Is duine é Peter Quinn a bhfuil go leor éachtaí déanta aige ina shaol. Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ. Labhair sé go hoscailte le Caoimhe Ní Laighin faoina óige agus faoina shaol sa spórt, sna meáin chumarsáide agus sa ghnó.
Tá cáil ar Peter Quinn ar an dá thaobh den teorainn mar fhear ar féidir leis rudaí a chur i gcrích.
Tá baint ag Peter le saol poiblí an Tuaiscirt agus na Poblachta anois leis na blianta. Deirtear go minic gurb é Peter aghaidh phoiblí na ndeartháireacha Quinn – is é Seán Quinn (atá i bhfad níos príobháidí mar dhuine) an dara duine is saibhre in Éirinn, agus baint aige le táirgí cairéalaithe, árachas agus an tionscal fáilteachais, i measc rudaí eile. Tá ról lárnach ag Peter sa Quinn Group, an scáthchomhlacht a reáchtálann cúrsaí gnó a dhearthár.
Le cois a bheith ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, Peter Quinn Consultancy Services (PQCS), a bhunaigh sé i 1994, tá Peter tar éis a bheith bainteach thar na blianta le neart painéal comhairleach, coimisiún, bord gnó agus rialtais, agus fondúireachtaí éagsúla. Is sna réimsí seo a thuill sé cáil mar dhuine cumasach ó thaobh na hidirbheartaíochta agus an éascaithe de.
Tá sé furasta a fheiceáil cén fáth go mbeadh rath air sa réimse seo den saol – taitníonn sé go mór le daoine. Sin é i mbeagán focal. Deirtear faoi go minic go bhfuil prionsabail aige agus go bhfuil ionracas ag baint leis. Tá muinín ag daoine as. I measc a lucht aitheantais tá baill de chuid an DUP, mar aon le poblachtánaigh, náisiúnaithe agus dílseoirí. Iompraíonn sé é féin gan sotal agus léiríonn sé meas ar chuile dhuine a gcasann sé leis.
“Tá baint agam le réimse leathan daoine,” a deir sé. “Tá daoine áirithe sa Tuaisceart den tuairim nach féidir leat baint a bheith agat le duine nó grúpa gan a bheith ar aon intinn leis an ghrúpa sin maidir le gach rud. Mar shampla, má thacaím le cás cúirte atá tógtha ag aontachtach, beidh daoine amuigh ansin a shílfidh nach náisiúnaí mé a thuilleadh. Os a choinne sin, tá daoine amuigh ansin a shílfidh go bhfuil mé i mo bhall de Shinn Féin ar an ábhar go raibh baint agam le foilsiú nuachtáin ar le duine é a bhíodh ina chomhairleoir de chuid an pháirtí sin. Is é an polasaí atá agamsa ná gan bheith i mo bhall de pháirtí ar bith. B’fhearr liom bheith neamhspleách ar pháirtithe, cé go bhfuil dearcadh náisiúnach agam.”
Nuair a bhuail mé le Peter Quinn le déanaí in Inis Ceithleann, áit a bhfuil cónaí air le breis is fiche bliain, ba léir dom go raibh gnaoi ag muintir na háite air. I ndiaidh an agallaimh chuaigh muid go dtí bialann phlódaithe, áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit.
Deirtear go minic faoi Peter gur acmhainn thábhachtach é d’eagraíochtaí ar mian leo dul chun cinn a dhéanamh nó athruithe a chur i gcrích. B’fhéidir gurb é sin an fáth gur ceapadh é mar bhall de Choimisiún na bParáidí sa Tuaisceart sa bhliain 2000 agus mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (CLG) i 1991. Tá sé ina bhall de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn leis na blianta agus bhí baint lárnach aige le bunú agus forbairt an Chiste Craoltóireachta Gaeilge fosta. Nuair a d’fhógair TG4 go mbeadh an stáisiún neamhspleách ar RTÉ ó 1 Aibreán 2007 ar aghaidh, ba é Peter a roghnaigh an stáisiún le bheith mar chathaoirleach na corparáide reachtúla úire.
