Chaith PJ Mac Gabhann seal i Chamonix na Fraince le gairid agus é de rún aige roinnte dreapadóireachta a dhéanamh. Cé gur álainn na sléibhte, dar leis, caithfidh meas a bheith ag cnocadóirí orthu i gcónaí agus a bheith chomh cúramach agus is féidir.
Dhá chéad bliain ó shin, ar an 14 Iúil 1808, d’éirigh le Marie Paradis barr Mont Blanc a bhaint amach, an chéad bhean riamh a sheas ar bharr an tsléibhe is airde san Eoraip. Ar theacht anuas di, cuireadh ceist uirthi conas mar a bhí an turas. Dúirt sí, “Bah, c’était tout blanc où j’étais et tout noir où je regardais. J’étais fatiguée!” *Tugadh *La Paradisa uirthi feasta in omós an éachta a rinne sí; gnáthbhean tuaithe as baile beag Les Houches atá suite thart ar chúig chiliméadar ó Chamonix. Is ar Chamonix a bhí mo thriall, ar thóir aimsir mhaith cinnte, ach theastaigh uaim aithne a chur ar an taobh seo tíre agus é a fheiceáil gan é a bheith clúdaithe faoi bhrat sneachta. Bhí lóistín agam i lár an bhaile féin, in Óstán Le Savoy, agus radharc agam ar an Mont Blanc.Tagann na céadta míle duine go Chamonix gach samhradh agus spéis ag an gcuid is mó acu dul amach ag siúl nó ag cnocadóireacht ar na sléibhte. Tá sé éasca an cnocadóir críochnaithe a aithint – é/í tanaí ar nós ghabhair na sléibhte agus daite ag solas na gréine agus gaoth an tsléibhe agus bíonn coiscéim éadrom aige. Ba chnocadóirí iad cuid mhór de na daoine a bhí ag fanacht san óstán liom. Ba nós leo éirí go luath gach maidin – thart ar a seacht a chlog – bricfeasta breá a ithe, picnic a réiteach dóibh féin agus a bheith glanta amach as an óstán agus ag tabhairt aghaidhe ar na sléibhte roimh a naoi. Bhí na daoine seo dáiríre faoin siúl agus bhí meas acu ar na sléibhte. Níor theastaigh uathu a bheith ag breathnú suas orthu ach a bheith thuas ina lár.Siúlóidí éagsúlaThuig muintir an óstáin é sin go maith. Gach uile lá, cé is moite den Satharn (lá “repos” na dtreoraithe) agus ag brath ar an aimsir, eagraítear siúlóidí difriúla le freastal ar chnocadóirí de gach cumais. Is mar seo a roinntear na siúlóidí:
· Glas – maireann an tsiúlóid ghlas thart ar dhá uair an chloig go hiondúil. Bíonn dreapadh de idir 0 agus 200 méadar i gceist ar ghnáthluas siúil agus tugtar go leor sosanna do dhaoine le seans a thabhairt dóibh nithe éagsúla a thabhairt faoi deara agus le foghlaim faoi stair agus dúlra an ghleanna .
· Gorm – go minic bíonn siúlóid leathlae (trí uair an chloig) i gceist ach uaireanta eile, déantar siúlóid lae agus bíonn picnic ag teastáil chuige sin. Bíonn dreapadh de idir 200 agus 600 méadar sa tsiúlóid seo agus arís is ar ghnáthluas siúil a dhéantar í, ach ní bhíonn an méid céanna sosanna i gceist.
· Dearg – siúlóid lae seachas leathlae. Bíonn dreapadh de idir 600 agus 900 méadar i gceist agus bíonn luas maith siúil riachtanach. Téitear ar na siúlóidí seo chuig áiteanna níos airde agus, dá bhrí sin, níos dainséaraí.
· Dubh – siúlóid lae. Bíonn dreapadh de idir 900 agus 1200 méadar (nó níos mó) i gceist.
