Thug Liz Curtis cuairt ar thaispeántais agus ar theach suimiúil agus í i Londain le gairid.
Chaith mé cúpla lá an-taitneamhach thall i Londain Shasana ag an Cháisc. Bhí lár na cathrach breá bríomhar agus plódaithe le turasóirí mar is gnách, cé go raibh roinnt fear le feiceáil anseo is ansiúd ina gcodladh ar phíosaí cairtchláir i ndoirse.
Chuaigh mé chuig cúpla taispeántas suimiúil. Tá gailearaí beag deas grianghrafadóireachta ar Shráid Great Newport. Sa chaife ansin, bhí grianghraif de chuid Yto Barrada as Maracó ar taispeáint. Bean measartha óg atá inti, a thugann léargas ina saothar ar dheacrachtaí mhuintir Mharacó ó bhain an Spáinn ballraíocht amach san Aontas Eorpach agus ó dhruid sí a teorainn feadh na Meánmhara.
Bhí taispeántas an-éagsúil ar fad sa Dánlann Náisiúnta i gCearnóg Trafalgar, a thug léargas ar Mheiriceánaigh i bPáras ó 1860 go 1900. Saol saibhir compordach a bhí le feiceáil anseo. Ag an am sin, chuaigh neart Meiriceánach go Páras le staidéar a dhéanamh ar an ealaín. Agus iad ansin, phéinteáil siad pictiúir dá chéile agus de Mheiriceánaigh mór le rá. Ar nós na nImpreiseanaithe Francacha, chuaigh siad go dtí an tuath agus an trá, agus rinne pictiúir de na tírdhreacha sin a phéinteáil.
Thall i Knightsbridge, in Iarsmalann Victoria agus Albert, tá scéal eile fós á léiriú ag taispeántas mór faoin Nua-aoiseachas. B’in an stíl deartha agus ailtireachta a thosaigh i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, agus atá le feiceáil thart orainn i ngach áit anois. Ar dtús, chuir an Nua-aoiseachas tóraíocht Útóipe in iúl agus chonacthas an meicniúchán agus an t-olltáirgeadh mar chuid lárnach den tionscadal. Bhí ceangal láidir idir é agus an pholaitíocht réabhlóideach agus b’aidhm thábhachtach dá chuid saol an lucht oibre a fheabhsú.
Cheyne Walk
Ba mhian liom éalú ó thormán agus brú lár na cathrach, mar sin chaith mé tamaillín ag taiscéaladh Cheyne Walk i Chelsea, ceantar an-saibhir in aice leis an abhainn. (Dála an scéil, tháinig cuid de cheannairí poblachtánacha na hÉireann, Gerry Adams agus Martin McGuinness ina measc, go teach príobháideach anseo sa bhliain 1972 le sos cogaidh a phlé.)
Sa 17ú haois, bhí clú agus cáil ar an cheantar seo de bharr na ngarraithe margaidh, na n-úllord agus na dtithe móra. Bhí teach mór agus gairdín anseo ag an Rí Anraí VIII agus ag a Sheansailéir Thomas More freisin. Baineadh an ceann de More i 1535 mar gur chuir sé i gcoinne cholscaradh Anraí.
Sna laethanta sin, shínigh na gairdíní go himeall na habhann, áit a raibh mórgheataí uisce, agus thagadh na daoine tábhachtacha ansin ar bháirsí. Sa bhliain 1673, bhunaigh Cumann Poitigéirí Londan gairdín leighis ag Cheyne Walk, atá ann go fóill. Níl sé chomh mór is a bhí, mar baineadh cuid de sa 19ú haois nuair a tógadh Port na hAbhann, is é sin bóthar leathan agus séarach faoi.