Cé go bhfuil daoine eolach ar Peter Quinn agus ar a ghníomhachtaí gnó agus poiblí, theastaigh uaim tuilleadh eolais a fháil i dtaobh an fhir nuair a bhuail mé leis an mhí seo caite. Theastaigh uaim a chuid tuairimí a fháil ar réimse leathan ábhar agus foghlaim faoi na nithe a spreag duine de na fiontraithe agus pearsana poiblí is aitheanta in Éirinn.
A óige
Rugadh Peter sa Tigh Mór, baile beag i gContae Fhear Manach atá míle ón teorainn leis an gCabhán. Bhí ceathrar sa chlann: Peter, Seán agus beirt chailíní. Chaith siad a n-óige ar fheirm 23 acra agus b’in an áit, de réir an scéil cháiliúil, ar chuir Seán Quinn tús lena impireacht nuair a thosaigh sé ag baint cloch i 1973 tar éis dó iasacht ₤100 a fháil ón mbanc.
Agus é ag éirí aníos, ba í an pheil an rud ba mhó a spreag Peter.
“Bhí traidisiún na peile iontach láidir i gContae an Chabháin, agus mar sin, bhíodh an pheil i gcónaí mar ábhar cainte i measc mhuintir na háite.”
Bhí sé féin agus a dheartháir Seán an-phaiseanta mar gheall ar an bpeil agus is léir ó chaint Peter go raibh sé ina údar díomá dó nach raibh an t-athair chomh paiseanta céanna faoin spórt.
“Níor imir m’athair riamh. Níor shíl sé go raibh mórán tábhachta ag baint le cúrsaí spóirt. D’imir mé ar fhoireann shóisearach an chontae agus ní fhaca m’athair mé ag imirt. D’imir mé ar fhoireann shinsearach an chlub agus ní fhaca m’athair mé – cé go raibh an pháirc díreach trasna an bhóthair ó theach s’againne. Shíl sé gur cur amú ama a bhí ann.”
Ní fhaca an t-athair ceachtar dá bheirt mhac ag imirt go dtí lá amháin nuair a bhí Seán seacht mbliana déag d’aois. Bhí cluiche tábhachtach ar siúl idir Doire Fhlainn agus an Tigh Mór agus rinne comharsa de chuid an teaghlaigh gearán leis an athair de bhrí nach bhfaca sé ceachtar acu – Seán nó Peter – ag imirt riamh. Bhí athair Peter náirithe agus shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche. “Agus idir an lá sin agus an lá a fuair m’athair bás, ceithre bliana ina dhiaidh sin, níor chiall sé oiread is cluiche amháin!”
Cé go ndéanann Peter spior spear den easpa suime a bhí ag a athair sa pheil nuair a bhí siad níb óige, is léir go bhfuil rian den bhrón ann mar sin féin.
Nuair a chuirim ceist air mar gheall ar na nithe a spreag é féin agus Seán chun a bheith chomh hardaidhmeannach sin, deir sé gurbh é a gcúlra ba chúis leis.
“Tá dhá chineál duine sa saol seo: an té a fhulaingíonn mar thoradh ar an angar agus an té a dtugann an t-angar tiomántas dó,” a deir Peter. “Rugadh mé féin isteach i dteaghlach a dtabharfaí ‘teaghlach mífheidhmiúil’ air sa lá atá inniu ann. Scar mo thuismitheoirí óna chéile sular rugadh muid agus ansin shocraigh siad go mbainfidís triail as an chaidreamh arís. D’fhéadfaí a rá nár tógadh muid i dtimpeallacht shona.
“Is dócha gur thiomáin sin muid go pointe áirithe. Is féidir leis an angar a bheith go dona agus é thart ort. Ach is féidir leis an angar tionchar dearfach a imirt ort go fadtéarmach fosta.”
