85
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh. Agus bliain ar leith i saol na tíre a bhí inti, dar leis féin.
»»»Tá albam nua dar teideal [i]Wallop the Spot[/i] eisithe le déanaí ag an ngrúpa ceoil Four Men and a Dog, ach níor bhuail an t-albam an spota i dtuairim Antaine Uí Fharacháin.
»»»Tar éis dhó breathnú ar an mír faoin dteideal ‘An Ghaeilge agus an Ghaeltacht’ atá i gClár an Chomhrialtais, tá 10 moladh le déanamh ag Donncha Ó hÉallaithe le cur os comhair Dinny Mc Ginley, an tAire Stáit ar a bhfuil cúramaí na Gaeilge is na Gaeltachta curtha.
»»»Bhuail Robert McMillen le fear a bhfuil tionchar mór ar dhá thaobh na teorann i saol na craoltóireachta agus i saol an chomionannais, an fear a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ nuair a cuireadh TG4 ar bun. Tá Bob Collins sáite in obair an athraithe go córas digiteach craolacháin faoi láthair.
»»»Bíonn fuadar faoi na margaí agus támhnéal ar na forais Eorpacha in éineacht a deir Ciarán Mac Aonghusa, forais a bhfuil géarghá le hathleasuithe ó de dhíth go géar orthu.
»»»Chuir Seán Greif aithne bheag ar mhuintir Agua Preta san Amazóin ach níorbh aon ribín réidh a ghabháil a fhad leo in Agua Preta. B’iomaí scríob a bhí idir é agus a cheann scríbe.
»»»Tháinig John-Paul Mc Carthy ar lón domhain-mhachnaimh, leabhar a bhfuil aon fhocal tromchúiseach amháin ina cheannteideal, Mortality, le Christopher Hitchens.
»»»Tá tochas ardáin ag teacht ar Dhiarmuid Johnson tharla gur bhuail fear siúlach rac-cheol isteach san oifig aige lá amháin agus cén fáth nach siúlfadh sé uaidh ‘as seo don tír anonn.’
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Caroline Nolan, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Béal Feirste.
»»»Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Nóra Welby, Glór na nGael (atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath).
»»»Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”. ‘Voy a Explotar’ le Gerardo Neranjo (2008) a bhí ann.
»»»Tá díomá ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil go leor d’údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael ar nós cuma liom faoin iomáint.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Eilvéiseach Diego Fasciati faoina chuid oibre le roinnt blianta anuas leis an Chomhairle Ealaíon agus an dúshlán atá roimhe mar léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.