5874
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Déanann Liz Curtis cur síos ar na himeachtaí iontacha a bhíonn ar siúl i mí Lúnasa i nDún Éideann, an chathair a bhfuil sí ag cur fúithi inti faoi láthair.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: Éile Rua: an chéad seilchí le Gabrielle Ní Mheachair (Cois Life). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»I rith na míosa seo caite, chaith Colm Mac Séalaigh lá taitneamhach ag breathnú ar na Géamannan Gáidhealach – nó Cluichí na nGarbhchríoch, mar a thabharfaí orthu sa Ghaeilge – a bhí ar siúl ar Eilean Sgitheanach na hAlban agus fuair sé léargas suimiúil ar an spraoi agus an spórt a bhaineann leo.
»»»Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi in Oifigí Ghaillimh le Gaeilge chun fiafraí faoin eagraíocht agus faoina fód dúchais.
»»»Seo chugainn an ‘ríomhlitríocht’ agus chuaigh Diarmaid Mac Mathúna ina bun cheana féin. Nochtann Diarmaid a thuairim féin linn san alt thíos ar áiseanna léitheoireachta atá ar an margadh ag dhá chomhlacht cheana féin, mar atá, an Sony Reader agus an iPhone.
»»»Molann Pat Butler scannán as críocha na Rúise san alt seo. Aleksei Fedorchenko a cheap Silent Souls a chíorann ‘téagar nach feas dúinn i gcuimhne an chine ... cumhacht nach samhlaímid i dtiomantas an traidisiúin’.
»»»Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa. Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.
»»»Is iomaí bean, roinnt milliún acu, a chaill a cearta i bhfad óna muintir ar shaol leochaileach na himirce, mar a fhuair Alan Desmond amach.
»»»Beidh spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gaeltachtaí na Mumhan.
»»»Chaith Brian Ó Broin seal ag cíoradh scéalta le muintir club leabhair i Nua-Eabhrac. Bíonn freastal níos fearr ar Chlub Leabhair Nua-Eabhrac ná mar a bhíonn ar a mhacasamhail in Éirinn.
»»»Tá an-mheas go fóill, a deir Tony Birtill, orthu siúd as Éirinn agus an Bhreatain a throid in aghaidh na bhfaisisteach sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha sna tríochaidí.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Carna i gConamara.
»»»Bhí Tony Birtill in ísle brí le gairid tar éis dó an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe a bhaineann le hÉirinn a léamh. Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.
»»»Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.