AR NA SAOLTA SEO
Fáilte Dheiridh an Titanic
Caitríona Ní Chonchúir Caitríona Ní Chonchúir Caitríona Ní Chonchúir

cuntas ag Caitríona Ní Chonchúir ar an ngaol ar leith atá ag Halifax le hÉirinn, tharla gur cuireadh líon mór Éireannach faoin bhfód ann céad bliain is an t-am seo agus gur cuireadh líon nach beag díobh amuigh ar an bhfarraige freisin.

Is minic a rinne mé gáire agus mé ag éisteacht le Des Bishop ag spochadh as na hÉireannaigh agus an dúil aisteach, mar a thagraíonn sé di, atá acu i reiligí sna Stáit Aontaithe. Bheinn féin anois i mo chúis mhagaidh dó áfach tar éis dom na reiligí i gCeanada a chuardach le déanaí. Tá nasc ar leith ag cathair Halifax, Ceanada, leis an taobh eile den Atlantach, nasc nach bhfuil chomh mór i mbéal phobail an domhain áfach, mar gur cuid de scéal iarbháis an Titanic é. Is scéal leanúnach é seo nár tháinig chun solais i gceart go fóill, bliain chomórtha na tubaiste féin. Tá oidhreacht an Titanic fite fuaite anois in oidhreacht Halifax mar is ann a cuireadh an líon is mó de choirp íospháirtithe soithí na mícháile a d’imigh go tóin poill céad bliain ó shin. Tarrtháil na gcorp a bhí mar phríomhchúram ag muintir Halifax, muintir na cathrach seo a chuir an fháilte dheireanach roimh phaisnéirí na loinge. Fáiltíodh roimh a lán acu áfach, idir óg is aosta, fuar marbh. Tá trí reilig Titanic i Halifax anois, reilig Fairview Lawn, reilig Baron de Hirsh agus reilig Mount Olivet, agus feictear sloinnte Gael go sonrach i measc na leac ann.

Long an Bháis

‘The Death Ship Will Arrive At Noon’, ceannteideal nuachtán na cathrach, maidin 30 Aibreán 1912, cúig lá déag tar éis na tubaiste. Bhí an chathair dá hullmhú féin an mhaidin sin d’fhilleadh an bháid ‘Mackay-Bennett’, an chéad long a d’imigh go láthair an Titanic le híobartaigh a aimsiú ó uiscí reoite an Atlantaigh. D’aimsigh na báid Mackay-Bennett, Minius agus Montgomery, a d’imigh amach as cuan Halifax, 328 corp ar an iomlán tar éis na tubaiste. Cuireadh cuid de na coirp san fharraige féin agus tógadh 209 corp go Halifax.

Chruthaigh John Henry Barnsted, fear cathrach Halifax, córas cuimsitheach le híobartaigh an Titanic a aithint, an chéad chóras domhanda dá leithéid. Cuireadh uimhir ar gach corp agus cláraíodh aon rud suntasach faoi na híobartaigh a chabhródh le gaolta iad a haithint, dá dtiocfaidís dá lorg níos déanaí. Bhailigh daichead adhlacóirí i Halifax chun na coirp a thabhairt chun na cathrach. Tháinig an t-adhlacóir Annie O Neill ó chathair Saint John, New Brunswick, le freastal ar choirp na mban agus na bpáistí.

Ach leanann an scéal seo ar aghaidh, agus tá cúpla scéal san eachtra ar fad, ar scéalta dóchais iad. Scéal ar leith ná tarrtháil chorp páiste ag foireann na loinge tarrthála ‘Mackay-Bennett’. Ar dtús cuireadh corp an pháiste seo i reilig Fairview in uaigh anaithnid ach ó shin i leith fuarthas amach gur bhall de theaghlach Sualainneach é. Tá sé curtha sa reilig chéanna anois lena mhuintir de thoradh an chórais fheidhmiúil leanúnaigh ó shin. Chuaigh an eachtra sin chomh mór sin i bhfeidhm ar fhoireann na loinge Mackay-Bennett, gur chabhraigh siad le costas na leice don ghasúr. Tá réimse mór de dhaoine a fuair bás ar bord na loinge curtha sna reiligí céanna, ó cheoltóir veidhlín de bhanna ceoil an Titanic darbh ainm Hume, go rúnaí uachtarán an chomhlachta, White Star Line. Le linn mo chuairte chun na reilige i Fairview, cuireadh bláth agus bréagán de veidhlín beag ag uaigh an cheoltóra. Maireann na híobartaigh seo i gcroí na cathrach i gcónaí.

Nasc an Dá Thír

Scéalta do-inste iad scéalta an Titanic do mhuintir Halifax a raibh baint dhíreach acu le himeachtaí na seachtainí tar éis na tubaiste, ach is léir chomh maith gur cothaíodh naisc dhearfacha idir Halifax agus Éirinn ó shin i leith. In Ollscoil Saint Marys i lár na cathrach, bunaíodh scéim do mhic léinn ollscoile ar mhaith leo tabhairt faoi réiteach coimhlinte, scéim a ligeann dóibh taisteal go Béal Feirste agus obair a dhéanamh le haos óg Náisiúnach agus Aontachtach gach bliain. Ar Lá Fhéile Pádraig rinneadh céiliuradh iomlán Éireannach le bricfeasta Éireannach ón a sé ar maidin i bpubanna ar fud an cheantair, chomh maith le mórshiúl suntasach a d’eagraigh An Cumann Éireannach i Halifax. Tá bunús Éireannach leis an gcomhlacht criostail ‘Nova Scotia Crystal’ atá lonnaithe i Halifax chomh maith agus tá a cháil ag méadú i gcónai trasna Ceanada. Is gné aitheanta í a bheith i d’Éireannach i Halifax.

Tá cathair Halifax dá hullmhú féin na laethanta seo do chomóradh an Titanic. Osclaíodh doirse na hiarsmalainne Titanic ‘The Maritime Museum of The Atlantic’ i Halifax, iarsmalann a mhaíonn an taispeántas is mó d’iarsmaí adhmaid ón soitheach cáiliúil. Chomh maith leis sin, ar an 12ú de mhí Aibreáin, in ómos na tubaiste, cuirfear tús le biaiste na mbád cúrsála a stopann ag cuan na cathrach i rith na bliana. Tá cuan agus cathair Halifax ag súil le méadú i dtaobh líon na bpaisinéirí i mbliana de bharr nasc na cathrach leis an Titanic.

Is léir i gcónaí go bhfuil an nasc idir Éirinn agus Ceanada ag dul i méid de réir a chéile agus go bhfuil scéal an Titanic anois mar scéal na nÉireannach i Halifax. Seans go bhfuil sé in am do na hÉireannaigh ‘fáiltiúla’ anois aitheantas a thabhairt don dea-obair seo a rinneadh céad bliain ó shin gan cheist, gan ghearán agus cinnte gan aon gháire. Ainneoin easpa dóchais na heachtra féin áfach, fágann scéal an Titanic i Halifax oidhreacht Éireannach ina dhiaidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.