TEANGA AGUS CULTÚR
Gaeilge gan stró: sin an aidhm atá ag ranganna Ghaelchultúir
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tá ag éirí chomh maith sin leis na ranganna Gaeilge atá á reáchtáil ag Gaelchultúr Teoranta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh le roinnt blianta anuas go bhfuil cinneadh déanta ag an chomhlacht cúrsaí a chur ar siúl ar fud na tíre an fómhar seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, Éamonn Ó Dónaill, cad iad na pleananna atá acu sna míonna atá romhainn.

Íomhá
Íomhá
Des Bishop: tar éis go leor daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge, dar le hÉamonn

Beidh mo chomhlacht féin, Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com), ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta ar fud na tíre den chéad uair an fómhar seo. Tá ranganna á dtairiscint ag Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath ó bhí 2005 agus i gCorcaigh le bliain anuas, ach ó 22 Meán Fómhair ar aghaidh beidh cúrsaí againn i gceithre ionad déag eile, Leitir Ceanainn, Bré, Cill Dara, Áth Luain, Gaillimh, Ceatharlach agus Port Láirge ina measc.Tá an-ráchairt ar ranganna Gaeilge Ghaelchultúir i mBaile Átha Cliath le tamall anuas. I rith an tsamhraidh, cuir i gcás, d’fhreastail níos mó ná 160 duine ar an chúrsa sé seachtaine a reáchtáil muid, sin ardú de bhreis is 500% ó bhí 2006 ann. Táimid ag súil go gcláróidh suas le 250 duine do chúrsa an fhómhair i mBaile Átha Cliath; tuairim is ar 180 a d’fhreastail air anuraidh.

Is minic a cuireadh ceist orm le tamall anuas tuige a raibh an méadú seo ag tarlú. Tá cúiseanna éagsúla ann, gan dabht. Tá níos mó teangacha le cloisteáil in Éirinn anois ná mar a bhí riamh agus seans go bhfuil Éireannaigh ag smaoineamh ar thábhacht a dteanga féin ar bhealach nach raibh roimhe seo. Is cinnte go bhfuil TG4 tar éis go leor daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge

agus chuaigh sraith Des Bishop In the Name of the Fada, a craoladh ar RTÉ san earrach, i gcion ar go leor daoine. (Mheall an chéad chlár sa tsraith lucht féachana de bhreis is 407,000 duine.) Luaigh roinnt mhaith daoine tionchar Des agus iad ag clárú do chúrsa an tsamhraidh agus seans go leanfaidh an Des Bishop Effect, mar a thugann daoine áirithe air, go ceann tamaill eile. Dá mbeadh níos mó rólchuspaí mar é againn sa Ghaeilge, is cinnte go rachadh sé go mór chun sochair na teanga.Measaimidne i nGaelchultúr go mbeidh éileamh an-ard ar na ranganna a bheas á reáchtáil againn ar fud na tíre fosta. Táimid ag díriú ar dhaoine nach bhfuil staidéar déanta acu ar an Ghaeilge ó bhí siad ar scoil agus ag féachaint le dul i ngleic leis an dearcadh diúltach i leith na teanga atá le fáil go forleathan sa tír. Cé mhéad uair a chuala tú daoine ag rá gur fhoghlaim siad an Ghaeilge ar scoil ar feadh trí nó ceithre bliana déag agus, ar fhágáil na scoile dóibh, nach raibh siad in ann cumarsáid a dhéanamh sa teanga? Nó, chun cliché coitianta a úsáid, gur chuir sé olc orthu an dóigh ar brúdh an teanga orthu thar na blianta? Táimid chun ár ndícheall a dhéanamh dearcadh daoine i leith na Gaeilge a athrú go mór agus cur ina luí orthu gur féidir leo í a fhoghlaim. Ní beag an dúshlán é sin ach táimid dóchasach go n-éireoidh linn go leor daoine a mhealladh linn.

