122
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cé nach bhfuil Darren Ó Rodaigh ach cúig bliana is fiche d’aois tá comhlacht teicneolaíochta bunaithe aige i mBaile Átha Cliath a bhfuil ag éirí thar cionn leis. Labhair Diarmaid Mac Mathúna leis faoina shaol agus faoina chuid oibre.
»»»D’éirigh le Frank Allen post a fháil leis an Bhanc Domhanda sna hochtóidí nuair a bhí sé fós an-óg. Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.
»»»Chas Robert McMillen le Conor O’Clery, ón Irish Times, agus labhair sé leis faoina dhírbheathaisnéis atá foilsithe ag Poolbeg. Chuaigh Conor siar ar bhóithrín na smaointe, ar a chuid oibre thar lear sa tSín, sa Rúis, sna Stáit Aontaithe agus i mórán áiteanna eile nach iad. Tá léamh sainiúil aige ar chuid dá bhfuil ag titim amach sa domhan mhór thart orainn ar na mallaibh
»»»Tá cuid fuinneog cáiliúil Harry Clarke i gcaife Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, a dúnadh ag deireadh mhí na Samhna, ina n-ábhar aighnis idir úinéirí an chaife agus úinéirí an fhoirgnimh, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Bhuail Catherine Foley isteach chun cainte le Pauline Nic Craith i Rinn Ua gCuanach, bean a bhí lonnaithe i mBéal Feirste agus a d’oibir mar altra ann i rith na mblianta ba mheasa a raibh an dortadh fola agus an scaoileadh luaidhe, rubair is plaistigh ina reacht.
»»»Is ceoltóir í Helen Lyons a d’oibrigh go dian ag seachadadh nuachtán ó dhoras go doras chun íoc as an gcíos ar chláirseach, go dtí gur scanraigh mada na gcomharsan í! In aois 22 bhliain tá an bhean óg seo anois ag múineadh ceoil do pháistí Bhaile Átha Cliath agus, ag an am céanna, ag lorg feirmeora le pósadh! Labhair Antaine Ó Faracháin léi.
»»»Tá albam úrnua dar teideal Rógaire Dubh curtha amach ag Lorcán Mac Mathúna. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an amhránaí óg ó Bhaile Átha Cliath faoin dlúthdhiosca, agus faoi na foinsí inspioráide atá aige.
»»»Bhí Conradh na Gaeilge gníomhach i Learpholl ag deireadh an ochtú haois déag agus thug lucht Gaeilge as Éirinn cuairt ar an chathair ó am go chéile, Pádraig Mac Piarais ina measc. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Is é is spéis le Ciarán Mac Aonghusa faoi láthair, eolaíocht agus rúndiamhaire an leanbáin, an duine úr inár measc agus an dóigh a rachaidh an saol i bhfeidhm air ón chéad tarraingt anála. Is tionscal le háireamh ag leithéid Alison Gopnik é agus ag dream daoine nach í, na leabhair is na cluichí a chur ar sheilf an tsiopa.
»»»Míníonn Áine Ní Lanagáin san alt seo an chontúirt atá ag bagairt ar cheann de fhorais na nGael i Sasana, .i. Ionad Chultúr na hÉireann i Hammersmith.
»»»Is gá reachtaíocht nua a thabhairt isteach nó an bunreacht a leasú chun iachall a chur ar údaráis áitiúla na tíre díriú ar fhadhb na ndaoine gan dídean, a deir Dónall Ó Maolfabhail.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Darren Ó Rodaigh, Gaelchultúr Teoranta, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath.
»»»Tugann Beo! cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Pádraig Standún ar Thuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo.
»»»Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le Barcelona, dar le Máire Ní Chuagáin, ach meallann an chathair ar ais go minic í mar sin féin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.