Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stór focal ag baint le mothúcháin (i measc rudaí eile).
Níor dhóigh le Rita go raibh a dhath níos measa ar chlár na cruinne ná an chéad lá i bpost úr. Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna. Bhí sí luath mar is dual don té atá úr, is dócha, nó nár mhaith a bheith mall ar an chéad lá. Bhí a fhios aici cá raibh a deasc féin agus tharraing sí air, chuir an ríomhaire ag dul agus shuigh isteach.
Tháinig na hoibrithe uilig isteach de réir a chéile, duine ar dhuine. Ach níor chuir aon duine as nó uaidh Rita go dtáinig bainisteoir na hoifige isteach. Tharraing sí uirthi, bheannaigh di, agus chroith sí lámh go croíúil le Rita.
“Rinne tú do bhealach” arsa bainisteoir na hoifige.
“Rinne, tháinig mé den bhus ag an stad sin trasna an bhealaigh. Tá sé iontach sásta,” arsa Rita.
Leag an bainisteoir amach na cúraimí a bheadh uirthi agus gheall di nach mbeadh sí i bhfad ag teacht isteach ar an obair ná ar an oifig úr. Is é a chéad rud a fuair Rita le déanamh ná litir a chur suas ar an ríomhaire and ansin á bualadh amach. Ní chuirfeadh sin lá stró uirthi. Agus níor chuir. Bhí an litir scríofa agus ní raibh le déanamh ach á bualadh amach. Ach cibé a bhí déanta aici bhí an clódóir ag spalpadh amach cóip i ndiaidh cóipe den litir chéanna. Bhí leisce ar Rita cuidiú a iarraidh ar dhuine ar bith, go háirithe ar an chéad lá. Níor imigh seo ar Chaitríona a bhí ina suí i ndeas do Rita agus rinne sí tarrtháil uirthi sula raibh de pháipéar sa teach úsáidte aici.
“Ná bíodh lá buartha ort,” arsa Caitríona. “Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan. Mar is mó deifre atá ort, mar is mó a dhéanann sé a chomhairle féin. Mise Caitríona.”
“Rita,” arsa an bhean eile ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil.
“Ta mé ag dul suas a dhéanamh tae domh féin,” arsa Caitríona “Ar mhaith leat braon? An ólann tú bainne agus siúcra?”
“Chan ólaim ceachtar,” arsa Rita. “An mbeidh briosca agat leis an tae?”
Chroith Rita a ceann arís.
“Anois,” arsa Caitríona, “ní dhéanfaidh briosca beag dochar ar bith duit. Níl greim ort.”
A fhad agus a bhí sí ag fanacht leis an tae, bhí Rita ag cúléisteacht le comhrá giorraisc idir beirt ar chúl seastáin in aice léi.
“Tá mé dubh san aghaidh ag inse duit saothar a ghlacadh le do chuid oibre. Cén mhaith domhsa a bheith ag cur na tuairisce scáinte seo suas chuig an Stiúrthóir. An bhfuil tú ag meas go mbeadh sí ina shásamh?”
“Níl.”
“Níor shíl mé go mbeadh. Bhí trí lá agat lena dhéanamh agus seo a bhfuil ar a shon agat. Tá tú ag tarraingt na gcos ó tháinig an tseachtain. Fan go bhfeicfidh an Stiúrthóir seo, bainfidh sé an gaosán duit.”
Bhí an t-allas ina rith le Rita fán am a tháinig Caitríona ar ais leis an tae agus na brioscaí. Lig sí uirthi nár chuala sí faic na fríde, í buíoch beannachtach gur Caitríona a bhí ina haice seachas fear na teanga géire. Bhí grágán catach rua, bruitíneach bhréige agus dhá phluc chruinne dhearga ar Chaitríona. Ar dhóigh inteacht, bhí cuma na féile uirthi.
“Hobnobs,” arsa Caitríona.
Níor lú ar Rita an diabhal ná Hobnobs ach ní ligfeadh an náire di gan a n-ithe. Bhain sé greim as ceann acu. Leis sin, thosaigh an fear a bhí ar chúl an tseastáin arís, chuaigh grabhróg lena hanáil agus ann ach nár tachtadh í ar an toirt. Bhí sí náirithe glan anois. Rinne Caitríona tarrtháil uirthi arís. Shín sí cupa ina treo.
“Ól siar bolgam den tae sin,” arsa Caitríona.
Bhain Rita súimín faichilleach as an tae agus diaidh ar ndiaidh tháinig sí chuici féin.
“A léithéid de lá,” arsa Rita léi féin nuair a bhí an racht casachtaí curtha thairsti.
“Dia idir tú agus na brioscaí,” arsa Caitríona, “ní sháithfidh mé síos do sceadamán iad an chéad iarraidh eile. Tá seanbhlas orthu cibé.”
Leis sin, tháinig an fear a bhí ag déanamh an racáin amach as cúl an tseastáin. Bhí sé caol fada, a bholg buailte thiar ar a dhroim agus scead liath os cionn an dá chluais aige. Shiúil sé anonn go dtí an taobh eile den oifig agus thug anuas comhad a bhí ar sheilf ansin. Phill sé leis. “Treabh fríd an chomad sin anois,” arsa seisean, " nó tá mé ar an dé deiridh agat. Mura mbíonn feabhas ar an tuairisc sin an iarraidh seo, beidh litir ghearáin ag dul i do chomhad féin.”
“Beidh, má tá a dhath le déanamh agatsa leis,” arsa an fear eile faoina anáil.
“Cad é a dúirt tú?” arsa an fear fada.
“Dath ar bith, dath ar bith,” arsa an fear eile.
Ní raibh brí míoltóige i Rita anois i ndiaidh na casachtaí sin uilig agus cé go raibh a fhios aici go raibh Caitríona ar á dícheall í a chur ar a suaimhneas, bhí beaguchtach uirthi i ndiaidh comhrá na beirte eile a chluinstin.
“Níl a fhios agam cad chuige nach gcuireann sé suas don phíle sin. Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa, tá mé ag inse sin duit. Chuirfeadh sé féin agus a chuid orduithe na blianta ort. ‘Ná bain de sin.’ ‘Tabhair anall seo.’ ‘Tabhair anuas siúd.’ Tá mé bodhar ag éisteacht leis,” arsa Caitríona.
Baineadh stangadh as Rita, rud a rinne balbhán di.
“Seo,” arsa Caitríona, “féadann muid cromadh ar an obair nó beifear ag déanamh gur ag meilt ama atá muid.”
Chrom siad beirt ar an obair.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.