Déanann sé cúpla tagairt le linn an agallaimh fosta don mháthair “iontach dian” a bhí acu. Ach labhraíonn sé le dáimh fúithi agus í san aois leanbaíochta. Is léir gur bean thar a bheith cliste a bhí inti, ach chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi agus í sna nóchaidí. “Chuireadh sí an cheist chéanna ort deich n-uaire i ndiaidh a chéile. Ag an deireadh, dhá bhliain ó shin agus í nócha bliain d’aois, bhí muid cráite aici, ag cur na gceisteanna céanna orainn arís agus arís eile. Bhíodh sí i gcónaí buartha mar gheall ar a sochraid, nach mbeadh go leor airgid aici le híoc aisti. Bhímis ag rá léi go raibh go leor airgid aici go cinnte. “Lá amháin, d’fhiafraigh sí de mo dheirfiúr arís an mbeadh go leor airgid ann chun í a chur agus dúirt mo dheirfiúr go mbeadh. Dúirt mo dheirfiúr, ‘Ní gá duit a bheith imníoch. Fiú mura mbeadh go leor airgid agat, sure nach dóigh leat go n-íocfadh Seán as ar do shon?’ Smaoinigh mo mháthair ar feadh soicind agus ansin dúirt sí, ‘Ach cad é mar a bheadh an t-airgead ag Seán le híoc as? An bhfuil airgead aige?’!”
Saol acadúil agus gnó
Nuair a léann tú CV Peter ar shuíomh gréasáin a chomhlachta, PQCS, is léir gur fear thar a bheith cumasach é i dtéarmaí acadúla. Bhain sé bunchéim amach in Ollscoil na Banríona sa Laidin agus san Eacnamaíocht i 1964. Ina dhiaidh sin, rinne sé scrúduithe proifisiúnta sa chuntasaíocht agus glacadh leis mar bhall d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn. Chaith sé tamall mar léachtóir le hairgeadas in Ollscoil na Banríona agus ansin rinne sé MBA san ollscoil chéanna. Bhí post aige mar léachtóir ar feadh tamaill fosta leis an Manchester Business School.
Chaith Peter blianta sa saol acadúil, ansin deir sé go bhfuair sé “tairiscint níos fearr” ón earnáil phríobháideach – gnó a dhearthár le bheith cruinn. Thosaigh sé ag obair mar stiúrthóir bainistíochta i gcomhlacht cairéalaithe a dhearthár i nGaillimh. Cé go mbreathnaítear ar Peter i gcónaí mar fhiontraí, deir sé nach ndeachaigh sé leis an bhfiontraíocht ar bhonn neamhspleách go dtí na nóchaidí nuair a bhunaigh sé a chéad chomhlacht comhairliúcháin. Bhí sé sna daichidí faoin am sin – céard a spreag é le dul i mbun fiontraíochta?
“Fuair mé an fhéinmhuinín a bhí de dhíth le gnó a thosú go neamhspleách ó bheith ag obair le Seán. Sular thosaigh mé ag obair san earnáil ghnó, bhí mé i mo léachtóir le gnó agus eacnamaíocht. Ach d’fhoghlaim mé níos mó ó bheith ag obair le Seán ná mar a d’fhoghlaim mé ó aon leabhar. Níl mórán measa agam ar an ábhar a fheicim sna téacsleabhair ghnó na laethanta seo. Cuireann na
téacsleabhair in iúl do dhaoine go mbeidh rath ort má dhéanann tú X, Y agus Z, má dhéanann siad cineálacha faoi leith anailíse agus má dhéanann siad tascanna faoi leith. Ach, dar liom nach bhfuil sin fíor. Measaim féin go dtagann an rath as iomas atá oilte. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh duine iomasach ná oilte. Is féidir an oiliúint a fháil, ach níl an t-iomas ag gach duine. Is féidir oiliúint a cheannach, ach ní féidir an t-iomas a cheannach.”
Cé hiad na fiontraithe eile a bhfuil meas aige orthu?
