Tá saothair ealaíne á n-ionsaí le tamall anuas de bharr go bhfuil siad graosta, dar le daoine áirithe. Ní nós nua ar bith é seo, áfach, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
“Ceann de na pictiúir is gáirsiúla, is mímhorálta agus is scannalaí dá bhfaca mé riamh …”
Ráiteas é sin a tháinig ó bhéal an pholaiteora den eite dheas Giorgos Karatzaferis nuair a chonaic sé saothar de chuid an ealaíontóra Bheilgigh Thierry de Cordier darb ainm “Asperges Me (Dry Sin)” in Outlook, an taispeántas nua-ealaíne is mó a bhí riamh le feiceáil sa Ghréig.
Níor tharraing an pictiúr aird ar bith, áfach, ó crochadh é i mí Dheireadh Fómhair go dtí gur leag an tUasal Karatzaferis súil air le gairid. Is é an rud a chonaic sé a chuir fearg air ná pictiúr den Chroch Chéasta agus seamhan ag sileadh aisti agus, ar an taobh clé di, bod crua ina sheasamh suas díreach.
Agus, níos measa fós, “Bhí an bod … an rud sin …. timpeallghearrtha!”, a dúirt sé le binb.
Tógadh an pictiúr anuas go gairid ina dhiaidh sin. Shílfeá go mbeadh deireadh leis an raic ag an phointe sin ach, ina áit sin, is amhlaidh a spreag ráiteas an pholaiteora daoine eile chun scriosta.
Réab bean óg le scian grianghraf ag léiriú fir ag dul in airde ar mhealbhacán agus tamall ina dhiaidh sin rinne bean, a bhí gléasta in éide dhubh sa mhodh ceartchreidmheach, ionsaí ar sceits do chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Raymond Pettibon. Stáidéar daonna a bhí ann agus rith sí ina threo ag screadaíl, “Tá sé graosta!”
Tá an taispeántas faoi bhagairt agus an saothar á chosaint ag gardaí ó shin i leith.
Nós seanbhunaithe
Ní rud nua é saothair ealaíne a bheith á scriosadh agus bíonn cúiseanna éagsúla ag daoine chun a leithéid de rud a dhéanamh. Tharla sé chomh fada siar leis an Ré Bhiosántach san 8ú haois, nuair a cuireadh péint bhán ar na híomhánna. Go deimhin, ní fada ó shin ó rinne an Taliban smidiríní den dealbhóireacht ársa ag léiriú an Bhúda in Bamiyan na hAfganastáine.
Go traidisiúnta, is daoine aonair de ghnáth a dheánann iarracht scrios a dhéanamh ar shaothair ealaíne san iarthar. Sna blianta roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí eachtraí ann inar scrios daoine bochta saothar a léirigh só agus sonas.
“Bhí mé cráite leis an ocras,” a dúirt Prolain Delarre mar chosaint ag a triail i 1912, “agus chuir an bhean óg [i bpictiúr de chuid Boucher] leis an mhiongháire agus na héadaí galánta mórchostais as mo mheabhair mé.”
I 1914, scios an tsufraigéid mhíleatach Mary Richardson “Folcadh Véineas”, saothar de chuid Velázquez, mar agóid i gcoinne ghabháil Emmeline Pankhurst. Níor thaitin an tslí ar amharc fir ar an saothar léi.
Ní i gcónaí a bhíonn cúiseanna stairiúla nó polaitiúla taobh thiar de scriosadh ealaíne agus, spéisiúil go leor, is ealaíontóirí eile go minic a dhéanann saothar a mhilleadh.
Chaith an t-ealaíontóir Gearmánach Franz Weng buidéal dúigh ar “An Mhaighdean agus an Leanbh le Naomh Áine agus Eoin Baiste” i Londain i 1962. Rinneadh ionsaí gunna ar an saothar céanna i 1987.
B’ealaíontóirí na creachadóirí a chaith uibheacha agus dúch ar “Myra” (Hindley), saothar de chuid Marcus Harvey a bhí le feiceáil sa taispeántas *Sensation *sa Royal Academy i Londain i 1997. Rinne Yuan Cai agus Jian Jun Xi “Leaba” Tracey Emin a athchruthú nuair a léim siad uirthi agus iad lomnocht. “Two Naked Men Jump On Tracey’s Bed” an t-ainm a thug siad ar an éacht.
Chaith siad mar an gcéanna le “Urinal” cáiliúil Marcel Ducamp - “Two Artists Piss on Duchamp’s Urinal” (2000) an bhaist siad ar an leagan athchruthaithe.
An bhfuil muid ag maireachtáil in aois na frithealaíne? Agus cad a spreagann daoine chun saothar a scriosadh? Dar leis an síceolaí David Freeberg gur cuartú airde, iompar atá imithe ó smacht agus seasamh diúltach in éadan údaráis atá taobh thiar de na gníomhartha seo.
Measann na síceolaithe David Greenberger agus Victor Allen go mbaineann daoine áirithe pléisiúr as saothar ealaíne a scriosadh, go háirithe má tá sé déanta ar bhealach cruthaitheach cliste.
I ndeireadh na dála, is rud scannalach agus cúis éadóchais é scriosadh saothar ealaíne. An rud is mó a chuirfeadh éadóchas ar dhuine ná an cháil cheannlínteach a ghnóthaíonn na scriosadóirí dóibh féin as cruthaitheacht daoine eile a dhíspeagadh, cáil atá bunaithe ar an chruthaitheacht sin nach leo féin í.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.