Tá go leor daoine den tuairim nach bhfuil plean Rialtas na hAstráile don Mhórsceir Bhacainneach cuimsitheach go leor, ach is céim chun cinn é mar sin féin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
Ní fhéadfaí a chur i leith Rialtas na hAstráile gur dlúthchara don chomhshaol é, mar atá léirithe aige san idirbheartaíocht faoi Phrótacal Kiótó agus ón diúltú atá tugtha aige don chonradh sin ó 1997. Ina ainneoin sin, bhí dea-scéala faoi chúrsaí timpeallachta ón rialtas ag tús mhí na Nollag. Chuir an rialtas plean caomhnaithe os comhair na parlaiminte a mhéadódh an céatadán den Mhórsceir Bhacainneach a mbeadh cosc iomlán ar iascaireacht ann ó 4.5% go 33%. Tá chuile chosúlacht ann go gcuirfear an plean seo i bhfeidhm taobh istigh de shé mhí mar go n-aontaíonn an freasúra (an Lucht Oibre agus na Australian Democrats) leis.
Is ceann d’iontais na cruinne í an Mhórsceir Bhacainneach. Tosaíonn sí taobh thoir thuaidh de Cape York in oirthuaisceart na hAstráile agus síneann sí 2,000 ciliméadar ó dheas le cósta Queensland. Tá tuairim is 23,000 ciliméadar cearnach ann ar fad. I ndáiríre ní sceir choiréil amháin atá ann ach na mílte acu, ar a laghad 3,000. Ina measc tá 600 oileán. Deirtear go bhfuil chuile dhath a d’fhéadfadh a bheith ann ar an uisce ina timpeall, turcaid anseo, gormghlas ansiúd agus in áiteacha eile é chomh gorm leis an bplúirín. Tá éagsúlacht éan, éisc agus ainmhithe ann nach bhfuil le fáil ach i gcorr-áit ar domhan. Meastar go bhfuil 200 saghas éin agus 5,500 saghas éisc ann agus níl a bhformhór sin le fáil in aon áit eile.
Turasóirí agus iascairí is mó a bhaineann leas as an sceir seo agus tá faitíos ar dhaoine anois go bhfuil iascairí ag déanamh dochair don éiceachóras leochaileach. Chomh maith leo sin, tá rudaí sa nádúr a dhéanann dochar di ó am go chéile. Go dtí seo is í crosóg na corónach deilgne is mó is cúis leis sin ó na seascaidí i leith, cé gur cosúil go bhfuil sí sin faoi smacht i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá imní ar lucht taighde faoin ngealadh atá ag tarlú le tamall de bhlianta. Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda nó ag El Niño leis sin.
Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis nuair a chuirfear an plean seo i bhfeidhm. Beidh fíneáil throm, chomh hard le $1,000,000 (€600,000), i gcás daoine nó comhlachtaí a sháróidh an plean. Tá na hiascairí ag rá go mbeidh cúiteamh, traenáil agus scéim fostaíochta ag teastáil do dhaoine a chaillfidh a gcuid postanna agus tá an rialtas ag dul i gcomhairle leo faoi láthair faoi na ceisteanna sin.
Níl lucht timpeallachta ar fad sásta leis an scéal. Deir cuid acu gur chóir ar a laghad 50% den sceir a chosaint ar an gcaoi seo. Ach glactar leis i gcoitinne gur céim mhór chun cinn atá sa bplean seo, fiú dá bhféadfaí feabhas a chur air. D’fhéadfaí a rá gur bronntanas breá Nollag atá ann don dúlra in oirthuaisceart na tíre.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.