CÚINNE NA nEALAÍON
Seo chugainn an samhradh
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

samhradh gnóthach i ndán do Cholm Ó Snodaigh agus do cheoltóirí eile an ghrúpa Kíla.

Íomhá
Kíla: samhradh gnóthach
Íomhá
Glastonbury: ceann de na féilte ceoil is mó san Eoraip
Íomhá
Oki: ag seinm le Kíla i Londain
Íomhá
The Colm ag súil go mór le "féile ghleoite" The Electric Picnic

Seo chugainn an samhradh agus tá dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór socraithe, cúrsaí taistil eagraithe, díosal curtha sa veain, scuaba agus taos fiacaile pacáilte, fuadar faoin bhfear fuaime, na huirlisí deisithe agus faobhar á chur ag gach éinne ar a fhiacla ceoil.

Samhradh mór dúinne, Kíla; féilte den scoth romhainn agus dlúthdhiosca úr beagnach ullamh againn – fuadar eile. Scéal na míosa seo chugainn, b’fhéidir.

Maratón atá ann i ndáiríre – táimid ar nós an tsaighdiúra Ghréagaigh Pheidippides, a seoladh ó bhaile Maratón go dtí an Aithin le cur in iúl go raibh an bua faighte ar na Peirsigh i gcogadh Mharatóin. Seo lorg gach míle dár rith féin.

An chéad mhílecéimeanna éadroma againn

9/6/07: Turas go hOileán Muile agus Féile Cholm Cille in Albain – mé ag tnúth go mór leis seo. Oileán draíochta, turas anama, tírdhreach Gaelach. Banna mór na hAlban Capercaillie ag seinnt chomh maith.

http://www.colmcille.net/feilechaluimchille-2007.html

An dara agus an tríú míle

13/6/07: Féile do pháistí, “Spréacha” i nDraíocht Bhaile Bhlainséir. Dhá cheolchoirm do pháistí agus cleas na dtrí fheadóg á dhéanamh againn arís – triúr, trí fheadóg agus gan aon lámh ar an bhfeadóg cheart!

http://www.dublinevents.com/events/festivals/spreacha-2007-11june7.php

An ceathrú míle – aer úr inár scamhóga, sodar éasca go leor

19/6/07: Corcaigh agus gig i bPuball Spiegel. Sheinneamar ann an bhliain seo

caite i mBéal Feirste – ceann de shárcheolchoirmeacha na bliana anuraidh. Atmaisféar ársa ann – sorcas, scátháin, seó, smideadh, siamsa, spraoi.

An cúigiú agus an séú míle

23/6/07: Turas chuig iarthar na Breataine Bige agus féile thráthnóna in Aberystwyth. Ansin dúiseacht go luath ar maidin le dul go Glastonbury, atá fós ar cheann de mhórfhéilte na hEorpa. Beidh spraoi againn!

http://www.glastonburyfestivals.co.uk/

An seachtú agus an t-ochtú míle

30/6/07 – 1/7/07: Rinceoil, féile don teaghlach ar fad sa Ros i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, ansin taisteal fada romhainn chuig na Cealla Beaga agus féile eile ansin. Nach muid atá féiltiúil an samhradh seo!

An naoú céim chuig an dara míle déag

4-9/7/07: Turas go Ceanada agus an Festival L’été i Quebec. Ceithre cheolchoirm. Bhíomar ann beagnach deich mbliana ó shin – meas tú an bhfuil feabhas tagtha ar ár gcuid Fraincise?

http://www.infofestival.com/Festival/

An tríú míle déag – leathbhealach tríd anois and na mílte fágtha go bhfaighimid codladh.

13-15/7/07: Turas chun na Spáinne – II Festival Folk Cantabria Infinita Spain. An t-aon turas sall againn an samhradh seo chuig ár gcol ceathracha Ceilteacha.

Fáilte agus fiche romhainn riamh ansin.

An ceathrú míle déag

17/7/07: Southbank, Londain – ceann des na gigeanna is spéisiúla an samhradh seo. Ar ais i dteagmháil le hOki agus ceolchoirm leis i gceann des na hallaí is cáiliúla i Sasana.

http://www.southbankcentre.co.uk/

An cúigiú míle déag – allas ag sileadh go tiubh

20/7/07: An Baile Mór, Contae Chill Dara – féile an bhaile. Baile Rónáin agus a chlainne. Beimid bríomhar!

An séú agus an seachtú míle déag – agus níl aon tuirse orainn go fóill!

27-28/7/07: Laethanta leisciúla lár tíre ag Féile i gCloch Shiurdáin agus an lá dár gcionn ag an Midlands Festival. Deas gan mórán taistil bheith le déanamh an deireadh seachtaine seo – muid níos gaire don bhaile.

http://www.midlandsmusicfestival.ie/

An t-ochtú míle déag – beidh tuirse bheag orainn ina dhiaidh seo! Deirtear gur seo an áit a mbuailfear an falla!

3/8/07: Siar go Conamara agus Féile an Dóilín. An-chuid draíochta ag baint leis an gceann seo – seoltóireacht, rásaíocht agus an Fathach á dhó sa bhá! Bígí ann!

http://www.doilin.com/Imeachtai.html

An naoú míle déag agus an fichiú ceann

11-12/8/07: Turas go féile ar bharr sléibhe san Eilvéis agus ansin ar maidin sinn ag tabhairt aghaidhe ar fhéile eile sa Phortaingéil.

http://www.guinnessfestival.ch/

Míle is fiche

15/8/07: Cora Droma Rúisc – puball agus pobal Liatroma agus muid ag súil leis an dea-aimsir agus picnic cois na Sionainne.

Dhá mhíle agus trí mhíle is fiche!

18-19/8/07: Eitilt luath chuig an mBruiséil agus féile mhór na Beilge, an Eurithmix, ansin eitilt go Sasana an mhaidin dár gcionn, go Birmingham, agus piocfaidh Aindí an Bé-fhear muid suas ag an aerfort le dul go féile na Levellers, Beautiful * *

Days.

http://www.euritmix.be/

http://www.beautifuldays.org/

Saothar anála orainn don cheathrú míle is fiche

22/8/07: An Tulach Mhór do fhleadh lár tíre. Beagnach ann – an líne bhán le feiscint. Spíonta!

An cúigiú míle is fiche

25/8/07: Gig an tsamhraidh. Amuigh ag Féile Chultúr Domhanda Dhún Laoghaire. Álainn. Cois Farraige. Beo i measc na mBleá Cliathach.

http://www.festivalofworldcultures.com/

Agus an líne bhán sroichte, sé mhíle is fiche agus 385 slat curtha dínn againn

3/9/07: The Electric Picnic – féile ghleoite. Féile fhial ó thaobh ceoil de. Seinnt go deireanach ar stáitse Crawdaddy.

Fáilte abhaile, a deir ár dteaghlaigh! Bíodh sos againn! Cupán tae agus codladh.

http://www.electricpicnic.ie/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.