109
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tógadh Anthony Cole i mBéal Feirste agus i Muineachán, ach tá sé ag baint faoi na laethanta seo i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Labhair sé le Tom Deignan faoina shaol ansin agus faoina chuid oibre mar fhear dóiteáin leis an Fire Department of New York (FDNY).
»»»Chas Orla Ní Threasaigh, mac léinn cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, leis an Dr. Daniel Bourgeois saineolaí ar theangacha mionlaithe, sa Spidéal le déanaí tar éis dó léacht phoiblí a thabhairt ar “Stiúradh na scoileanna lán-gaeilge: Dúshláin & Riachtanais”.
»»»Tá sé tugtha faoi deara ag Alan Desmond, atá ag cur faoi sa Pholainn, gur minic a dhéanann muintir na tíre tagairt d’éagóracha a rinneadh orthu san aois seo caite.
»»»Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain. Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
»»»Beidh slad ar chearta an duine agus ar chóipcheart ar siúl, tharla gur cuma le gach éinne, Google agus YouTube san áireamh, an duine, nó an leabhar, a cheapfar le ceamara feasta. Measann Roseanne Smith gur chailleamar fuinneamh agus díograis na n-éan cuideáin, nó na Outliers.
»»»Taisí naoimh ina gcnámh spairne, rud ab annamh dar leat? Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal chnámh Naomh Peadar sa Róimh.
»»»Léargas é an dráma “A Cold House” ar an dóigh a bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag daoine ón dá phobal sna Sé Chontae tuiscint níos fearr a fháil ar a chéile, dar le Robert McMillen.
»»»Tá an saol ag athrú agus ní hiontas go bhfuil dearadh na teicneolaíochta ag tolgadh ar aghaidh go sciobtha. Cuid dár mhol Roseanne Smith anuraidh, scoitheadh idir an dá linn é.
»»»Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath. Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.
»»»Tugann na meáin in Éirinn neamhaird ar leabhair nua Ghaeilge de ghnáth ach tá an comhlacht Gaelchultúr chun tús a chur le comórtas ar a shuíomh nua, ClubLeabhar.com, chun dul i ngleic leis an fhadhb seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cén dóigh ar féidir le daoine páirt a ghlacadh sa chomórtas.
»»»Taispeánann spárálaí scáileáin na míosa seo grianghraif de Mhachaire Rabhartaigh, Tír Chonaill.
»»»D’fhreastail Robert McMillen ar léacht a thug an staraí John Gray ar na mallaibh agus is léir dó, go fiú má d’athraigh an saol féin ón bhun aníos idir an dá linn, nár athraigh scéal géarchéimeanna geilleagair ina mbunghnéithe ó Bhoilgeog na Mara Theas sa bhliain 1720 go dtí an lá inniu.
»»»Tá ceangal le fada ag an Derry Club, eagraíocht dhílseach i Learpholl, leis an Ulster Volunteer Force (UVF), ceangal a dtugann na meáin agus na polaiteoirí neamhaird air, dar le Tony Birtill.
»»»Ní bheadh a fhios ag duine cén tír aineoil i bhfad i gcéin as a dtáinig duine éicint de do shinsear. Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar Robert McMillen.
»»»Is guth aonair an Pháirtí Shóisialaigh i nDáil Éireann é Joe Higgins. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an pholaiteoir seo a bhfuil cáil air mar dhuine neamhspleách atá sásta an fód a sheasamh go daingean don lucht oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.