118
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh sna Stáit Aontaithe faoiseamh a fháil ón ealaín tar éis uafáis an 11 Meán Fómhair.
»»»Áisiúlacht agus daonlathú na teicneolaíochta trí acra cliste a úsáid in áit an tseanleabhair nóta, abair, sin é a tharraing aird Roseanne Smith an mhí seo. Beidh ré an leabhair nóta ag téaltú leis feasta. Sluafhoinsiú a bhí ar bonn ag Roseanne a spreag an macnamh ar Things don Apple agus Remember the Milk.
»»»“Antaine,” a deir sé, “tá scéala agam duit. Ní chreidfidh tú é. Tá Ceol le dúnadh!” “Huh? Tá tú ag magadh!” “Nílim. Tá sé le dúnadh - ag deireadh na bliana, sílim.”
»»»Is ceoltóir í Helen Lyons a d’oibrigh go dian ag seachadadh nuachtán ó dhoras go doras chun íoc as an gcíos ar chláirseach, go dtí gur scanraigh mada na gcomharsan í! In aois 22 bhliain tá an bhean óg seo anois ag múineadh ceoil do pháistí Bhaile Átha Cliath agus, ag an am céanna, ag lorg feirmeora le pósadh! Labhair Antaine Ó Faracháin léi.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar shráidbhaile i nGarbhchríocha na hAlban ina bhfuil na Caitlicigh agus na Protastúnaigh ag tarraingt go maith le chéile leis na céadta bliain.
»»»Measann Christoph Wendler go bhfuil ciníochas an-chaolchúiseach le fáil na laethanta seo – sna meáin chumarsáide, mar shampla.
»»»Is duine é Julian de Spáinn a bhfuil cáil nach beag bainte amach aige mar fhear cúise. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-01 agus d’éirigh leis branda Sheachtain na Gaeilge a threisiú go mór le linn dó a bheith ina bhainisteoir ar an bhféile. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2006. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid mar gheall ar pholaitíocht na Gaeilge agus mar gheall ar a fhís i leith na teanga.
»»»Tá Roseanne Smith i ndiaidh tosaigh ar an iPiggyBank a líonadh le teacht ar iPad di féin amach anseo.
»»»Míníonn Alan Desmond san alt seo gur gnó ollmhór é an gháinneáil daoine gur deacair dul i ngleic leis. Bíonn diachair mhillteanach ag baint leis an gcineál sclábhaíochta seo, faraor.
»»»Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Measann Emer Ní Bhrádaigh go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus leis an deacracht atá ann de bharr líon na ndaltaí Ardteistiméireachta a bheith ag titim.
»»»Phill Ciara Nic Gabhann ar a cathair dhúchais, Doire, fechain Locha Febhuil find, con a ealaibh as aibhind, anuraidh le blaiseadh den lón mór ealaíne a bhí ag titim amach ann. Níor thuras in aisce é.
»»»Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Liam Guidry, Daltaí na Gaeilge (Na Stáit Aontaithe).
»»»Tá Pádraig Mac Éamoinn den tuairim go bhfuil go leor le foghlaim ag Éirinn agus ag tíortha eile ón tSualainn maidir leis an fhuinneamh in-athnuaite.
»»»Tá baill áirithe d’Fhianna Fáil ag caint ar chomhoibriú níos fearr a chothú idir iad féin agus an SDLP. Fiafraíonn Robert McMillen an bhfuil sé seo ag tarlú de bharr go bhfuil Sinn Féin ag éirí níos láidre mar pháirtí.
»»»Chaith Tony Birtill cúpla uair an chloig ag freastal ar na marcaigh ina seomra gléasta ag Aintree le gairid agus fuair sé léargas ar chomh dian is atá a gcuid oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.