473
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Labhair Mícheál Ó hAodha le ridire mná, Niamh Dunne, a shiúlann bóithre mhór-ranna an domhain mar bhall den bhuíon aitheanta oilte Beoga.
»»»Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin.
»»»Feictear do dhaoine baint a bheith ag an chruthaitheacht le galar meabhrach. Chuir Ciara Nic Gabhann spéis sa scéal.
»»»Ní fada an lá a bheas ‘sár-urghaire’ á lorg ag pearsa mór le rá in Éirinn le stop a chur le nochtadh eolais faoina shaol priobháideach, dar le Breandán Delap.
»»»Chaith Balor seal i mbun cainte le Codger agus Dodger, puipéid na Gaeilge
»»»Tá athrú íomhá de dhíth ar Ghaeil na hAstráile, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, íomhá a bheadh níos iomláine agus níos fire.
»»»Bhí na sluaite ina gcnapscuaine roimh Tony Birtill nuair a thug sé aghaidh ar an ionad vótála i Walton, Learpholl. Is cosúil gur le faitíos roimh na Coimeádaigh a chuaigh siad ann.
»»»Tá an t-inneall cuardaigh Google ag scriosadh na cruthaitheachta, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dorothee Uí Cheallaigh, Ionad Foghlama Chléire, Oileán Chléire, Contae Chorcaí.
»»»Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.
»»»Tá go leor aontachtaithe, Pastor Jack McKee ó Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste ina measc, atá sásta comhoibriú le poblachtánaigh ar bhonn áitiúil ach nach dteastaíonn uathu aon bhaint a bheith acu le Sinn Féin i dTionól Thuaisceart Éireann. Léiriú é seo, dar le Robert McMillen, ar an mhearbhall atá ar na haontachtaithe.
»»»Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile. Más fíor é sin, céard iad na himpleachtaí do pholasaí nua na Roinne Oideachais i leith an tumoideachais? D’fhiosraigh Breandán Delap an scéal.
»»»Ná déan nós is ná bris nós. Tá Kate Fennell ag glacadh le nósanna na Tuirce, go fiú nuair a chiallaíonn sé do leanbh a scaoileadh le daoine coimhthíocha a chasfar duit sa tsráid.
»»»Tá a fhios againn cérbh é Máirtín Ó Direáin ach bhí a mhacasamhail lastoir de Mhuir Mheann fágtha gan iomrá. Rinne Diarmuid Johnson iarracht an ceart a roinnt le fear díobh ar na mallaibh.
»»»Tá ceisteanna tromchúiseacha i bhfolach san aighneas tionsclaíoch sa Roinn Talmhaíochta, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.