Bíonn treoraí oilte ón eagraíocht La Compagnie des Guides de Chamonix i gceannas ar gach siúlóid. Bailíonn siad le chéile go luath tar éis a hocht a chlog gach maidin taobh amuigh den óstán, ag caint eatarthu féin faoi chúrsaí aimsire, ag cur comhairle ar a chéile faoi chumas na ndaoine atá cláraithe don tsiúlóid ar an lá áirithe sin agus ag déanamh cinnte go bhfuil gach cnocadóir réitithe don lá; go bhfuil buataisí maithe acu, cosaint ón ngrian agus ón mbáisteach, uisce agus picnic. Faigheann méid áirithe daoine bás sna sléibhte gach samhradh agus iad amuigh ag siúl nó ag dreapadh. Is áit dháinséarach é an t-ardsliabh – idir chlocha titime, dhrochaimsir agus mhaidhme sneachta – ach déanann an treoraí cinnte nach gcuirtear saol an tsiúlóra i mbaol.Shocraigh mé cloí leis an gclár siúlóidí a bhí leagtha amach ag an óstán dúinn. Thug mé faoi shiúlóid ghlas an chéad lá. Bhí thart ar ochtar againn sa ghrúpa an mhaidin sin agus d’fhoghlaim mé an t-uafás ón treoraí a bhí linn, François, faoi Chamonix féin agus faoin saol atá ag na daoine atá ina gcónaí ansin. Labhair sé go speisialta faoin mbrú atá an lucht tógála ag cur ar an údarás áitiúil cead a thabhairt dóibh tithe agus árasáin a thógáil i gceantair atá faoi bhagairt shíoraí ag maidhme sneachta. Cé go bhfuil cosc iomlán ar thógáil sna háiteanna seo, tarlaíonn go dtógtar tithe iontu mar sin féin. “Fad is a bheidh éileamh ar thithe agus ar árasáin i measc an lucht saoire,” a dúirt François, “gheofar bealach le teacht timpeall ar na coinníollacha pleanála agus leanfar den tógáil.”De réir mar a chuaigh an tseachtain ar aghaidh, lean mé liom ag siúl agus ag dul, de réir a chéile, ó ghlas go gorm, ó ghorm leathlae go gorm lae, agus sa deireadh, go dearg. Agus muid ag filleadh abhaile an tráthnóna tar éis dúinn an tsiúlóid dhearg a dhéanamh, thosaigh na cnocadóirí ag caint faoi shiúlóid an lae dar gcionn. La JonctionLa Jonction a thugtar ar an tsiúlóid dhubh lae agus tá sí cáiliúil sa mhéid is gurbh é an chéad chuid den bhealach a thóg Michel Gabriel Paccard agus a threoraí, Jacques Balmat, agus iad ag dul go barr Mont Blanc. Ba iad na céad daoine riamh a bhain barr an tsléibhe amach ar an 8 Lúnasa, 1786. “Meas tú an mbeinn in ann chuige?” a d’fhiafraigh mé de Christine, an treoraí a bhí linn an lá sin. “Oui,” arsa sí, “aucun problème!”Tugtar La Voie Paccard ar an gcosán a ghearr Paccard agus Balmat amach dóibh féin agus iad ar a mbealach suas go barr Mont Blanc sa bhliain 1786. Is rí-annamh a thógtar an cosán seo anois mar meastar go bhfuil sé ródhainséarach.
Bhí muidne chun an chéad chuid den dreapadh a dhéanamh, suas go háit ar a dtugtar Le Gîte à Balmat (atá 2560 méadar in airde), mar is anseo a chaith Paccard agus Balmat an oíche agus iad ar a slí suas Mont Blanc. 300 méadar níos faide suas, tagann tú ar oighear agus sneachta.Bhí lá iontach againn. Bhí an aimsir i gceart. Thosaigh muid amach ag siúl i sráidbhaile beag, Les Bossons, ata suite1250 méadar in airde go luath roimh a naoi a chlog. 1600 méadar níb airde suas agus ceithre huaire ní ba dhéanaí, bhí lón againn os comhair an oighearshrutha. D’oscail duine de mo chomhchnocadóirí buidéal fíona chun ár gcuid iarrachtaí a cheiliúradh. D’ól muid deoch i gcuimhne ar Paccard agus Balmat. I bhfad uainn, chuala muid torann mar a bheadh toirneach ann. “Avalanche,” a dúirt an treoraí, “mais ici on ne craint rien.”Níor thuig muid go dtí gur tháinig muid ar ais chuig an óstán an tráthnóna sin go raibh ar a laghad ochtar tar éis bás a fháil ar Mont Blanc go luath an mhaidin sin – triúr ón Eilbhéis agus cúigear ón Ostair. Tar éis cúpla bliain a chaitheamh ag obair i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, tá cónaí ar PJ Mac Gabhann san Fhrainc faoi láthair, áit a bhfuil sé ar ais ag staidéar.