AR NA SAOLTA SEO
An bhfuil éad ag teacht ar na haontachtaithe agus ar na dílseoirí?
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Agus an nasc idir na Sé Chontae agus an Phoblacht ag éirí níos láidre leis, an dtiocfaidh an t-am, a fhiafraíonn Robert McMillen, a bhfeicfidh na paraimíleataigh dhílseacha é seo mar bhagairt.

Íomhá
An tAire Forbartha agus Sóisialta, Margaret Ritchie
Íomhá
Tá Aer Lingus chun eitiltí a chur ar fáil go Heathrow as Béal Feirste in áit na Sionainne
Íomhá
An bóthar nua idir Iúr Chinn Trá agus Dún Dealgan
Íomhá

cur agus cúiteamh ann faoi láthair faoi chinneadh Margaret Ritchie, an tAire Forbartha Sóisialta ó thuaidh, gan maoiniú de £1m a thabhairt don Conflict Transformation Initiative (CTI), tionscnamh ina bhfuil ról ag Ulster Political Research Group, grúpa a dhéanann anailís pholaitiúil don UDA. (Nach iontach go bhfuil na meáin ag baint úsáide as na teidil amaideacha sin ar fad.)

Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.

Ar ndóigh, choinnigh an UDA na gunnaí agus mhaígh siad go raibh siad buartha go ndéanfadh easaontóirí poblachtánacha ionsaithe orthu. Déanta na firinne, is mó úsáid atá á baint astu ag an iliomad grúpaí dílseacha atá sáite i gcoimhlint cumhachta faoi láthair.

Ach nach é raison d’être na ngunnaí céanna an tAontas a choinneáil slán?

Cad é a tharlódh dá measfadh an UDA go raibh barraíocht comhoibrithe ag dul ar aghaidh idir an dá stát ar an oileán seo? Nach é a ndualgas é Ulaidh a shábháil ó

dhaorsmacht phoblachtánach, nó an bhfuil dearmad déanta acu ar “an cheist náisiúnta”.

Duine ar bith a d’fhillfeadh ar na Sé Chontae i ndiaidh 30 bliain a chaitheamh thar lear, b’ábhar iontais dó chomh láidir is atá an tÉireannachas le mothú i saol laethúil an stáitín ó thuaidh i gcomparáid le 30 bliain ó shin.

Amharc ar an fhianaise. Is cuimhin le daoine meánaosta na stáisiúin chustaim ar an teorainn. Ní ann dóibh níos mó.

Tá cainéil RTÉ ar fáil go forleathan ó thuaidh agus an freastal ag méadú i rith an ama. (Cheannaigh cumainn dhílseacha aeróga speisialta nuair a thosaigh TG4 ag craoladh chluichí sacair na hAlban ar an stáisiún.)

Tá cluichí Gaelacha á dtaispeáint ar bhonn rialta ar an teilifís – níl oiread le feiceáil agus ba cheart a bheith ach tá siad ann.

Beidh Aer Lingus ag cur eitiltí ar fáil go Heathrow as Béal Feirste, in áit na Sionainne; tá Fianna Fáil ag beartú iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin ó thuaidh; eagraíodh an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil ar bhonn uile-Éireann.

na comhlachtaí trasteorann ag oibriú leo.

I lár chathair Bhéal Feirste, chífidh tú deich ngeansaí de chuid Celtic in aghaidh gach geansaí de chuid Rangers ar dhaoine óga ag siúl na sráideanna.

seirbhís rialta traenach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste agus tá na bóithre idir an dá chathair sin i bhfad níos fearr ná mar a bhíodh.

Dhá cheannlíneTaobh istigh de sheachtain amháin, bhí dhá cheannlíne sa News Letter, páipéar aontachtach ó thuaidh, a bhain geit asam.

Ceann amháin: “Portadown Orangemen demand talks”. Bhí Oráistigh Dhroim Cria ag éileamh cainteanna le bunadh Bhóthar Gharbh Achaidh, dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo ar feadh 13 bliana nó mar sin. Anois, bhí siad ag éileamh cainteanna.

Ach b’iontaí i bhfad an ceannlíne eile, “Now we’re the poor relations”, agus pictiúr den débhealach úr, an A1/N1 idir Iúr Chinn Trá agus Dún Dealgan, thíos faoi.

Is iomaí dearcadh maidir leis na 26 Contae a bhí sa News Letter thar na blianta – gach ceann acu diúltach – ach seo an chéad uair riamh a mhothaigh mé go raibh éad agus ardmheas le mothú ann.

Is iomaí uair a chuala mé an nath go raibh aontachtaithe “more loyal to the half-crown than to the Crown” agus anois, in aimsir seo an Tíogair Cheiltigh, tá an dearcadh sin chun tosaigh.

Masla a bhí in ainm is a bheith sa nath sin ach measaim féin nach masla é i ndáiríre. Tá muid uilig ag iarraidh go mbeadh an caighdeán maireachtála is fearr againn féin agus ag ár gcuid páistí. Na laethanta seo, nuair atá ceathrú milliúin punt ar thithe de chuid an lucht oibre (más ann do na haicmí sa 21ú haois), tá aird achan duine againn ar an leathchoróin. (Nóta do na daoine óga atá á léamh seo: sin 25 pingin.)

Má tá rapprochement ag dul ar aghaidh idir an dá chuid den oileán seo, is amhlaidh gur lú an gá atá le gunnaí an UDA.

Ach b’fhéidir nár bhain gunnaí an UDA le cúrsaí polaitíochta riamh, gur coimhlint cumhachta idir aicmí taobh istigh de phobail aontachtacha a bhí ansin fosta. Tá an foréigean atá i gceist i measc lucht an UDA faoi láthair ag cruthú na teoirice sin.

Má tá an aird uilig á díriú ar an UDA, ná déanaimis dearmad gur chuir na Red Hand Commandos trí philéar chuig UTV ag deireadh na míosa seo caite agus ainmneacha agus sonraí uimhirphláta charranna Robin Livingstone, eagarthóir an Andersonstown News, agus Richard McAuley, Oifigeach Preasa Shinn Fein, leo.

Tá na Red Hand Commandos ceangailte leis an UVF. Mar sin, is léir go bhfuil fadhbanna ag na grúpaí dílseacha seo ag teacht isteach sa 21ú haois agus ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.