríostaí. Dhéantaí na dualgais laethúla – mar an chócaireacht, an scríbhneoireacht agus an mhiotalóireacht - i mbotháin eile ar an láithreán. Tá Beannchar suite ar theacht isteach Loch Lao agus tá mór foscúil in aice leis. Ó thús an 9ú haois ar aghaidh, d’ionsaigh na Lochlannaigh arís agus arís eile é. Maraíodh a lán manach agus truaillíodh scrín Naomh Comgall. Seans maith gur chuir roinnt Lochlannach fúthu sa cheantar. Fuarthas adhlacadh Lochlannach ag Bá Bhaile Hóm in aice le Beannchar. Is focal Lochlainnise é “holmr”, a chiallaíonn “inse”. Tá dealga agus babhla ón adhlacadh sin in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Tá seomra amháin san ionad oidhreachta atá maisithe mar theach fada Lochlannach, a thugann blaiseadh dá gcultúr. Tá na ballaí déanta as adhmad agus tá lagsholas ann. Sa lár, tá pota mór cócaireachta os cionn tine. Tá luachair ar an urlár agus seol in aice leis an bhalla. Tá fístéip mhaith ann freisin, a bhaineann úsáid as cáipéis chomhaimseartha, an Chroinic Angla-Shacsanach, leis an scéal a insint faoin scáth agus an scéin a chuir “mic tíre Odin” ar an mhainistir i Lindisfarne. Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití. Tá an fhoireann an-chairdiúil cuidiúil, mar sin is féidir an-sult a bhaint as cuairt ar an áit. Tuilleadh eolais: http://www.northdown.gov.uk/heritage; http://www.bangor-local.com/history.aspx Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.