Ní fada an lá a bheas ‘sár-urghaire’ á lorg ag pearsa mór le rá in Éirinn le stop a chur le nochtadh eolais faoina shaol priobháideach, dar le Breandán Delap.
Is fada iriseoirí agus dlíodóirí in adharca a chéile faoi chearta an duine aonair saol príobháideach a bheith aige agus saoirse cainte na meán. Tá áit lárnach ins an díospóireacht seo ag an choincheap ar a dtugar ‘leas an phobail’. Ach ar ndóigh ní hionann leas an phobail agus an rud a chuireann an pobal suim ann.
Uirlis atá tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe. Tugtar ‘sárurghaire’ air cionn is go gcuirtear cosc, chan amháin ar fhoilsiú an eolais ach ar aitheantas an té atá i gceist fosta. Ní hamháin sin, ach níl sé ceadaithe tuairisciú a dhéanamh ar an iarratas don urghaire ná an té atá á lorg a ainmniú. De bharr sin, bíonn na nuachtáin lán le scéalta faoi ‘pheileadóir mór le rá’ nó ‘polaiteoir aitheanta’ nó ‘siamsóir cáiliúil’ nó ‘aisteoir iomráiteach’ atá ag cur gobáin ar nochtadh na fírinne. Chan amháin nach bhfuil a fhios ag an phobal faoina raibh ar siúl ag na daoine anaithnide seo ach go minic ní bhíonn a fhios acu ach an oiread cad é go díreach nach bhfuil ar eolas acu!
Rud amháin atá ar eolas againn ná go bhfuil a leithéid d’ordú bainte amach ag daoine iomráiteacha ar nós an peileadóir John Terry, an t-iriseoir Andrew Marr, an galfaire Colin Montgomerie, an ceoltóir Howard Donald ó Take That agus an bancaire Fred ‘the Shred’ Goodwin. Ghlac breithiúna na Breataine leis go dtí seo nach gá go mbeadh foilsiú an eolais seo ar leas an phobail agus gur chóir fosta cosaint a thabhairt do dhaoine neamhurchóideacha, ar nós leanaí, a bheadh thíos le nochtadh na gcaidreamh.
Anó Scéalta na Liarlóg
Maíonn go leor iriseoirí gur bhagairt do shaoirse cainte na meán iad na ‘sárurghairí.’ Ceapann go leor eile, áfach, nach bhfuil iontu ach aisfhreagra ar chíocras áilíosach na nuachtán thablóideacha: It is the natural consequence of unwarranted tabloid intrusion into the bedrooms of assorted celebrities and, as such, does not threaten proper journalism. As far as we can tell, no order has been granted on the grounds of protecting a person’s privacy that has prevented the reporting of a story of genuine public interest.’ (‘Editors tangle with the zip code’ le Roy Greenslade in The Guardian 2/5/11).
Níl aon chosc ar ainmniú na mná a bhí páirteach sna caidrimh sheachphósta, áfach, rud nach bhfuil sásúil ná cothrom. B’amhlaidh an cás d’Imogen Thomas (iar-Miss Wales agus iomaitheoir ins an chlár Big Brother) a raibh caidreamh gnéis aici ar feadh sí mhí le peileadóir pósta a bhíonn ag imirt i bPríomhroinn Shasana. Mhaígh sí nach raibh aon chosaint aicisean ón iniúchadh tablóideach. Nochtadh ainm an pheileadóra úd ó shin faoi phribhléid na Parlaiminte – Ryan Giggs – cé go raibh sé seo ar eolas ag an saol fódhlach a bhuíochas don twitterati.
Is fiú a rá, nach bhfuil aon amhras ann ach gur fhoilsigh roinnt nuachtán tablóideach scéalta i gcaitheamh na mblianta ó mhná a bhí ag iarraidh dúmhál a chur ar fhir iomráiteacha a chuaigh chun leapan leo. ‘Honey traps’ nó ‘póg-agus-inis’ a thugtar ar a leithéid de chleachtas i mbéarlagair na ceirde.
Lena chois sin, maítear fosta gur phróiseas thar a bheith costasach atá ann agus nach bhfuil sé d’acmhainn ag daoine bochta ‘sárurghaire’ a lorg. Ar ndóigh, is beag suim atá ag na nuachtáin i spallaíocht éinne nach bhfuil cáiliúil agus is dócha ná a mhalairt nach mbeadh a leithéid de dhuine gann ar mhaoin an tsaoil mar thoradh ar an cháil sin.
Tá an Saol Athraithe
Ach tá an t-idirlíon ag déanamh mugadh magadh don sárurghaire. Níl le déanamh ag an té atá gafa le cultúr na gceiliúrán ach dul ar líne le teacht ar ainmneacha na ndaoine cáiliúla ar bronnadh urghairí orthu. Go deimhin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil feachtas ar bun ar an idirlíon le dúshlán a thabhairt do na horduithe gobáin agus leis na séala dlíthiúla a scaoileadh. Tá an twitterati in ann luach na mílte punta de chaingin chúirte a chur ó mhaith le scríob amháin den mhéarchlár. Eascraíonn go leor ceisteanna dlíthiúla, eiticiúla agus mórálta as seo faoi chearta phríobáideachais agus na meáin. Go príomha, caithfear a fhiafraí an féidir aon ní a choinneáil faoi choim in aois seo an idirlín?