“Michael O’Leary – is fear glic é. Molaim go hard é mar fhiontraí. Ní bheinn chomh moltach faoi mar dhuine, áfach! Measaim go mbíonn sé borb in amanna agus go dtéann sé thar fóir. Ach ní féidir liom é a lochtú mar fhiontraí.
“Tá neart fiontraithe amuigh ansin a bhfuil ardmholadh tuillte acu. Ní bheadh ainmneacha na bhfiontraithe sin i mbéal an phobail; ní bheadh aithne orthu ag leibhéal náisiúnta. Ach molaim na daoine a tháinig ón talamh aníos, a chuir tús le rudaí agus atá anois ag cruthú fostaíochta do mhuintir a gceantar.”
Oibríonn Peter go deonach d’fhondúireachtaí éagsúla atá tábhachtach, dar leis. Mar shampla, ceapadh é mar chathaoirleach i mí an Aibreáin ar an bhFondúireacht Shóisialta Airgeadais. Bunaíodh an fhondúireacht seo chun gníomhú mar sholáthraí airgeadais shóisialta, chun iasachtaí a thabhairt a thacóidh le tionscadail shóisialta agus forbartha agus le fiontraíocht shóisialta i bpobail áitiúla. Níl anseo ach ceann amháin de na tionscadail dheonacha atá idir lámha aige faoi láthair.
Ach níl sé ag iarraidh go sílfeadh daoine gur naomh é – tá sé pragmatach faoin obair dheonach seo.“Murach go raibh go leor airgid agam chun mo chlann a chothú, ní bheinn ag obair go deonach. Bheinn amuigh ansin ag caitheamh mo chuid fuinnimh ar fad chun arán a chur ar an tábla. Ach is é an fhealsúnacht atá agamsa ná go bhfuil dualgas ar gach duine a bhfuil leibhéal áirithe bainte amach aige rud éigin a thabhairt ar ais don tsochaí.”
Cumann Lúthchleas Gael
Deir Peter gur fhoghlaim sé na luachanna pearsanta seo ón mbaint atá aige ar feadh a shaoil le Cumann Lúthchleas Gael (CLG).
“Is eagras spóirt é CLG go príomha, ach is eagras é fosta a bhfuil baint aige le forbairt – forbairt daoine agus forbairt phobail. Creidim go láidir i gCLG. Agus is fíor go raibh sé thar a bheith maith dúinne. Deir Seán, agus deirim féin i gcónaí, go bhfuil cuid den rathúlacht atá bainte amach againn bainteach le CLG. Tá teagmhálacha maithe déanta againn tríd an chumann agus cuidíonn teagmhálacha i gcónaí le gnó.”
Ach nach bhfuil sé fíor go gcáineann sé an t-eagras uaireanta? Dúirt sé in agallamh leis an nuachtán The Kingdom i 2007 go raibh CLG “still on a lap of honour for Croke Park when [they] should be working the future better”.
“Sílim go bhfuil straitéis mhaith ag CLG, ach tá lochtanna ag baint leis an eagras fosta. Baineann na deacrachtaí le peil den chuid is mó. Caithfear bealaí a aimsiú leis an spórt a chur chun cinn agus na cluichí a fhógairt ar bhealach níos éifeachtaí. Tá ag teip ar CLG dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt sa lá atá inniu ann agus caithfear an fhadhb sin a réiteach. Caithfear athruithe a dhéanamh ar na struchtúir bhainistíochta i gCLG fosta – tá siad seanfhaiseanta faoi láthair.”
Ní aontaíonn sé leo siúd a deir gur chóir go bhfaigheadh na himreoirí cúiteamh as cluichí a imirt, cé go n-aontaíonn sé leis an tuairim gur chóir go mbeidís in ann airgead a thuilleamh as an bhfógraíocht agus araile. “Sa chéad dul síos, is é eitic iomlán CCG go dtugann gach duine a am saor in aisce. Cén fáth a bhfaigheadh imreoir airgead ach nach bhfaigheadh réiteoir airgead? Chomh maith leis sin, le bheith réalaíoch, cé as a dtiocfadh an t-airgead? Bhí caint tamall ó shin go bhfaighfí réidh le Connachta mar fhoireann phroifisiúnta rugbaí agus níl ach ceithre fhoireann sa tír sa spórt sin. Cá bhfaigheadh muid an t-airgead chun 32 foireann a chothú? San iománaíocht agus sa pheil?”
