AR NA SAOLTA SEO
Litreacha faoi Choim ó Ghirseacha i nGéibheann
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

léargas spéisiúil le fáil faoi shaol phríosúnaigh Éireannacha i Sasana sna seachtóidí ó litreacha a sheol beirt bhan Ghaeltachta chuig Rialtas na hÉireann ag an am.

Íomhá
Chuig Rúnaí Ghnóthaí Eachtracha
Íomhá
Chuig Jack Lynch
Íomhá
lch. 2 chuig JLynch
Íomhá
Cathal Ó hEochaidh
(An Leabharlann Náisiúnta ar Flickr.com)
Íomhá
Litir chuig CJ Ó hEochaidh
Íomhá
Clúdach
Íomhá
Aistriúchán ar Girseacha i nGéibheann FNT
(le Rareandrecent.com)

Fuair beirt Thaoiseach litreacha éagsúla a smuigleáileadh ó phríosún ardslándála i Sasana ag deireadh na seachtóidí agus tús ag na n-ochtóidí ag impí orthu teacht a chuidiú le beirt phríosúnach ó Ghaeltacht Dhún na nGall. Léiríonn comhaid de chuid Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin riail 30 bliain gur éirigh le Ann agus Eileen Gillespie, as an Bhun Beag, Gaoth Dobhair litreacha a smuigleáil ó sciathán speisialta i bPríosún Durham agus a chur faoi bhráid cheannairí an rialtais.

Bhí an bheirt deirfiúracha i dteach i Fallowfield, Manchain i 1974 nuair a phléasc buama a bhí á dhéanamh ann. Dúradh sa chúirt gur mhonarcha buamaí de chuid an IRA a bhí sa teach. Gearradh pianbhreith 15 bliana orthu i bhFeabhra 1975 as comhcheilg chun pléascáin a dhéanamh. Tuairiscíodh ag an am go raibh an bheirt acu iontach gníomhach i gcraobh Mhanchain den IRA. Cé gur ghlac an breitheamh a bhí i mbun na trialach leis nach raibh Eileen Gillespie i Sasana nuair a phléasc cuid de na gairis a bhí i gceist, dúirt sé go raibh ról ‘sinister and evil’ ag an bheirt deirfiúracha sa chomhcheilg. Shéan an bheirt i gcónaí na cúiseanna a cuireadh ina gcoinne. Íslíodh an píonós go 14 bliana déag tar éis achomhairc.

Seán Ó Loingsigh

Ba ar pháipéar an phríosúin a bhí curtha ar fáil dóibh do chúrsaí oideachais a scríobh na deirfiúracha Gillespie a gcéad litir chuig an Taoiseach, Jack Lynch in Iúil, 1977. D’éirigh leo an litir a a chur amach i ngan fhios do na húdaráis agus seoladh é ó Forgannwg - West Glamorgan - na Breataine Bige. Dúirt Eileen Gillespie nach raibh sí ag scríobh chuige maidir le héagóir na trialach ach faoi dhroch-choinníollacha na carcrach. Caitheadh leo mar chimí Catagóir A, rud a chiallaigh go raibh siad á gcoinneáil sa sciathán leis an uasmhéid slándála i dteannta le mangairí drugaí, lucht ginmhilleadh, dúnmharfóirí srl. Dúirt sí go raibh siad buartha faoi líon na leispiach a bhí á gcoinneáil leo. Theip ar a gcuid iarrachtaí parúil agus ar a gcuid achainí go n-aistreofaí iad go príosún Ard Mhacha. “Smuggling anything out of prison is a punishable offence as I am sure you will be aware, the reason we are reduced to breaking the rules is because we both feel desperate and are at the end of our endurance,” a scríobhadh.

Chuir Rúnaí Príobháideach an Taoisigh meamram faoi rún chuig a chomhleacaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ag lorg treorach faoi cad é ba cheart a dhéanamh faoin litir. “It is the opinion of this Department that it would be inappropriate for any reply to issue to this correspondence,” an freagra a fuair sé ó Peter Smyth, Rúnaí Príobháideach an Aire Gnóthaí Eachtracha. Dúirt sé i litir eile nach mbeadh sé fóirsteanach freagra a thabhairt ar litir a smugleáileadh as príosún.

Mar sin féin, d’fhiosraigh Ambasáid na hÉireann i Londain cás na beirte le húdaráis na Breataine. Dúradh leo go raibh siad á gcoinneáil mar chimí Catagóir A de bharr thromchúis na gcionta. “They, together with other Category A women prisoners there, are more closely supervised but they are not restricted in their activities which they enjoy in full association with other inmates.”

