1412
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Má bhí lúb ar lár i bplean CCÉ, is cosúil go raibh suim trí mhilliun €uro ar tí titim isteach ina gciste fós féin. Deir an tAire Ó Cuív nach raibh próiseas maoinithe Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chomh trédhearcach agus ba cheart dó a bheith. Aontaíonn Breandán Delap leis.
»»»Tá an comhlacht léirithe Cartoon Saloon ag cur na dlaoi mullaigh faoi láthair ar scannán dar teideal [i]The Secrets of Kells[/i]. San alt seo, insíonn Colm Ó Snodaigh dúinn faoin mbaint atá aige féin agus ag Kíla leis an scannán.
»»»Is as Toulouse i ndeisceart na Fraince í AnneMarie Uí Chonaill agus tá spéis aici sa Ghaeilge le fiche bliain anuas. Míníonn sí anseo cén fáth ar fhoghlaim sí an teanga agus cén chaoi a bhfanann sí i dteagmháil léi ó lá go lá.
»»»Chuaigh Balor na Súile Nimhe i mbun agallaimh an Taoisigh Smaoisigh Iarghaoisigh an mhí seo. Beidh cúram úr ar an Mharascal Mhachaire Willie O’Dious roimh i bhfad eile. Is gairid go mbeidh sé ina Mharascal ar na Greenbeats. Ní hea! Na Greensheets. (Stolpfaimid, .. Stopfaimid ansin.)
»»»D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’. Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána
»»»Is iomaí duine atá buartha faoina phost ar na saolta seo agus ag amharc go neirbhíseach ar an méid atá roimhe ó thaobh cúrsaí airgeadais de i 2009. Faoi mar a phlé mé i m’alt an mhí seo caite, tá slite go leor ann chun gur féidir le duine úsáid a bhaint as áiseanna ar an idirlíon chun airgead a shábháil dó féin. Ach cad faoi chomhlachtaí?
»»»Beidh slad ar chearta an duine agus ar chóipcheart ar siúl, tharla gur cuma le gach éinne, Google agus YouTube san áireamh, an duine, nó an leabhar, a cheapfar le ceamara feasta. Measann Roseanne Smith gur chailleamar fuinneamh agus díograis na n-éan cuideáin, nó na Outliers.
»»»Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.
»»»Bhlais Seán Greif cuid den saol ciúin i réimse dumhcha ar chósta na Brasaíle. Bhí air a lámh a choinneáil ina phóca nó ba gheis dó íoc go daor as codladh aon oíche ar aon leaba.
»»»Rinne roinnt de lucht na himirce níos fearr ná a chéile. Chuir Bearnaí Ó Doibhlin spéis i ndaoránach as Tiobraid Árann a rinne thar cinn dó féin sa tír dár díbríodh é ar daorbhreith 14 bliana déag.
»»»Smaoiníonn Colm Ó Snodaigh siar ar chúpla uair an chloig an-phléisiúrtha a chaith sé ag éisteacht le Martin Hayes agus Dennis Cahill ag seinm i gCill Chainnigh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ceannach bronntanas Nollag do pháistí.
»»»Tá Pól Ó Muirí den tuairim gur leabhar ar leith é [i]Hula Hul[/i], úrscéal nua Sheáin Mhic Mhathúna, nach bhfuil oiread is nóta amháin as alt ann.
»»»Nuair a fheiceann Colm Mac Séalaigh fógra teilifíse atá ag ceann d’urraí na hiománaíochta, spreagann sé cuimhne na hóige ann.
»»»Tá amhránaí nua agus albam nua ag an ngrúpa traidisiúnta Slide agus iad an-dóchasach go n-éireoidh leo a mbeatha a thabhairt i dtír ag seinm ceoil, mar a mhínigh Daire Ó Breacáin, fidléir an ghrúpa, do Shiobhán Seoighe le déanaí.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.