AR NA SAOLTA SEO
An bhfuil bunús le seasamh an Aire Oideachais i leith an tumoideachais?
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile. Más fíor é sin, céard iad na himpleachtaí do pholasaí nua na Roinne Oideachais i leith an tumoideachais? D’fhiosraigh Breandán Delap an scéal.

Íomhá
An bhfuil bunús ar bith le seasamh an Aire Oideachais, Mary Hanafin, i leith an tumoideachais?
Íomhá
D'fhoilsigh Micheál Martin, a bhí ina aire oideachais ag an am, Curaclam Úr na Bunscoile
Íomhá
Íomhá
Bhí olc ar eagraíochtaí Gaeilge ar nós Fhoras na Gaeilge mar gheall ar threoir úr an Aire Hanafin

Níl bunús foirmiúil dleathach ag Curaclam Úr na Bunscoile (1999), atá á úsáid i scoileanna na tíre le hocht mbliana anuas. Sin é an tátal atá le baint as cáipéisí oifigiúla de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá i mo sheilbhse. Is cosúil nár tugadh an stádas dlíthiúil don churaclam faoin Acht Oideachais (1998) mar gheall ar nár leagadh rialacháin os comhair Thithe an Oireachtais ina thaobh.tagairtí don fhíric seo i gceithre cháipéis éagsúla de chuid na roinne a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Is léir ó na cáipéisí go bhfuil an éiginnteacht dhlíthiúil seo faoi stádas an churaclaim á plé sa roinn le beagnach dhá bhliain anuas. Go deimhin, bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal ó Mheitheamh na bliana 2006 ann.

Is cor úr é seo sa díospóireacht faoi theagasc an Bhéarla i ranganna naíonán de chuid scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. De bharr na gceisteanna dlíthiúla seo, is doiligh a mheas cén stádas atá ag an chiorclán a d’eisigh an tAire Oideachais i mí Iúil 2007, inar fógraíodh athruithe ar an luath-thumoideachas. Tá an luath-thumoideachas i ndiaidh a bheith mar pholasaí seasta ag cuid mhór scoileanna Gaelacha le fada an lá. Seo a leanas an fhianaise i dtaobh éiginnteacht dhleathach an Churaclaim: 1. I ríomhphost a chuir Margaret Kelly, príomhoifigeach de chuid na roinne, chuig comhghleacaithe sinsearacha dá cuid ar an 1 Feabhra 2006 deirtear: “Legal action has been threatened in the all-Irish school in Tralee which has been resisting this, but the legal advice questions the legal status of the curriculum.”

Tagairt a bhí anseo do Ghaelscoil Mhic Easmainn - scoil ina raibh achrann faoina bpolasaí gan Béarla a theagasc i ranganna na naíonán.

  1. I meamram faoin ghaelscoil chéanna a chuir Peter Baldwin, oifigeach sinsearach de chuid na roinne, chuig Hanafin agus ard-rúnaí na roinne ar an 14 Meitheamh 2006 deirtear:

“We have a revised Primary School Curriculum introduced in 1998. Schools should implement that curriculum until there is a revised curriculum or a revised policy in relation to its implementation (e.g. by the introduction of a policy on tumoideachas). The legal position is addressed in the note from Dalton Tatton at Tab D. Notwithstanding the fact that the curriculum has not been prescribed I would accept Mr Tatton’s view that a recognised school that fails to teach the curriculum is in breach of the Education Act, 1998.”

Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an fear Dalton Tatton a luaítear thuas. Tá ceannlitreacha an Aire Hanafin curtha leis an cháipéis seo ar an 22 Meitheamh 2006, lena léiriú gur léigh sí é.

  1. Is cosúil ó mheamram a d’ullmhaigh Martin Hanevy agus Eamon Stack ón roinn ar an 4 Aibreáin 2007 -- meamram a thugann achoimre ar chonclúidí an chruinnithe a bhí acu leis an aire an lá roimhe sin -- gur aontaíodh gur chóir bunús dlíthiúil a chur faoin churaclam:

*“It is proposed to proceed as follows: ...The drafting of regulations under the Education act to prescribe the primary school curriculum and to set out a specific requirement in relation to the teaching of English in Gaelscoileanna and Gaeltacht schools.” *

  1. Tháinig an t-amhras faoi stádas dlíthiúil an churaclaim chun cinn arís i meamram eile a chuir triúr oifigeach sinsearach de chuid na roinne chuig an aire ar an 8 Meitheamh 2007. Achoimre ar mholtaí a d’eascair as cruinniú de bhainistíocht na roinne a bhí ann: “In the medium term it will be important that regulations are introduced to prescribe the curriculum at primary and secondary level.”

Is cosúil ó na cáipéisí seo, ní hamháin go bhfuiltear in amhras maidir le stádas dlíthiúil an churaclaim, ach go raibh an roinn agus an tAire Hanafin ar an eolas faoin éiginnteacht a bhaineann leis. An tAcht Oideachais

Ba sa bhliain 1998 a reachtaíodh an tAcht Oideachais agus an bhliain ina dhiaidh sin, i mí Mheán Fómhair na bliana 1999, d’fhoilsigh aire oideachais an ama, Micheál Martin, Curaclam Úr na Bunscoile. Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.