Cúrsaí cruinnis

Níos luaithe i mbliana, d’fhoilsigh Gaelchultúr mo leabhar féin Gramadach gan Stró!, leabhar, mar a dúirt muid san ábhar bolscaireachta, atá dírithe ar dhaoine a gcuireann rialacha gramadaí mearbhall orthu de ghnáth. Tá díol maith ar an leabhar go dtí seo agus tá an-áthas orainn go bhfuil sé beartaithe ag Roinn Ghaeilge i gceann de na coláistí tríú leibhéal é a úsáid mar théacsleabhar oifigiúil sa bhliain acadúil atá amach romhainn. Tá fáil ar an leabhar i siopa ar líne Ghaelchultúir, www.siopa.ie.

Cúrsaí Gaeilge Ghaelchultúir, Meán Fómhair - Nollaig 2008

Ag tosú: an tseachtain dar tosach 22 Meán FómhairFad: 12 sheachtainRanganna: *oíche sa tseachtain, 7.00 - 9.00 p.m.Táille:* €240Eolas agus clárú: www.gaelchultur.com

Tá cúrsa cruinnis ar líne bunaithe ar *Gramadach gan Stró *á fhorbairt ag Gaelchultúr agus tá leagan píolótach de le fáil anois ar ár suíomh ríomhfhoghlama, www.ranganna.com. Is ionann an míniú ar an ghramadach atá le fáil sa chúrsa seo agus an míniú atá le fáil sa leabhar, ach tá ceachtanna difriúla i gceist ar líne. Tá na ceachtanna ar an suíomh idirghníomhach spraíúil agus cabhróidh siad go mór leis an fhoghlaimeoir cur lena scileanna teanga agus leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach.

Le roinnt blianta anuas, tá an-tóir ar an chúrsa cruinnis atá á reáchtáil againn inár n-ionad i mBaile Átha Cliath. Tá sé ráite ag go leor daoine a rinne an cúrsa seo, áfach, gur mhaith leo tabhairt faoi chúrsa den chineál céanna ag leibhéal níos airde agus, dá bhrí sin, beidh Cruinneas sa Ghaeilge 2 á chur ar fáil againn an fómhar seo.

Sna blianta atá amach romhainn, tá sé beartaithe ag Gaelchultúr réimse cúrsaí idirghníomhacha teanga a chur ar fáil ar ranganna.com. Beidh seacht leibhéal i gceist ar fad agus beidh deis ag foghlaimeoirí staidéar neamhspleách a dhéanamh ar an Ghaeilge nó a bheith ag obair le teagascóir.

Tá go leor eile idir lámha ag Gaelchultúr, gan amhras. Tá muid ag cur cúrsaí oiliúna ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí le trí bliana anuas, ó Leitir Ceanainn go Corcaigh, agus tá an comhlacht bainteach leis an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ar chuir Scoil na dTeangacha in Institiúid Teangeolaíochta Bhaile Átha Cliath tús leis i mí Eanáir i mbliana.

Tá maoiniú á fháil ag Gaelchultúr ó Fhoras na Gaeilge (www.gaeilge.ie) le roinnt blianta anuas agus tá an tacaíocht seo tar éis cur ar ár gcumas tabhairt faoi go leor tionscadal nuálaíoch. Tá claonadh ag go leor daoine a bheith ag caitheamh anuas ar an Fhoras ach is annamh a dhiúltaíonn siad do smaointe maithe. Sin é ár dtaithí-ne, cibé.

Chun eolas breise a fháil faoi ranganna Ghaelchultúir, chun leagan digiteach de bhróisiúr na ranganna a íoslódáil nó chun clárú ar líne, téigh go www.gaelchultur.com. Is féidir leo siúd nach bhfuil cinnte cén leibhéal teanga a bheadh oiriúnach dóibh tabhairt faoin triail socrúcháin teanga ar shuíomh an chomhlachta nó glaoigh ar cheann de na huimhreacha thíos le comhairle a iarraidh.

Gaelchultúr Teoranta, Leibhéal 2, Foirgneamh Filmbase,An Chuarshráid, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2

(01) 675-3658 nó (1890) 252 900www.gaelchultur.com; eolas@gaelchultur.comIs é Éamonn Ó Dónaill Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. Chaith sé sé bliana ag obair mar eagarthóir ar an iris seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.