Cathal Ó hEochaidh

Bhuaigh Clement Coughlan (FF) fothoghchán i nDún na nGall i 1980 agus thosaigh sé ag stocaireacht go dian ar son na beirte. In Eanáir, 1981, d’éirigh leis an bheirt dheirfiúr litir eile a fháil amach faoi choim. Ba chuig an Taoiseach úr, Cathal Ó hEochaidh a scríobh siad an iarraidh seo agus b’é an Teachta Coughlan a rinne é a sheachadadh chuig Oifig an Taoisigh. “For obvious reasons this is an important letter, smuggled out to the boss himself. Would you ask him to read it – please. It is genuine and if I do say so worthy of consideration. I think the boss and Brian Lenihan should be able to do something (even a little) for them. I am genuinely concerned and I hope the boss will agree to read the letter,” a scríobh an Teachta Coughlan ar an 11 Eanáir, 1981.

Ins an litir, rinne Ann Gillespie cur síos ar a gcuid iarrachtaí parúil. Dúirt sí gur tugadh le fios dóibh go neamhoifigiúil go mbeadh parúl faighte acu roimhe sin dá mba rud é gur ciontaíodh iad as coireanna nach raibh polaitiúil. Dúirt sí go raibh na coinníollacha sa sciathán uasmhéid slándála ag cur as dá sláinte agus dá n-intinn: “The only answer they have is tranquillisers, something which we are constantly fighting against taking but have to take from time to time to maintain a level of stability which enables us to serve our sentence and remain sane...Our reasons for writing this letter is that we are so desperate that although we only have two and a half years left to serve we feel that mentally we will not make it and feel frightened for the future. We hope that you won’t think us impertinent and presumptious in appealing to you to intervene if possible on our behalf. All we want is a chance to return to Bunbeg and start our lives again. The best years of our lives are already lost and we appeal to you to help us get back home to Donegal.”

Thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha le fios don Taoiseach, áfach, nár mheas siad go mbeadh sé fóirsteanach uiríll a dhéanamh chuig údarás na Breataine ag lorg parúil ar a son: “As they understand it the granting of parole is a matter for the parole board which operates at the prison and any representations from here might well be counterproductive.” Scríobh an Roinn Gnóthaí Eachtracha chuig na húdaráis, áfach, ag lorg soiléiriú faoi shláinte na beirte. Thug a ndeartháir Ownie le fios don Teachta Coughlan go raibh sé buartha faoin anró intinne a bhí orthu agus go mbeidís ‘marked for life.’ Scríobh an Teachta Coughlan chuig an Home Office ar an 9 Feabhra, 1981 ag impí ar Phríomh-Aire na Breataine, Margaret Thatcher, iad a scaoileadh saor go luath.

Is beag sásamh a tugadh dó sa fhreagra a fuair sé ó Rúnaí Príobháideach na Breataine, A.P. Jackson ar an 6 Aibreán, 1981. “The Parole Board considered their cases in March but the Board did not recommend parole, and in these circumstances, a Home Secretary has no power to grant it. The Home Secretary is satisfied that the cases received careful attention and all the relevant papers, as well as a copy of your letter, were taken into account.” Dúirt sé fosta nach mbeadh an Rúnaí Baile toilteanach an ‘Royal Prerogative of Mercy’ a úsáid le hiad a scaoileadh saor sula mbeadh a dtréimhse curtha isteach acu siocair nár mheas sé go raibh sláinte na beirte i mbaol: “In the circumstances there appear to be no grounds on which the Home Secretary would be justified in considering any interference with the sentences imposed on the sisters.” Thug sé le fios fosta nach gcoinnítear príosúnaigh i gCatagóir A níos faide ná mar atá riachtanach.

Theip ar achainí parúil na beirte don tríú huair i mí Márta, 1981. Scríobh Ann Gillespie chuig an Teachta Coughlan i mí Bealtaine ag cur a díomá in iúl, ach ní raibh aon ghá an litir a smuigleáil amach an iarraidh seo. Ag eascairt as sin, rinne Coughlan achainí pearsanta chuig an Taoiseach (ar an 12 Bealtaine, 1981) ag impí air idirbheartaíocht a dhéanamh ar a son: “I would love to secure some little concession for these girls and I ask you to write to the Home Secretary on their behalf. I know it’s a ‘sticky’ problem right at the minute but even so I genuinely feel that if they were in any other prison in the world they would have been decatagorised long ago.”

Ar an 3 Meitheamh 1981, scríobh feidhmeanach de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha chuig Ambasáid na hÉireann sa Bhreatain ag iarraidh orthu soiléiriú ‘neamhfhoirmeálta’ a fháil ó húdaráis na Breataine faoi stádas achainí parúil Ann agus Eileen Gillespie. Ní bhfuair an Ambasáid aon fhreagra ó na húdaráis chuí an bhliain sin.

Ba ag an staid sin a druideadh an comhad áirithe seo. Scaoileadh Ann agus Eileen Gillespie saor as an phríosún i Lúnasa na bliana 1983, tar éis dóibh naoi mbliana go leith a chaitheamh i gcarcair. Sé mhí roimhe sin, cháin polaiteoirí ó go leor páirtithe éagsúla cinneadh údaráis na Breataine gan cead a thabhairt daofa freastal ar thórramh a n-athar, Ownie a’ Ghabha, ar an Bhun Beag.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.