THALL IS ABHUS
An Póilín sa Seomra Ranga
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Nuair a chruann an easpa measa ina reacht, is deacair a shníomh ina cheart. Ní dea-scéala ar an scolaíocht sa Fhrainc atá ag PJ Mac Gabhann dúinn.

Íomhá
Rue Berteaux-Dumas i Neuilly-sur-Seine (le Metropolitan ar Vicipéid)
Íomhá
Sarkozy (Vicipéid)
Íomhá
Ag éirí amach i bPáras 1968 (le D. ar Picasaweb)

Scéal a chonaic mé ar an nuacht an lá cheana faoi fhoréigean sa chomhthéacs scoile a chuir i gcuimhne dom oíche a chaith mé i gcomhluadar Nicolas Sarkozy agus a iarbhean céile, Cécilia, i mí Eanáir 2005. In ainneoin gurbh é aire rialtais i Roinn an Airgeadais é agus neart cúraimí eile air ag an am, theastaigh uaidh a bheith i láthair ag ceiliúradh na bliana nua i Halla an Bhaile i Neuilly-sur-Seine ag a raibh fáilte roimh mhúinteoirí an cheantair, ionadaithe ó eagraíochtaí tuismitheoirí agus ó management">lucht bainistíochta scoile.Bhí mé féin ag obair an tráth sin i scoil idirnáisiúnta nach raibh rófhada ar shiúl ó Halla an Bhaile. Tar éis fiche bliain a chaitheamh i mo mhúinteoir i mBaile Átha Cliath, shocraighsos gairme a ghlacadh sa bhliain 2000 agus teacht go Páras. Ba é Sarkozy laoch na heite deise, polaiteoir a raibh chuile dhuine ag caint faoi agus a bhí á ullmhú féin le teacht i gcomharbacht ar Jacques Chirac mar uachtarán ar an tír. Ní raibh caint ar bith ar fheachtas toghcháin, ar ndóigh, ach ba léir go raibh fin de règne Chirac ann agus go raibh duine nua ag teastáil.

Ba léir freisin go raibh an réiteach ag Sarkozy ar na hoilc ar fad, ach an deis a bheith aige a smaointe a chur i bhfeidhm. Thugadh sé le fios, ar bhealach neamhbhalbh go minic, go raibh rialtas Jean-Pierre Raffarin, rialtas lenar bhain sé féin, ina stad agus go raibh Chirac féin tuirseach lagbhríoch. Mhaígh Sarkozy gur ghá tabhairt faoi cheisteanna móra na tíre - fadhb na dífhostaíochta, mar shampla, go háirithe i measc an aosa óig, athchóiriú ar an gcóras dlí agus ar an oideachas tríú leibhéal, agus cúrsaí slándála taobh istigh den tír - chun an Fhrainc a chur ina ceart arís.

Sean gacha Dí agus Togha Sólaistí

Ach ar ais chuig an oíche féin. Is é an nós é sa Fhrainc ag tús bliana, cuireadh a thabhairt do dhreamanna éagsúla pobail nó d’eagraíochtaí áitiúla teacht chuig Halla an Bhaile, áit a mbíonn seaimpéin nó fíon ar fáil agus roinnt sólaistí. Caitear go fial linn i gcónaí: na daoine atá ag obair sna healaíona nó i gcumainn spóirt ar oíche amháin, nó lucht miondíola agus gnó cuir i gcás, oíche eile, nó lucht sláinte idir dhochtúirí agus chúramóirí sláinte ar oíche eile arís. Deis ag ionadaithe tofa a mbuíochas a ghabháil linn as obair na bliana díreach caite agus rath a ghuí orainn in obair na bliana amach romhainn.Mar sin agus an cuireadh i mo ghlac, thug mé féin aghaidh ar an soirée mar aon le tuairim is 300 duine de mo chomh-mhúinteoirí ó scoileanna an cheantair chun bualadh le Sarkozy agus chun éisteacht leis an méid a bhí le rá aige. Ba mhór an mhaise ar Halla an Bhaile an crann Nollag maorga agus na soilse niamhracha taobh amuigh, ach ba dheise fós an taobh istigh leis an staighre marmair agus na coinnleoirí craobhacha agus na pictiúir a bhí ar crochadh ar na ballaí.

