73
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Beidh Bille Teanga don Ghàidhlig os comhair Pharlaimint na hAlban an bhliain seo chugainn. Labhair Stiofán MacGréill le hAlasdair Mac Caluim, fear óg atá ceaptha ag an Pharlaimint leis an teanga a chur chun cinn, faoin bhille seo agus faoin obair atá ar bun aige féin.
»»»Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Féachann Mary Beth Taylor ar fhás an ghrúpa seo agus ar na himpleachtaí atá aige don tír.
»»»Bhí go leor cluichí iontacha iománaíochta le feiceáil sa bhliain 2001 ach measann Colm Mac Séalaigh gur beag ceann a bhí inchurtha le cluiche leathcheannais Choláistí Laighean “A” idir Coláistí Átha Cliath agus Coláiste Chiaráin, Cill Chainnigh.
»»»Amharcann Breandán Delap siar ar phlean cuimsitheach i leith cur chun cinn na Gaeilge i réimsí poiblí a foilsíodh tríocha bliain ó shin....
»»»Cé gurb é an Béarla an teanga is forleithne sa Nua-Shéalainn, tá stádas oifigiúil bainte amach ag an Maoiris ón mbliain 1987. Pléann Ruth Nic Giolla Iasachta cúrsaí teanga agus cultúrtha na Nua-Shéalainne.
»»»Tá daoine ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ar fud an domhain anois, go háirithe sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus san Astráil, agus tá ag éirí le go leor acu líofacht a bhaint amach sa teanga. D’éirigh le fear ón Iúgslaiv, Ljubodrag Grujic, an teanga a shealbhú, áfach, gan freastal ar rang ná gan cos a leagan ar thalamh na hÉireann riamh. Insíonn sé a scéal anseo.
»»»Tá ‘fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth’ feicthe ag Breandán de Gallaí anois. Bhuail Breandán tríd an teora aoise sin a thug a fhad le tríú line an rainn, ‘fiche bliain ag cromadh (is fiche bliain ag dul ar lár)’. Is atús é aois áirithe a scoitheadh agus tá buntáiste go leor ag baint leis, dar leis.
»»»Tugadh cuireadh do PJ Mac Gabhann freastal ar fhéile an altaithe tigh na gcomharsan i bPáras. Tá sé ag dréim le dul ann.
»»»Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.
»»»Tá mac óg Tony Birtill ag traenáil le foireann phroifisiúnta sacair faoi láthair ach tuigeann Tony nach ionann sin is a rá go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach sa spórt sin.
»»»Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.
»»»Féachann Stiofán Ó Direáin siar ar shaol Sheoirse Uí Bhroin, dlúthchara dá chuid agus duine a rinne a chion féin don Ghaeilge, a cailleadh i Londain ar an chéad lá den bhliain úr.
»»»Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh Pól Ó Muirí níos cruógaí ná mar a bhíonn de ghnáth. Agus níl éalú ar bith i ndán dó agus na páistí ar saoire ón scoil!
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: éad i measc na mban.
»»»Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le Barcelona, dar le Máire Ní Chuagáin, ach meallann an chathair ar ais go minic í mar sin féin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.