TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Féile na nGael i Milwaukee
Liam Ó Cuinneagáin Liam Ó Cuinneagáin Liam Ó Cuinneagáin

Chaith Liam Ó Cuinneagáin cúpla lá an-phléisiúrtha ag Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá i lár mhí Lúnasa. Mar a mhíníonn sé anseo, tá níos mó béime á cur ar an Ghaeilge san fhéile sin anois ná mar a bhí riamh.

Íomhá
An grúpa ceoil Navan as Madison, Wisconsin.
Íomhá
Ray Mac Mánais, Máire Ní Chochláin, TD, Jane Anderson, Stiúrthóir Fhéile Milwaukee.
Íomhá
Ray Mac Mánais, Mary June Hanrahan, John Gleeson agus Liam Ó Cuinneagáin.

Nuair a cuireadh tús le Irish Fest Milwaukee, bliain is fiche ó shin, tá mé cinnte nár shamhlaigh a lucht eagraithe go mbeadh oiread daoine ag tarraingt air - níos mó ná 130,000 duine a d’fhreastail air i mbliana. Tá páirc na féile suite cois locha, taobh le Loch Michigan, agus tá an suíomh sin breis is deich n-uaire níos mó ná Páirc an Chrócaigh. Déanann an fhéile freastal ar gach riachtanas ceoil, ón roc Ceilteach go sean-nós, agus ar gach aoisghrúpa, idir óg agus sean.

Tá ceantar cultúrtha ar leith ar pháirc na féile a thugann deis do ghrúpaí as Éirinn taispeántais cheardaíochta, ghinealeolaíochta agus drámaíochta a chur ar siúl. Tá forbairt ar leith déanta ar an phuball Gaeltachta ansin le seacht mbliana anuas agus tá sé anois aitheanta mar an áit a dtagann na céadta le chéile don chomhrá, don cheol, don amhránaíocht agus don chraic i rith an deireadh seachtaine.

Bhí rannpháirtíocht na Gaeltachta ina fhís ag John Gleeson (as Inse Cóir i mBaile Átha Cliath) agus a chomhleacaithe ar choiste na féile blianta ó shin agus tá an ghné seo den fhéile faoi bhláth anois. Bíonn clár imeachtaí eagraithe don phuball Gaeltachta gach uile lá agus bhí sé spleodrach spraíúil i mbliana, le haíonna, ceoltóirí agus taispeántais.

Bhí Mattie Joe Shéamais Mac Donnchadha mar fhear an tí agus chuir sé i láthair Séamus Ó Flanagáin, ceoltóir as Baile Bhúirne; Seosamh Mac Muirí as Sligeach, a bhí i mbun sloinnte agus logainmneacha; Navan, grúpa ceoil Gaeilge as Madison; seó beo buaiteoirí an Oireachtais le Fearghas Mac Lochlainn; Éamonn Ó Donnchadha; Ray Mac Mánais agus Celia Ní Fhatharta.

Bhí amhránaithe den scoth ansin: Brigid Fitzgerald, Áine Ní Mhineacháin, Seán Ó hÉanaigh agus Melanie O’Reilly.

I spás taispeántais an phubaill, bhí Maidhc P. Ó Conaola i láthair ar son Ghaelsaoire, Áine Seoighe agus Cáitlín Ní Chonghaile mar ionadaithe Fhoras na Gaeilge, Gráinne Ní Chonchúir ar son an chomhlachta Fios Feasa agus baill de Chonradh na Gaeilge (Craobh Curtin, Milwaukee) ag díol leabhar agus ag poibliú imeachtaí teanga na bliana.

Spreagadh

Bhí suas le 3,000 duine mar lucht éisteachta ag gach ardán ceoil agus suas le sé cinn acu seo ar siúl ag aon am amháin. Bhí sé mar spreagadh mór do lucht na Gaeilge gur ceoltóirí as Éirinn a raibh Gaeilge ag an chuid ba mhó acu a bhí mar phríomhaíonna ansin i mbliana. I lár na craice, bhí Paul McGrattan, Breandán Ó Beaglaoich agus Pól Ó Seachnasaigh ón ghrúpa Beginish. Bhí Danú, grúpa a bhfuil ceangal aige le Gaeltacht na Rinne, ag casadh ceoil do lucht éisteachta dílis agus Robbie Hannon agus Paddy Glackin ag seinm ó dhubh go geal.

Seo ócáid bhliantúil ar féidir le lucht na Gaeilge as Siceágó (uair go leith ó dheas ó Milwaukee), St Paul-Minneapolis, Ohio, Indiana, Wisconsin agus fiú Kentucky a theacht le chéile. Casann siad ar a muintir as Tír Chonaill, Ciarraí agus Conamara agus bíonn deis acu labhairt le daoine le Gaeilge líofa, daoine go minic a rugadh agus a tógadh i Meiriceá nach bhfuil aon cheangal acu le hÉirinn, ach amháin go labhraíonn siad an Ghaeilge go binn blasta.

Sampla maith den chineál seo duine é Dan Kowinski a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge ar an Cheathrú Rua. Thabharfá mionn an leabhair gur as Ros Muc nó Carna an duine céanna agus é ag seanchas le Mattie Joe Shéamais agus Máirtín Jamsie, atá ag caitheamh seal i Siceágo ar a suaimhneas.

Tá rialtas na hÉireann ag tabhairt aird ar leith ar an ócáid le tamall anuas agus bíonn ionadaí polaitiúil acu ansin gach bliain. Ba í Máire Ní Chochláin, Aire Stáit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a bhí mar thoscaire i mbliana. Ghlac sí páirt sna himeachtaí uilig agus ba í an t-aon aoi a thug óráid i nGaeilge ar an phríomhstáitse ag tús na féile. In éineacht léi bhí a fear céile David chomh maith le Pádraig Stanlaí, a rúnaí príobháideach, agus Eoin Ó Conaill, feidhmeannach sinsearach de chuid na Roinne.

Dá ndruidfeá do shúile agus tú i do shuí sa phuball Gaeltachta, shílfeá go cinnte gur ag Oireachtas na Gaeilge a bhí tú - ach amháin go raibh an ghrian ag spalpadh anuas!

Gura fada buan Féile Milwaukee.

Tá eolas breise le fáil faoin Milwaukee Irish Fest ag www.irishfest.com

Is as Gleann Cholm Cille i nDún na nGall é Liam Ó Cuinneagáin. Is é Stiúrthóir an chomhlachta Oideas Gael agus foilsitheoir agus bunaitheoir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.