In Alt 30 den Acht Oideachais, tá an bealach dlíthiúil leagtha amach fá choinne an curaclam “a fhorordú”. Is cosúil ón acht go gciallaíonn “forordú” ná go gcaithfeadh an t-aire rialacháin a leagan amach agus iad a chur os comhair na Dála agus an tSeanaid. Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm i ndiaidh 21 lá in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal. Ach ní dhearnadh de réir an phróisis seo i gcás Churaclam Úr na Bunscoile, agus tá amhras dlíthiúil ann faoina stádas dá bharr. Dá ndéanfaí de réir an phróisis, bheadh ar an aire an córas céanna a úsáid le haghaidh eisiúint an chiorcláin inar ordaíodh go mbeadh ar ghaelscoileanna dhá uair an chloig go leith de cheachtanna Béarla a theagasc in aghaidh na seachtaine.

Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann?

Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d’airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh. Ach ba dhoiligh dóibh an cás a argóint gur churaclam forordaithe é nuair nach ndearnadh de réir an chórais atá leagtha amach san Acht Oideachais féin.

Cén chiall atá le baint as seo ar fad? Tá a fhios againn anois nach bhfuil an curaclam "forordaithe" agus go bhfuil an Roinn Oideachais agus ag an tAire Hanafin ar an eolas faoi seo le tamall maith. Tá a fhios againn fosta, ó na cáipéisí thuasluaite, go bhfuil an roinn agus an t-aire araon ag beartú an curaclam a fhorordú anois.

Ach d’fhéadfadh ceist achrannach eile teacht as seo. Tugann an curaclam le fios gur treoirlínte atá ann, a mholann íosmhéid ama teagaisc d’ábhair ar leith. Ach a mhalairt atá sa chiorclán faoin luath-thumoideachais trí Ghaeilge.

Ordú, seachas moladh, atá ann.

Ceisteanna dlíthiúla

Thiocfadh leis tarlú, mar sin, go mbeidh ceisteanna dlíthiúla faoin chur chuige seo. Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas. Cé go bhfuil amhras ar an roinn féin faoi stádas dleathach an churaclaim, agus iad ag beartú é a fhorordú anois, níor chuir sé sin aon drogall ar oifigeach de chuid na roinne roimh bheith ag moladh don aire, ar an 14 Meitheamh 2006, gur chóir cumhachtaí eile faoin acht a úsáid le tabhairt ar Ghaelscoil Mhic Easmainn a pholasaí i leith an luath-thumoideachais a athrú:

“The board should be informed that the Department takes a serious view of the situation and is anxious for an urgent response that will be considered in the context of the Education Act 1998 including the provisions of Part IV (Boards of Management, their functions and provision for dissolution etc.)”

Tagann an t-eolas úr seo sna sála ar go leor conspóidí a bhaineann leis an cheist chigilteach seo. Cuireadh i leith an Aire Hanafin i dtús ama nach raibh taighde ar bith déanta aici sula ndearna sí a cinneadh i leith theagasc an Bhéarla i ranganna naíonán. Anuas air sin, dúradh gur bunaíodh polasaí náisiúnta ar thuairisc cigire a scríobhadh i leith scoil amháin i dTrá Lí, agus gur tugadh an chluas bhodhar don mhéid a bhí le rá ag Gaelscoileanna, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) nó Foras na Gaeilge ar an ábhar. B’amhlaidh an scéal don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Mheasúnachta (CNCM), a mhol gur chóir tuilleadh taighde a dhéanamh ar an ábhar. Bhí ceisteanna fosta faoin chinneadh an ciorclán a eisíodh roimh an olltoghchán a tharraingt siar, ach é a atheisiúint a luaithe is a bhí na vótaí caite. Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise atá ag Gaelscoileanna fadbhunaithe a léiríonn, dar leo féín, nach raibh aon cheist faoi chaighdeán an Bhéarla atá ag a ndáltaí – ach a mhalairt.

I gcomhráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge, COGG agus Gaelscoileanna ar na mallaibh, dúradh gur chúis díomá é go raibh míchruinneas tromchúiseach i meamram a cuireadh chuig an aire inar dúradh gur measadh nach ndéanfadh an treoir úr seo dochar ar bith do stádas na Gaeilge go ginearálta; sa phobal nó sna Gaelscoileanna. Bhí oiread oilc ar na heagraíochtaí faoin ráiteas úd gur éiligh siad go dtarraingeofaí siar é.

Dearcadh ceanndána atá ag an aire ar cheist an tumoideachais go dtí seo. Tá sé ráite arís is arís eile aici nach dtiocfaidh sí ar mhalairt intinne faoina ciorclán conspóideach, ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici a thacaíonn lena cinneadh. D’fhéadfaí fiafraí di, ar ndóigh, cad chuige nach bhfuil an oiread céanna flosctha uirthi chun tabhairt faoi ábhar eile nach bhfuil á theagasc go forleathan i mbunscoileanna na tíre – is é sin, an Ghaeilge. An mbeidh ciorclán eile á chur aici chuig bunús na mbunscoileanna eile lena chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas i leith mhúineadh na Gaeilge?

Nuair a chuir comhghleacaí de mo chuid i Nuacht TG4 sraith ceisteanna faoi bhráid na roinne faoi stádas dlíthiúil an churaclaim agus ag fiafraí cad chuige nach ndearnadh é a fhorordú, ní bhfuair sí mar shásamh uathu ach an ráiteas seo:

“The Department’s policy in this area, which has been set out in replies to Parliamentary Questions, is that all schools, including Irish medium schools, should provide the minimum recommended instruction time in English in the infant classes of 2.5 hours per week, this is to ensure that a full national curriculum is delivered to all children across the primary system.”

Fágfaidh mé faoi léitheoirí Beo! é a gcinneadh féin a dhéanamh maidir le cé acu an bhfreagraíonn sé seo na ceisteanna tromchúiseacha atá ardaithe faoin churaclam nó nach bhfreagraíonn. An bhfuil cúis faoi leith leis an easpa trédhearcachta faoin cheist seo?

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.