Tháinig Sarkozy amach ar an ardán agus thosaigh sé ag caint. Bhí aithne mhaith aige ar a lucht éisteachta. Labhair sé faoi luachanna traidisiúnta: an meas a bhí aige ar mhúinteoirí, ar léann agus ar an ról ríthábhachtach a bhí ag an scoil i gcaomhnú phrionsabail bhunaidh na Poblachta. Lean sé air ag rá go gcuirfeadh sé póilíní, dá mba ghá, i ngach scoil sa Fhrainc chun na páistí agus a gcuid múinteoirí a chosaint ó bhagairtí agus ó ionsaithe.Bhí ionadh nach beag orainn a raibh i láthair. Cén fáth an chaint seo i gceantar Neuilly, áit nár thuig easpa agus nár bhaol dá mhuintir círéibeachacorraíl shibhialta. Ní ceantar faoi mhíbhuntáiste é Neuilly-sur-Seine. Ach ní orainne a bhí an chaint seo dírithe. De réir tuairiscí nuachta, b’eachtra choitianta go maith é an t-ionsaí ar oidí nó ar scoláirí i gceantair áirithe. Chuirfeadh Sarkozy deireadh leis. Ní ligfeadh sé don fhoréigean ná don eagla an lámh in uachtar a fháil i scoileanna na tíre.

Ní Aoibhinn Beatha Dalta

I mí Eanáir na bliana seo, maraíodh mac léinn ocht mbliana déag d’aois i scoil i gceann de bhruachbhailte Pháras. Mac léinn eile sa scoil a mharaigh é as siocair áiféiseach, is cosúil. I mí Feabhra, i mbruachbhaile eile na príomhchathrach, thug drong fear óg ruathar faoi scoil sa cheantar agus thóg siad i leataobh duine de na scoláirí. Thug siad drochbhualadh dó i ndorchla na scoile. Sádh sa chos é agus scaoileadh urchar san aer chun ‘eagla a chur a chur air’, dar leis na póilíní.

I ndiaidh an dara heachtra, shocraigh múinteoirí na scoile deireadh a chur le ranganna agus d’éiligh siad ar Roinn an Oideachais go gcuirfí foireann bhreise feitheoirí ar fáil. Fuair siad tacaíocht ó mhic léinn na scoile agus ó na tuismitheoirí. Chuir siad go láidir i gcoinne ráiteas an Aire a thug le tuiscint gur ar stailc a bhí siad. ‘Ní ag lorg ardú pá atáimid,’ a dúirt na múinteoirí, ‘ach ag iarraidh an scoil agus ár scoláirí a chosaint ó ionsaithe mar seo.’

Sna cainteanna idir an dá thaobh, tháinig na tuairimí seo chun solais:* creideann na heagraíochtaí tuismitheoirí agus múinteoirí nach bhfuil go leor daoine fásta, idir mhúinteoirí agus fheitheoirí, fostaithe sna scoileanna* ní chuirtear béim go leor sna coláistí oiliúna ar thraenáil a chur ar mhúinteoirí conas deacrachtaí smachta a láimhseáil* bíonn drogall ar phríomhoidí agus ar lucht bainistíochta aird a tharraingt ar eachtraí a léiríonn go bhfuil an scoil ag teip ar eagla go gcuirfí cuid den locht orthu agus nach bhfaighidh siad ardú céime dá dheasca* is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam páistelárnach a spreagann an páiste chun chuile rud a cheistiú, ní hamháin an t-eolas agus na foinsí eolais ach údarás an mhúinteora chomh maith

Creidtear gurb é an easpa measa ar údarás is cúis le go leor den olc i sochaí ár linne. Bhíodh an mana ann le linn Éirí Amach na Mac Léinn i bPáras i mí na Bealtaine 1968: Tá cosc ar chosc! Saoirse a bhí ó dhaoine óga an uair sin. Ach tá an roth sin tar éis casadh agus Sarkozy ina uachtarán ar an bhFrainc le trí bliana anuas.

Níor bhuail mé le Nicolas Sarkozy ó shin. Nó lena bhean chéile. Creideann sé go fóill sa bheartas ‘an póilín sa seomra ranga’. Ní fheicim go bhfuil ag éirí leis áfach.

Naisc: Agóidí Pháras http://www.youtube.com/watch?v=tUJZgkhSCq8I Meiriceá: http://www.dailymotion.com/video/x32iizthe-poor-peoples-campaign-civil-rignewshttp://www.youtube.com/watch?v=wxOrkQge2Ihttp://www.youtube.com/watch?v=ji5-f0oS4A&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.