Bhí Protastúnaigh agus Caitlicigh araon ag ceiliúradh cultúr a chéile ag na [i]Proms[/i] a bhí ar siúl i mBéal Feirste le gairid. Dea-chomharthaí ab ea é, gan amhras, ach dar le Robert McMillen, níl an t-athmhuintearas céanna i gceist i ngach réimse de shaol an Tuaiscirt.
Is maith liom ceolchoirmeacha promanádacha nó na Proms mar is fearr aithne orthu. Bíonn an ceol spleodrach agus bíonn acmhainn grinn i gcónaí ag baint leo, rud atá annamh ó thaobh an cheoil chlasaicigh de. Tá cead ag na Sasanaigh mórtas cine a bheith acu, oiread le dream ar bith eile, fad is nach bhfuil an ciníochas fite fuaite ann.
Le cúpla bliain anuas, tá na Proms á gceiliúradh i mBéal Feirste agus, a bhuíochas don BBC, bíonn idir cheolfhoireann Uladh, cheoltóirí "n-oileáin seo" agus chraobhscaoileadh an finale, "Land of Hope and Glory" agus "Rule Britannia", le feiceáil ar scáileán ollmhór.
Bhí mé féin agus mo mhac ansin, áfach, le hAltan a fheiceáil. Yep, Altan ag na Proms taobh amuigh de Halla Chathair Bhéal Feirste! Bhí go leor daoine ansin a bhí gléasta in éadaí dearga, bána agus gorma de gach cineál, ach nuair a bhuail an grúpa Conallach an ríl spleodrach "Gweebarra Bridge", bhí bratacha an Union Jack á luascadh san aer le tréan áthais.
Agus i ndiaidh d’Altan an gníomh athmhuintearais áirithe sin a dhéanamh, bhí Cara O’Sullivan, soprán ó Chorcaigh na Reibiliúnach, ar an ardán agus í ag ceol "Jerusalem", amhrán atá ar maos i dtírghrá Sasanach. Bhí sé mar a bheadh aisling Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann fíoraithe!
Dúradh liom go raibh bratach na hÉireann le feiceáil ag na Proms i Londain agus i
Manchain, ach d’imigh an bheirt againne ó Halla na Cathrach píosa maith roimh "Rule Britannia". Tá prionsabail níos tábhachtaí ná dúil sa cheol!
"Wouldn’t it be great if it could be like this all the time?" mana Cheolfhoireann Thuaisceart Éireann via Van the Man an teachtaireacht a bhí á craobhscaoileadh, ach in áiteanna nár leag culture vulture cos riamh, ní raibh sé chomh cairdiúil sin.
Má tá bóthar fada siúlta ag bunadh na Sé Chontae, tá píosa fada le dul acu go fóill mar a léirigh comhairleoirí Aontachtacha Léim an Mhadaidh an tseachtain seo caite.
Éagóir mhillteanachChóir a bheith 25 bliain ó shin, rinne ministir Preispitéireach, an tOirmhinneach David Armstrong, éagóir mhillteanach: i 1983, chroith sé lámh shagairt Chaitlicigh aimsir na Nollag. Chuaigh sé trasna na sráide chuig teach pobail Shéipéal Chríost an Rí le beannachtaí na féile a ghuí ar an sagart áitiúil, an tAthair Kevin Mullan, agus ar a phobal.
Ní raibh a fhios aige ag an am go raibh an gníomh cairdiúil seo le halltacht a chur, chan amháin ar dhílseoirí, ach ar a phobal Preispitéireach féin. Níorbh fhada gur thosaigh an leatrom. Seoladh bagairtí báis chuige féin, bagraíodh ar a bhean
chéile agus ar a pháistí agus sa deireadh, bhí an oiread sin eagla air gurbh éigean dó Léim a Mhadaidh a fhágáil.
Le gairid, agus muid i "dTuaisceart Éireann Úr", moladh gur chóir do Chomhairle Léim an Mhadaidh saoirse an bhaile a bhronnadh ar an Oirmhinneach Armstrong – ach vótáil Aontachtaithe na Comhairle ina éadan.
Agus é ag caint le hiriseoir de chuid nuachtáin áitiúil i nDoire, dúirt David Armstrong go raibh an baile chomh biogóideach is a bhí sé riamh. “Bhíothas le cluichí Gaelacha a theagasc i Scoil Ghramadaí Léim an Mhadaidh, ach cuireadh go tréan in éadan," a dúirt sé. Plus ca change ...
Agus sin cúlra an aighnis in Stormont: tá Sinn Fein ag rá nach bhfuil an DUP sásta a bheith ag comhoibriú leo. Mura bhfuil Aontachtaithe sásta a admháil nach peaca marfach é lámh Chaitlicigh a chroitheadh, cén seans atá ann go ndéanfaidh siad comhobair fhiúntach le Sinn Féin?
Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson
comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.
Ach tá sé ráite ag an Chéad Aire gur mhaith leis cúraimí póilíneachta agus cirt a bheith aistrithe go Stormont – leid bheag gur féidir dul chun cinn a dhéanamh. Beidh Robinson agus McGuinness ag bualadh lena chéile le bealach chun cinn a oibriú amach an tseachtain seo, ach ní dócha go mbeidh cruinniú den Fheidhmeannas – an chéad cheann a bhí le bheith ar siúl ó bhí mí an Mheithimh ann – ag dul ar aghaidh Déardaoin.
San idirlinn, cuardóidh mé cóip d’Altan ag seinm "Land of Hope and Glory" agus cóip de "The Ballygobackwards Orange Band’s Homage to Planxty"!
Ni rialaionn an Bhreatain na tonnta níos mo ...
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.