Óir is fearann fiáin, aindleathach é an an cibearspás nach n-aithníonn aon teorainn fhísiúil, chluaise ná scríofa. Anuas ar sin, is léir go bhfuil na meáin úra ag feidhmiú lasmuigh den chomhthéacs eitice agus dlíthiúil atá leagtha síos do na meáin sheanbhunaithe le fada. Níl de rogha anois ag an cheiliúrán a shantaíonn an príobháideachas ach fanacht sa bhaile!
É sin, nó an dlí a chur ar na daoine atá ag sárú orduithe na gcúirteanna. Ach cén chaoi ar féidir a leithéid a dhéanamh nuair is postálacha anaithnide a bhformhór acu? Agus cad faoi Twitter atá lonnaithe i gCalifornia agus nach dtiteann faoi dhlinse dlí na Breataine? Tá iarracht á déanamh ag an pheileadóir Ryan Giggs an dlí a chur ar an tsuíomh agus brú a chur air ainmneacha na ndaoine a sháraigh an t-ordú a thabhairt ar láimh. Drochsheans go n-éireoidh leis, áfach.
Tá an tsíorhchoimhlint idir na meáin úra agus na meáin thraidisiúnta dulta i mbinibe ó thosaigh díospóireacht faoi na ‘sárurghairí.’ Ar láimh amháin, tá na meáin úra ag maíomh go bhfuiltear siúd in innimh eolas a nochtadh nach bhfuil ceadaithe do na meáin thraidisiúnta. Ach ar ndóigh, tá difir lá agus oíche idir na meáin a fheidhmíonn ar bonn dleathach agus eiticiúil agus scaoilteacht na ngréasán shóisialta, inar féidir le duine ar bith (faoi sciath na díth ainm, nó ainm cleite) rud ar bith ar chor ar bith a rá faoi dhuine eile, beag beann ar an fhírinne. Go deimhin, b’éigean do leithéidí Gabby Logan, Jeremy Clarkson agus Jemima Khan ráflaí na meán sóisialta go raibh caidrimh sheachphósta acu a shéanadh go poiblí. Bhí an triúr acu (agus neart eile lena chois sin) ainmnithe ar shuíomhanna éagsúla mar dhaoine a bhain urghairí amach le cosc a chur ar fhoilsiú eolais rúnda fúthu. Tá codarsnacht shoiléir le sonrú sa chás seo idir inchreideacht na meán fhadbhunaithe agus bréagadóireacht an idirlín.
Ag Santú Scéil
Bíodh sin mar atá, is cinnte nach fada uainn an chéad ‘sárurghaire’ ins an tír seo mar go bhfuil na nuachtáin thablóideacha ag baint na sála dá chéile ag iarraidh teacht ar an shalachar is gránna faoi mhórphearsain áirithe. Tá sé seo ag tarlú siocair nach bhfuil ag éirí le hiarrachtaí féinrialaithe an tionscail. Níl go leor fiacla ag an Ombudsman Preasa ná ag an Chomhairle Preasa chun srian a chur ar an iriseoir a dhéanann treascairt ar shaol príobháideach daoine iomráiteacha. Níor éirigh leis an chóras rialacháin scaoilte a bhíodh i bhfeidhm do bhainc na tíre agus níl aon chúis go gceapfadh éinne go n-éireoidh a dhath níos fearr le córas féinrialaithe na meán clóite. Is maith ann an tOmbudsman ach ní chuirfidh na cumhachtaí teoranta atá aige lá buairimh ar an eagarthóir tablóideach.
Léiríonn figiúirí díolacháin leithéidí The Irish Daily Star agus an News of the World go bhfuil ráchairt mhór ar scéalta den chineáil sin in Éirinn. Tá go leor daoine sásta scéalta suaracha faoi dhaoine cáiliúla a léamh, beag beann ar na healaíona dorcha a úsáideadh le teacht orthu. Go deimhin is dócha go gcuireann scéalta salacha den chineál sin go mór le díolaíocht nuachtán. A fhad is go bhfuil éileamh ann dá leithéid, leanfar ag sárú an phríobháideachais in Éirinn. Mar atá ag tarlúint faoi láthair i Sasana fágfar faoi na cúirteanna guaim a choinneáil ar an daoscarshlua tablóideach. Tiocfaidh méadú dá réir ar an bhrú a bheas ar pholaiteoirí na tíre dlíthe príobháideachais a achtú in Éirinn.
Níl gar a shéanadh mar sin go mbeidh iarrachtaí ar bun i gcúirteanna na tíre agus i dtithe an Oireachtais b’fhéidir, teorainneacha traidisiúnta an phríobháideachais in Éirinn a chúngú sna blianta beaga amach romhainn. Níl aon amhras ach chomh beag go mbeidh uirlisí na meán úr á leathnú!
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.