Feictear do dhaoine baint a bheith ag an chruthaitheacht le galar meabhrach. Chuir Ciara Nic Gabhann spéis sa scéal.
Is rud uathúil é an chruthaitheacht a bhaineann a bheag ná a mhór leis an chine daonna amháin. Amharcann sé an-símplí mar fheiniméan ach is rud é atá an-chasta, i ndáiríre, agus is deacair a mhíníu.
Is ábhar é a spreagann go leor machnaimh agus cainte maidir le foinsí agus forbairt. An ó dhúchas duine a thagann an chruthaitheacht? An féidir í a fhoghlaim? An mbraitheann sé ar an tréimhse ina maireann tú nó an áit a bhfuil cónaí ort? Is cinnte go bhfuil freagraí ar na ceisteanna seo ar fad ach tá tuairimí eile ann a dhíríonn ar an nasc a d’fhéadfadh a bheith idir an chruthaitheacht agus meabhairghalar.
Dúirt an fealsamh Kierkegaard agus é ag machnamh ar an ábhar seo gurb é is file ann:
Duine míshona, a bhfuil a chroí réabtha ag buairt cheilte, ach a bhfuil a bhéal múnlaithe ar bhealach chomh speisialta sin, nuair a thagann osnaí agus olagóin amach as, go mbíonn binneas ceoil ag baint leo.
Ní rud nua é an tuiscint seo, mar sin, go bhfuil ceangal idir an chruthaitheacht agus galar meabhrach. Sa tsean-Ghréig, mar shampla, creideadh gur tháinig foinse na cruthaitheachta ó na déithe agus ó na spioraid. Is é Eros, mar shampla, a spreag an grá agus is iad Béithe na hÉigse a spreag an fhilíocht agus an ceol. Buile Dé a thug na Gréagaigh ar an spreagadh seo, agus chreid siad nach raibh fiúntas ar bith in aon rud cruthaitheach nár tháinig roimh ré faoi thionchar na mire diaga seo.
Dúirt Socraitéas ‘Má thagann duine chuig doras na filíochta, nach raibh i dteagmháil riamh le buile seo na héigse, agus a chreideann go ndéanfaidh scileanna cumadóireachta file maith de, ní bhainfidh a shaothar stuama céim na foirfeachta amach go deo, mar a dhéanfaidh saothar fhile na buile.
Ceist Arastatail
Agus chuir an fealsamh Arastatail an cheist cad chuige a raibh na fílí, na healaíontóirí agus na fealsúna is fearr ar fad luaite leis an lionn dubh?
Ná déanaimis dearmad, ach oiread, dár bhfile buile féin, Suibhne Gealt, a d’imigh, i ndiaidh dó uafáis na cogaíochta a fheiceáil i gCath Mhaigh Rátha, ar seachrán mire ar fud sléibhte agus coillte na hÉireann an 7ú Céad, ag déanamh cónaí sna crainn agus ag fógairt áilleacht agus diamhracht an dúlra ó bharr na gcrann i bhfilíocht shnoite cheolmhar.
Thosaigh aigneolathe agus síciatraithe ag déanamh staidéir ar ealaíontóirí agus síocóisigh sa 19ú Céad, agus ba é an síciatraí Iodáileach, Cesare Lombrosa, a d’aithin den chéad uair an nasc idir meabhairgalair agus an chruthaitheacht. D’úsáid sé leithéidí Beethoven agus Dostoevsky chun a theoiric a léiriú go raibh gach duine cruthaitheach ag fulaingt galar meabhrach de chineál éigin!
Leigheas gach Galair, Más ea, an Cógas
Bhí glacadh coitianta leis an tuairim seo anuas go dtí an 20ú Céad agus i rith an ama seo, spreagadh go leor ceisteanna casta. Dá mbeadh galar mar seo ar ealaíontóir, an ceart féacháil lena leigheas agus dul sa seans go múchfaí an leigheas spréach na cruthaitheachta ann chomh maith?
Bhíodh go leor den tuairim gurbh fhearr i bhfad drugaí agus teiripe le linn tréimhsí corraithe meabhrach agus an chruthaitheacht a choinneáil slán. Os a choinne sin, bhíodh daoine eile den tuairim go ruaigeann drugaí agus teiripe an fuinneamh agus an fonn a chothaíonn an duine cruthaitheach .
Dúirt an t-ealaíontóir Edvard Munch mar fhreagra ar dhuine a mhol leigheas dó agus é buailte le dúlagar gruaime, go raibh an galar mar chuid dá ealaín agus gan é, go scriosfaí an ealaín. Mhothaigh an scríbhneoir Virginia Woolf mar sin fosta, agus dúirt sí go raibh an síciteiripe mar a bheadh fuadach intinne ann, ainneoin go raibh scríbhneorí eile ag an am céanna den tuairim gur thug an teiripe níos mó saoirse dóibh le bheith cruthaitheach.
Ach bíodh an focal deiridh go fóill beag ag Kay Jamison, aigneolaí cliniciúil de chuid na linne seo. Is cuid de nádúr ealaíontóirí móra na samhlaíochta a bheith ag seoladh lom ar an ghaoth, a deir sí, agus iad ag breith leo ar ais focail is fuaimeanna a cheansaíonn buarthaí intinne a muintire.
Is cuid bhunúsach de dhaonnacht duine an chruthaitheacht agus is tríd na léargais a bhí ag daoine cruthaitheacha a d’fhás agus a d’fhorbair muid mar chine, agus is dual dúinn a bheith mar sin i gcónaí. Is iomaí ealaíontóir a d’íoc go daor as a chruthaitheacht, bua a chuaigh chun tairbhe dúinn uilig.
Naisc: http://ckuik.com/Soren_KierkegaardSocraitéas http://www.youtube.com/watch?v=k2KzymrmNa0Buile Suibhne http://www.ucc.ie/celt/published/T302018/index.htmlSuibhne http://www.encyclopedia.com/doc/1O70-Myrddin.html