AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
An bhfaighfear réiteach ar fhadhb Ghiobráltar gan mhoill?
Pádraig Ó Domhnalláin Pádraig Ó Domhnalláin

Tá Giobráltar ina chnámh spairne idir an Spáinn agus an Bhreatain le beagnach trí chéad bliain anois ach b’fhéidir go bhfuil réiteach i ndán don aighneas sa deireadh, mar a mhíníonn Pádraig Ó Domhnalláin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ag tosach an ochtú haois déag, bhí Impireacht na Spáinne, an impireacht ba mhó a bhí ann riamh nuair a bhí Séarlas V agus Philipe II i gcumhacht, ag titim as a chéile. Bhí tíortha eile na hEorpa ag feitheamh chun greim a fháil ar chuid den impireacht sin ach, ag an am céanna, níor theastaigh uathu cothromaíocht na cumhachta a chailliúint.

Agus an Spáinn in ísle brí, ba iad an Fhrainc agus an Bhreatain an dá chumhacht ba mhó. Níor mhian leis an mBreatain go mbeadh tionchar rómhór ag na Francaigh sa Spáinn agus bhí amhras ar na Francaigh faoi chumhacht na Breataine, mar sin roinn siad codanna d’Impireacht na Spáinne eatarthu féin chun an chóimheá a choimeád. Fuair an Bhreatain Giobráltar de réir Chonradh Utrecht, 1713.

Níor aontaigh an Spáinn riamh leis seo agus ó shin i leith tá an cheist ina cnámh spairne idir an dá thír. Thar na blianta, tá iarrachtaí déanta ag na Spáinnigh an Charraig, mar a ghlaotar ar an réigiún, a athghabháil - leis an lámh láidir uaireanta agus le comhráití uaireanta eile - ach níor éirigh leo.

Ar dtús, ba bhuntáiste mór é don Bhreatain smacht a bheith acu ar chaolas na Meánmhara ach anois is beag tábhacht straitéiseach atá leis, ní hamháin don Bhreatain ach don Spáinn ach an oiread. Is ceist mhórtais í don Spáinn, áfach.

Tá an t-aighneas seo maidir le Giobráltar ag cur isteach ar an gcaradas idir dá thír ag am nuair atá na haidhmeanna céanna acu ó thaobh na hEorpa de.

Nuair a bhí Franco i gcumhacht, rinne sé iarrracht an saol a dhéanamh deacair do na daoine a bhí ina gcónaí i nGiobráltar ach an toradh a bhí ar an bhfeachtas sin ná go ndearna sé bá na ndaoine leis an mBreatain a dhaingniú agus a láidriú. Sa lá atá inniu ann, féachann siad orthu féin mar Bhriotanaigh; tá saol na mBriotanach á chleachtadh acu ach is í an Spáinnis a labhraíonn an tromlach acu.

Cainteanna

Ó am go chéile, bíonn cainteanna ar siúl idir an Spáinn agus an Bhreatain mar gheall ar Ghiobráltar. D’fhéadfaí a rá go bhfuil sé seo ag tarlú le beagnach 300 bliain, agus tá siad ar siúl arís anois. Tá an Spáinn ag éileamh go dtabharfaí an Charraig ar ais agus tá an Bhreatain ag maíomh nach bhfuil siad sásta dul i gcoinne thoil mhuintir Ghiobráltar. Tá bunadh Ghiobráltar fein ag tabhairt le fios go láidir nach bhfuil siad toilteanach dul isteach leis an Spáinn.

Ach caithfear an fhadhb a fhuascailt mar go bhfuil staid Ghiobráltar ag teacht salach ar dhlíthe na hEorpa agus ní féidir dlíthe áirithe a reáchtáil ansin gan an fhadhb seo a réiteach.

Chuir mé ceist ar roinnt Spainneach faoin bhfadhb. In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í. Tá níos mó tábhachta, dar leo, ag baint leis an sceimhlitheoireacht, an dífhostaíocht agus fadhbanna Thír na mBascach.

B’fhéidir go bhféadfaí plean éigin ar nós cheann na Sé Chontae a chur i bhfeidhm i nGiobráltar: an dá thír an chumhacht a roinnt ar feadh tréimhse agus ansin reifreann a bheith ann.

Go nuige seo, tá an Spáinn tar éis an lámh láidir a úsáid agus í ag déileáil le Giobráltar. B’fhéidir go mbeadh sé i bhfad níb fhearr triail a bhaint as polasaí Gladstone i leith na hÉireann fadó, *"To kill Home Rule by kindness” *- seans go gcinnteodh sé seo go mbeadh bunadh Ghiobráltar níos báúla leis an Spáinn.

Ar aon nós, caithfear teacht ar shocrú éigin mar nach cabhair é don Eoraip dhá thír a bheith in aghaidh a chéile mar seo, agus caithfidh na daoine i nGiobráltar a meon a athrú má tá todhchaí níos fearr ag teastáil uathu.

B’fhéidir go mbeidh seans ann an t-am seo, mar den chéad uair riamh, tá na Spáinnigh toilteanach éisteacht le tuairimí Rialtas Ghiobráltar agus iad a chur san áireamh. Tá rialtas nua sa Spáinn, atá, de réir dealraimh, níos liobrálaí, agus a cheapann go bhfuil réiteach ann don fhadhb. Ar a laghad tá siad sásta labhairt fúithi, gan réamhthuairimí a bheith acu.

Ach an bhfuil Rialtas Ghiobráltar ullamh leis an deis a thapú agus socrú buan a fháil a mbeidh gach duine sásta leis? Sin ceist eile.

Is as Tuaim, Contae na Gaillimhe é Pádraig Ó Domhnalláin ach tá sé ina chónaí i Maidrid anois. Tá sé ag múineadh Gaeilge san Escuela Oficial de Idiomas sa chathair sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.