Tugann an t-uafás daoine aghaidh ar reiligí na Polainne ar an gcéad lá de mhí na Samhna, mar a mhíníonn Alan Desmond.
Tá roinnt gnéithe de chultúr na Polainne a bhainfeadh siar as an eachtrannach. Dealraíonn sé, mar shampla, nach mbíonn ach an tsiocair ó dhaoine anseo le bláthanna a cheannach dá gcairde. Ní ábhar iontais a bheadh ann dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.Ar ndóigh, faigheann mná bláthanna ó fhir ach ceannaíonn mná bláthanna dá gcairde mná chomh maith. Agus éileamh chomh mór sin orthu ní ionadh go mbíonn stallaí bláthanna ar oscailt ó mhaidin go faoithin ar shráideanna chathracha móra na Polainne.Nós atá ag fir na Polainne ná go mbíonn siad de shíor ag croitheadh lámh le chéile – ag bualadh le chéile, ag fágáil slán le chéile. Fiú agus iad ag gabháil go tapaidh thar bhráid a chéile ar shráid phlódaithe, síneann siad amach a lámha i dtreo a chéile le fáscadh teann a bhaint as a chéile.Ach ba é ba mhó a chuaigh i gcion orm tar éis dom an Pholainn a bhaint amach i mí Dheireadh Fómhair 2003 ná a phlódaithe is a bhíonn reiligí na tíre ar an 1 Samhain, Lá na Naomh Uile. Ar an lá seo dírítear lánaird ar Pholannaigh nach maireann agus is beag duine nach dtugann aghaidh ar reilig le coinnle a lasadh nó bláthanna a chur ar uaigh.Ar oíche an 31 Deireadh Fómhair an bhliain seo caite, chuaigh mé go dtí an phríomhreilig i gcathair Lublin in oirthear na Polainne.
Ba in éineacht le comhghleacaí Polannach a bhí mé agus í ag iarraidh an pulcadh a bheadh ann an lá dár gcionn a sheachaint. Fiú ar an oíche roimh an bhféile bhí an-ghnó á dhéanamh ag na díoltóirí coinnle agus bláthanna a bhí bailithe lasmuigh den reilig. Bhí an méid sin coinnle ar lasadh timpeall na n-uaigheanna gur gheall le tine leathan íseal í talamh na reilige.
Ar ndóigh is ar uaigheanna a ndaoine muinteartha is mó a chuireann cuairteoirí coinnle agus bláthanna ach ní annamh a thagann daoine go reilig atá gar dóibh nach bhfuil gaolta leo curtha inti.
Tagann siad chun cuimhneamh ar na mairbh, chun iontas a dhéanamh de na radharcanna áille coinnleacha agus leagann siad coinnle ar uaigheanna atá, ar pé cúis, gan aon rud bheith ar lasadh orthu.Dar le Magdalena Alf, bean sna fichidí luatha, go bhfuil, "Lá na Naomh Uile ar na laethanta is tábhachtaí i rith na bliana. Tá tábhacht mhór ag baint leis an lá ó thaobh na ngaolta de. Buailim le lucht gaoil nach bhfeicim ag aon ócáid eile sa bhliain, uncailí agus aintíní mo thuismitheoirí, mar shampla".Deir Alf go mbíonn an-chuid ullmhúcháin ar siúl sna laethanta roimh an bhféile. "Déantar na huaigheanna a ghlanadh agus gach rud ina dtimpeall a chur in ord is in eagar. Nuair a bhíodh an tsláinte ag mo sheanmháthair, thugadh sí aire d’uaigh mo sheanathar ach chomh maith leis sin ghlanadh sí an uaigh atá in aice láimhe. Seanuaigh atá ann agus ní thagann éinne chun caoi a chur uirthi."Is cuimhin le hAlf gur tharla uair amháin gur thug sí cuairt ar dhá reilig in aon lá amháin ar Lá na Naomh Uile agus í ina déagóir.
"Chuaigh an teaghlach go léir, mar is nós linn, go dtí an baile ina bhfuil cónaí ar mo sheanmháthair leis an lá a chaitheamh léi agus cuairt a thabhairt ar an reilig áitiúil ina bhfuil mo sheanathair curtha. Ach i ndiaidh dúinn bheith tagtha abhaile go dtí ár dteach féin, chuaigh mé i dteannta mo chairde go dtí reilig ár mbaile chun iontas a dhéanamh de na coinnle go léir ag lonrú dhorchadas na hoíche. Ba é an t-amharc súlé.”Reilig cháiliúil
Thug mé Lá na Naomh Uile anuraidh i Vársá, príomhchathair na Polainne. Cosúil leis na mílte eile rinne mé ar Powazki, an reilig is cáiliúla sa Pholainn. Ó thaobh méid de, tá an áit seo claon beag níos lú ná an Vatacáin agus tá an-chuid Polannach iomráiteach curtha ann.
Ach, seachas sin go léir, fágann na samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta atá le feiceáil gur fiú cuairt a thabhairt ar an reilig seo.Agus mise ann, bhí Powazki mar a bheadh ceolchoirm Britney Spears ann, bhí an oiread sin daoine ann. Seachas busanna, níor ligeadh d’aon fheithiclí eile taisteal ar an tsráid ar a bhfuil slí isteach chun na reilige.Dá mhéad í slí isteach Powazki, ní fhéadfadh sí bheith mór go leor ar Lá na Naomh Uile. Bhí na sluaite ag doirteadh amach agus an líon céanna daoine ag iarraidh brú isteach ag an am céanna, rud a d’fhág gur dheacair uaireanta bheith cinnte an ag baint na ngeataí amach nó do do shracadh thar n-ais i dtreo na sráide a bhí tú. Agus na geataí curtha díom agam bhí constaic amháin eile le sárú: daoine ag bailiú airgid leis na reiligí a choinneáil.
Bhí dornán maith coinnle ar lasadh ar fhormhór mór na n-uaigheanna in Powazki agus bhí na múrtha coinnle ag bun uaigheanna daoine clúiteacha. Cailleadh an ceoltóir mór le rá Czeslaw Niemen in 2004 agus ba dheacair aon ghiorracht dá thuama a bhaint amach toisc go raibh an méid sin coinnle timpeall air.Bhí uaigh eile agus níorbh fhéidir ainm an mhairbh a léamh toisc deatach chomh tiubh sin bheith ag éirí ón lear mór coinnle.
Míníodh dom gurbh é a bhí curtha anseo ná Marcin Pawlowski, iriseoir teilifise a mhair dhá bhliain leis an ailse sular cailleadh é in 2004 agus é trí bliana is tríocha.Níorbh í reilig Powazki an t-aon áit amháin i Vársá ina raibh coinnle ar lasadh. Is beag sráid sa chathair seo nach bhfuil plaic nó leacht cuimhneacháin éigin i gcuimhne Polannach a fuair bás i rith an Dara Cogadh Domhanda. Rinneadh scata coinnle a chur ag bun na bplaiceanna seo ar Lá na Naomh Uile chomh maith. Ar Chearnóg Pilsudski i lár na cathrach, cuireadh na céadta coinneal i gcruth croise in ómós don iar-Phápa.B’fhéidir nach ionadh urraim agus aird seo na bPolannach ar na mairbh ós rud nach bhfuil sé ach trí scór bliain ó cailleadh an oiread sin díobh. Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda.
Is Corcaíoch é Alan Desmond atá ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2003 ann. Tá úrscéal gearr d’fhoghlaimeoirí leis dar teideal An Foghlaimeoir Fásta* díreach foilsithe ag Comhar. Bronnadh an chéad duais air as ábhar léitheoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge i mbliana.*