Cúrsaí teilifíse
Ceapadh Peter mar chathaoirleach ar chéad bhord neamhspleách TG4 i mí an Aibreáin i mbliana. Seans gur chuir an ceapachán sin ionadh ar dhaoine áirithe sa Phoblacht mar go n-aithnítear Quinn mar fhear gnó in ionad mar fhear teilifíse. Ach, i bhfírinne, tá Quinn ag saothrú leis san earnáil seo leis an blianta i dTuaisceart Éireann. Mar aon leis an obair a dhéanann sé le Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann, tá sé thar a bheith bródúil as an obair ar fad atá déanta aige leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge ón am a bunaíodh é in 2005.
“Measaim go bhfuil an chuid is mó de na haidhmeanna a leagadh síos ag an tús bainte amach againn,” a deir sé. “Tá borradh as cuimse tagtha faoin earnáil neamhspleách léiriúcháin Ghaeilge sa Tuaisceart le blianta beaga anuas. Chuaigh an ciste go mór chun sochair na gcomhlachtaí a bhfuil baint acu le léiriú cláracha trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis sin, chuir muid go mór le líon na gcláracha Gaeilge ar BBC Thuaisceart Éireann agus chuir muid go mór le líon na gcláracha Gaeilge ar TG4 a léiríodh i dTuaisceart Éireann. “Bheinn thar a bheith dóchasach go leanfar ar aghaidh leis an chiste seo sa todhchaí agus go bhfeicfidh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta gur chóir dóibh leanúint ar aghaidh ag maoiniú an chláir.”
Maidir le TG4, tá neart dúshlán roimh an eagras agus neamhspleáchas díreach bainte amach aige. Tá Peter ag súil go mór le dul i ngleic leis na dúshláin sin. Is iad na dúshláin is mó atá anois ann, dar leis, ná an lucht féachana a mhéadú, na struchtúir mhaoinithe a chur in oiriúint don tseirbhís agus scileanna na seirbhíse a fhorbairt i gcúrsaí reatha agus nuachta.
Ag caint ar chúrsaí reatha, cuirim roinnt ceisteanna ar Peter i dtaobh an olltoghcháin sa bPoblacht. Céard é a mheas faoi?
“Bhí a fhios agam nach bhfaigheadh Sinn Féin an méid suíochán is a raibh siad ag súil leo,” a deir sé. “Tá siad lag maidir le cúrsaí geilleagair. Ach níor shíl mé go mbeadh sé chomh tubaisteach sin dóibh ach an oiread. Léiríonn sé go bhfuil muintir na Poblachta in amhras faoi pholaitíocht atá i dtreo na heite clé barraíocht.
“Tá áthas orm go bhfuil clabhsúr curtha le ré [Michael] McDowell! Measaim go raibh tionchar diúltach aige ar chúrsaí polaitíochta. Tá an argóint déanta – ag McDowell féin, den chuid is mó – gur fear thar a bheith cliste é. Ach níl na scileanna aige le bheith ina pholaiteoir. Tá meas agam ar [Enda] Kenny. Ní chaithfinn vóta ar son Fhine Gael de bhrí go bhfuil baint ag mo theaghlach le Fianna Fáil le fada (cé nach bhfuil baint agam féin le páirtí ar bith sa lá atá inniu ann). Ach measaim go ndearna Kenny an-jab le Fine Gael.”
