Ceapadh Tim Collins, seinnteoir consairtín den chéad scoth, le déanaí mar Scoláire Fulbright, rud a chiallaíonn go mbeidh sé ag tabhairt aghaidhe ar Nua-Eabhrac go luath le tosú ag léachtóireacht ar cheol dúchasach na hÉireann ansin. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin scoláireacht spéisiúil seo.
Antaine Ó Faracháin: A Thaidhg, inis dom i dtosach céard atá i gceist leis an scoláireacht Fulbright seo a fuair tú.
Tim Collins: Scoláireacht tríú leibhéal atá ann is féidir a fháil ó ollscoileanna. Tugann sí seans duit léachtóireacht a dhéanamh agus taighde a dhéanamh ag an am céanna. Baineann sí le gach saghas ábhair ach beidh mise ag obair ar an gceol traidisiúnta.
AÓF: Cén áit ar chuala tú fúithi?
TC: Tá eolas fúithi ar fáil i ngach ollscoil in Éirinn agus tá an fhoirm iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin Fulbright. Chuala mé ó chara liom go raibh a leithéid ar fáil in Ollscoil Nua-Eabhrac agus bhí spéis agam dul ansin le leanúint ar aghaidh le mo chuid taighde féin. Bhí orm a mhíniú cén fáth gur bhain sé le mo chuid taighde dul ann agus moladh a chur isteach faoi sin.
AÓF: Beidh tú ag léachtóireacht thall i Nua-Eabhrac. Céard faoi a bheas tú ag caint, nó an bhfuil tuairim agat faoin cén saghas ábhair a chlúdóidh tú?
TC: Beidh mé ag obair i Roinn an Léinn Éireannaigh agus beidh mé ag caint faoi stair an cheoil thraidisiúnta ó 1850 go 2000. Beidh mé ag féachaint go speisialta ar na tionchair shóisialta agus chultúrtha ar an gceol traidisiúnta sa tréimhse seo, ag tosú le toradh an Ghorta Mhóir agus ag críochnú le Riverdance agus an Tíogar Ceilteach!
AÓF: Beidh staidéar agus taighde le déanamh agat féin ann freisin, nach mbeidh? Cén treo ina mbeidh do chuid staidéir féin ag dul?
TC: Nuair a rinne mé Máistreacht in Ollscoil Luimnigh rinne mé staidéar ar cheol oirthear na Gaillimhe, go speisialta ar cheol Bhanna Céilí Eachroime. Anois, teastaíonn uaim féachaint ar cheol na n-imirceach ón gceantar céanna, daoine mar Michael Rafferty, Muintir Coen, Joe Cooley agus Joe Burke, ceoltóirí ó oirthear na Gaillimhe a chaith tréimhsí i Nua-Eabhrac tráth den tsaol.
AÓF: Tá staidéar déanta agat ar cheol oirthear na Gaillimhe cheana féin, a deir tú. An ag cur leis an méid sin a bheas tú, nó an bhfuil i gceist agat dul treo eile?
TC: Tá mé chun é a leathnú amach beagán an uair seo agus cuid d’oirthear an Chláir a thógáil isteach anois. Tá cuid de Chontae an Chláir i gceantar Shliabh Eachtaí freisin.
AÓF: Is iontach an deis í. Caithfidh go bhfuil tú an-sásta leat féin. An bhfuil tú ag súil go mór leis?
TC: Is iontach an deis í ceart go leor. Chaith mé tréimhsí gairide i Nua-Eabhrac cheana féin le Banna Céilí Chill Fhionnúrach agus thaitin an chathair go mór liom. Tá mé ag súil go mór leis an obair agus le bheith i mo chónaí i gcathair chomh mór agus chomh bríomhar, spéisiúil sin.
AÓF: Céard í an tréimhse ina mbeidh tú ansin?
TC: Beidh mé ann ó Eanáir 2007 go Meitheamh 2007 (an dara seimeastar, mar a déarfá).
AÓF: An bhfuil tú chun cuairt a thabhairt ar an áit roimh ré le socrú isteach ann?
TC: Beidh mé ag caitheamh coicíse ann i Meán Fómhair 2006 chun labhairt leis an Dochtúir Mick Maloney faoin obair a bheas romham ann agus chun dul i dtaithí ar an ollscoil ann.
AÓF: Tá i gceist agat labhairt le roinnt ceoltóirí ann mar chuid de do chuid staidéir. Cé hiad na ceoltóirí go bhfuil tú ag súil le bualadh leo ann?
TC: Luaigh mé cuid acu cheana féin ach tá súil agam labhairt le Martin Hayes, Dana Lynn agus roinnt eile freisin, má bhíonn an t-am ann chuige.
AÓF: Is as iarthar Luimnigh duit ó thús, ach feicim gur bhog tú thar an teorainn go Contae an Chláir nuair a phós tú Claire Griffin, boscadóir álainn ón gcontae sin, agus go dtéann tú go dtí cluichí iománaíochta an Chláir anois fiú! An gceapann tú gurb i gContae an Chláir atá tobar nó foinse an cheoil den chonsairtín?
TC: Is fíor a rá go raibh cuid mhaith ceoltóirí ann ó Chontae an Chláir a bhí mar cheannródaithe ar an uirlis seo ceart go leor, daoine mar Mrs Crotty, Paddy Murphy, Tom Carey agus Noel Hill, mar shampla, agus go leor eile freisin.
AÓF: Tugaim féin faoi deara go bhfuil an consairtín ag scaipeadh ar fud na tíre le deich mbliana anuas. Cén fáth, an gceapann tú?
TC: Tá an ceart agat, a Antaine. Tá daoine ag múineadh an chonsairtín i ngach contae in Éirinn anois agus tá fáil níos éasca ar dhlúthdhioscaí de cheol an chonsairtín freisin. Sin é an fáth go bhfuil níos mó daoine ag cur spéise ann.
AÓF: Cén hiad na laochra ceoil atá agat féin ar an gconsairtín?
TC: Is breá liom Micheál Ó Raghallaigh agus Noel Hill ach, ar ndóigh, tá na céadta eile a thaitníonn liom freisin nach bhfuil chomh cáiliúil céanna.
AÓF: Luaigh muid dlúthdhioscaí ar ball beag. Tá albam déanta agat féin, Dancing on Silver. Cá bhfuil sin ar fáil?
TC: Tá sé ar fáil sna siopaí ceoil in Éirinn agus ag www.timcollins-concertina.com freisin.
AÓF: Bhuel, go raibh maith agat, a Thaidhg, as ucht labhairt liom agus go n-éirí leat thall i Nua-Eabhrac. Is iontach an deis í freisin do na scoláirí thall a bheas ag éisteacht leat ag roinnt do chuid saineolais leo. Tá an t-ádh leo go bhfuil do leithéid ag dul sall chucu!
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.