Tá an gairdín á reáchtáil ar bhonn carthanachta anois agus bíonn roinnt mhaith saorálaithe i mbun oibre ansin. Is féidir cuairt a thabhairt air ó Aibreán go Meán Fómhair gach tráthnóna Dé Céadaoin agus Dé Domhnaigh. Tá caife deas ann, a dhíolann cistí a bhíonn déanta sa bhaile. Cosnaíonn sé £6.50 le dul isteach, turas treoraithe san áireamh. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.chelseaphysicgarden.co.uk
Joy an t-ainm a bhí ar threoraí s’againne agus bean bheoga dhíograiseach a bhí inti. Mhínigh sí dúinn go dtagadh scoláirí anseo sa seanam agus go n-éistidís le hollúna ag caint faoi na plandaí.
Tá thart fá 5,000 planda sa ghairdín, ó gach cearn den domhan. Tá Gairdín Meánmhara ann, ina bhfuil crann ológ agus crann seadóg, dair coirc, as a ndéantar coirc do bhuidéil, agus cúfróg, as a ndéantar túis. Tá Gairdín Leighis Dhomhanda ann fosta, ina bhfuil plandaí mar “teatree”, a úsáideann bundúchasaigh na hAstráile, agus a úsáidtear go coitianta mar fhrithsheipteach ar fud an domhain anois.
Na crainn is airde sa ghairdín, is lánúin den chineál Ginkgo Biloba iad. Tá crann baineann agus crann fireann ann. Is crann iontach suimiúil é an Ginkgo Biloba, ceann de na speicis bheo crann is sine ar domhan. Tá sé á úsáid mar leigheas le fada sa tSín agus anois úsáidtear é go forleathan le cóireáil a chur ar dhaoine a bhfuil réimse leathan easláintí orthu.
Teach Thomas Carlyle
Cóngarach go maith don Ghairdín Leighis tá sráid bheag darb ainm Cheyne Row, áit a bhfuil teach suimiúil le fáil. Sa 19ú haois, chónaigh Thomas Carlyle agus a bhean Jane ansin ar feadh blianta fada. Ba mhac saoir Albanaigh é Carlyle, a bhain clú amach mar scríbhneoir i Londain. Bhain Jane clú agus cáil amach freisin, mar gheall ar na litreacha a scríobh sí, a chuireann síos go beoga ar shaol na lánúine, a gcairde agus lucht aitheantais.
Ní léann mórán daoine leabhair Carlyle anois, taobh amuigh den ollscoil, ach bhí an-cháil air i rith a shaoil. Cé gur mhaslaigh sé muintir na hÉireann, bhí Éireannaigh mór le rá i measc na ndaoine a raibh meas mór acu air. Tháinig Oscar Wilde go dtí an teach seo lena mháthair Speranza, agus mhol Wilde leabhar Carlyle faoin Réabhlóid Fhrancach go hard. D’ainmnigh Charles Gavan Duffy baile san Astráil as Carlyle.
Tá an teach ard dorcha, agus tá seomra staidéir ag an bharr a tógadh go speisialta do Carlyle. Tá an teach chóir a bheith mar a bhí agus Carlyle ann, mar cruthaíodh iontaobhas go luath i ndiaidh dó bás a fháil agus osclaíodh an teach don phobal sa bhliain 1895. Tá sé faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta agus tá treoraithe den scoth ag obair ansin, iad lán scéalta faoi na healaíontóirí agus scríbhneoirí a raibh cónaí orthu i Chelsea sa 19ú haois. Ní bhíonn an teach oscailte ach cúpla lá sa tseachtain. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó carlyleshouse@nationaltrust.org.uk.
Lóistín i Londain
Seo smaoineamh daoibh maidir le lóistín i Londain: Stop mé féin den chéad uair i halla cónaithe mac léinn (www.lse.ac.uk/collections/vacations), halla de chuid an London School of Economics, a bhíonn ar fáil do chuairteoirí i rith na laethanta saoire. Bhí mé an-sásta leis - bhí sé compordach agus saor go leor, agus bhí bricfeasta mór blasta ar fáil. Cuireann Imperial College agus King’s College an áis chéanna ar fáil.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.