Maidir le cúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart, tá Peter sásta leis an treo a bhfuil cúrsaí ag dul faoi láthair agus tá sé go láidir den tuairim nach bhfillfear ar an bhforéigean go deo. I bprionsabal, ní chreideann sé gur chóir do dhaoine bheith sásta bás a fháil ar son cúise, is cuma cén chúis atá i gceist. Ní chreideann sé sa mhairtíreacht faoi aon chúinsí.
Tá taithí phearsanta ag Peter ar ghalar an tseicteachais. Ceapadh é mar bhall de Choimisiún na bParáidí sa bhliain 2000 agus admhaíonn sé go raibh an cúram sin “dúshlánach” in amanna. “Bhí muid i gcónaí faoi bhrú. Trí lá i ndiaidh dom bheith ceaptha ar an Choimisiún, tógadh athbhreithniú breithiúnach i gcoinne mo cheapacháin. Lean seo ar aghaidh ar feadh shaolré an Choimisiúin. San iomlán, measaim gur tógadh 12 athbhreithniú i gcoinne na mball éagsúil, ach níor chaill muid oiread is ceann amháin acu. Thug sin misneach dúinn mar thuig muid ansin go raibh muid ag leanúint na bpróiseas ar fad agus go raibh muid ag déanamh iarrachta bheith chomh hoibiachtúil agus ab fhéidir.”
Le linn do Peter bheith ar an gCoimisiún, ba é an caidreamh a chothaigh sé le daoine ó aicmí agus ó chúlraí éagsúla – daoine nach gcasfaí air de ghnáth – an rud ba mhó a bhain sé amach, dar leis. Luann sé go sonrach an caidreamh a bhí aige leis an Oirmhinneach Roy Magee, fear a bhfuil “meas as cuimse” aige air. Is é an aidhm fhadtéarmach atá ag Peter don Choimisiún ná nach mbeadh gá leis sa todhchaí, agus tá sé ag súil go bhfuil go leor forbartha déanta chun an aidhm sin a bhaint amach. Níl ach ceithre cheantar anois a mbíonn trioblóid iontu go bliantúil, i gcomparáid leis an 15 a raibh trioblóid iontu nuair a ceapadh Peter ar an gCoimisiún seacht mbliana ó shin. Ach, ina bhealach modhúil féin, deir Peter nach raibh baint ag an gCoimisiún leis sin per se; deir sé nach raibh iontu ach “éascaitheoirí” agus “go ndearna muintir na gceantar éagsúil an obair ar fad iad féin chun comhthuiscint a bhaint amach.”
An todhchaí
Is léir gur fear gnóthach é Peter Quinn agus gur fear é fosta nach mbeidh sásta go deo dul ar scor. Gach seans go leanfaidh sé ar aghaidh ag obair i gcomhthéacs amháin nó i gcomhthéacs eile go dtí go mbeidh sé anonn go maith i mblianta.
Faoi láthair, is iad na himeachtaí is mó atá ag teacht chun cinn ina shaol ná pósadh a chuid mac an bhliain seo chugainn. Beidh beirt acu ag pósadh agus tá sé ag súil go mór leis an gcaibidil nua seo ina shaol. Tá sé ag súil fosta leis na garpháistí a bhéarfar amach anseo. Tá cúigear clainne ag Peter – na mic a bheas ag pósadh an bhliain seo chugainn agus triúr cailíní – agus tá baint acu uilig le cúrsaí gnó. Is léir go bhfuil dlúthchaidreamh ag Peter lena theaghlach go léir, ní hamháin lena pháistí ach lena dheartháir agus a dheirfiúracha fosta. Deir sé go mbíonn sé ag obair “ar son an teaghlaigh anois – sin an rud is tábhachtaí dom. Chuile rud a dhéanaim, déanaim ar a son é.”
Tá Peter an-dóchasach, ní hamháin maidir le todhchaí a theaghlaigh ach maidir le todhchaí an Tuaiscirt chomh maith. Measaim gur féidir leis seasamh siar agus bheith bródúil as an bpáirt atá imeartha aige féin i múnlú na todhchaí sin.