113
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Roinnt blianta ó shin bhí Telegael, an comhlacht léiriúcháin teilifíse atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara, i dtrioblóid agus ag ligint daoine chun siúil. Anois, áfach, agus Gradam Emmy díreach buaite acu, tá todhchaí i bhfad níos fearr i ndán don chomhlacht. Labhair Uinsionn Mac Dubhghaill le bunaitheoir Telegael, Pól Ó Cuimín, faoin gcor nua seo i scéal an chomhlachta.
»»»Ceapadh Maebh Ní Fhallúin, bean óg as Cill Dara, mar bhainisteoir ar Raidió na Life i mí Mheán Fómhair. Labhair sí le Cóilín Ó Floinn faoina saol roimhe sin agus faoin mhéid ba mhaith léi a bhaint amach sa stáisiún sna blianta atá romhainn.
»»»Is dealbhóir é Séigheann Ó Draoi atá ag cur faoi i nGaoth Dobhair agus a úsáideann an stair, an fhinscéalaíocht agus na logainmneacha mar inspioráid. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.
»»»Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte sa chaoi is nach mbeimid ag brath ar chórais na Stát Aontaithe, dar le Diarmuid Mac Mathúna.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Mícheál Ó Ceallaigh ar Thír an Fhia, Conamara.
»»»Níl aon toradh ar na milliúin a thug an rialtas do lucht na hUltaise ó thuaidh. Tá an tacaíocht airgid gan bhunús réadúil, dar le Robert McMillen, agus tá teipthe go tubaisteach ar iarrachtaí an teanga a chur chun cinn.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag an gCumann Lúthchleas Gael an córas atá acu maidir le comórtais a athrú ó bhonn.
»»»Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.
»»»Mheabhraigh scéal tacsaí Hampden eachtraí a bhain dó féin do Sheosamh Ó Riain. An féidir eachtraí mar é a mhíniú san am a bhfuil borradh faoin nGaelscolaíocht agus ‘bá leis an nGaeilge’ go forleathan?
»»»Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag dearcadh san alt seo ar chlaonadh an Aba .i. leithcheal Phríomh-Aire na hAstráile ar mhná na polaitíochta sa domhan theas.
»»»Measann Breandán Delap go bhfuil an rófhorbairt ag scrios áilleacht na tíre.
»»»Tá Roseanne Smith ag tógáil ceann do Pinterest atá ar an bhfód le tamall gairid, suíomh atá bunaithe ar shainspéiseanna níos mó ná ar aon ní eile.
»»»Tharraing naomh áirithe aird agus méarchlár Kate Fennell amuigh sa Tuirc. Cé eile atá ann ach an naomh de bhunadh na Gréige a d’fhág oidhreacht Dhaidí na Nollag againn, San Nioclás é féin.
»»»Mórshiúl i ndiaidh mórshiúil, níorbh é a d’iarr Balor riamh, ach bíonn siad ann ina dhiaidh sin, agus ní féidir iad a stad óir ní chóir ‘an oidhreacht’ a stad.
»»»Tá an Ghaeilge á labhairt agus á múineadh i gcathracha móra na hAstráile na laethanta seo agus, mar a mhíníonn Marc Ó Conaill, tá tuiscint níos fearr sa tír anois ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht ó thaobh teangacha agus cultúr de.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.