295
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Níl sé furasta teanga eile a fhoghlaim ná níl an saol sách fada le haon teanga amháin a fhoghlaim i gceart, dar le PJ Mac Gabhann.
»»»Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal a bhain le ní nár cheart, dar le dream margaíochta, a nochtú feiceálach os comhair an phobail.
»»»D’éirigh le John Drewe agus John Myatt bob ollmhór a bhualadh ar shaol na healaíne i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí. Ach anois, táthar i mbun léiriúcháin ar scannán a bheidh bunaithe ar scéal na beirte míchlúití, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ón mhí seo ar aghaidh.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
»»»Ag eascairt as léacht a thug Máire Mhic Róibín in Ard Mhacha an tseachtain seo chuaigh thart, meabhraíonn Robert McMillen dúinn gur mithid coiscéim eile a ghlacadh anois ar bhealach na síochána.
»»»Níl Roseanne Smith ag iarraidh ort aon ní a phléascadh nuair a bheas tú amuigh ar sodar tráthnóna, ach coimhéad d’intinn nuair a amharcfas tú ar shuíomh idirlín thall is abhus.
»»»Tá bogearraí cumhachtacha le fáil saor in aisce na laethanta seo ar ríomhairí, bogearraí a chuireann ar chumas daoine eagarthóireacht físe agus fuaime a dhéanamh. Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén fáth a bhfuil comhlachtaí ríomhaireachta sásta iad seo a chur ar fáil gan aon chostas.
»»»Dhiúltaigh coláistí éagsúla ealaíne áit a thabhairt do Mark “Rasher” Kavanagh ar a gcúrsaí i lár na nóchaidí ach anois tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar ealaíontóir agus tá Tom Cruise i measc a chuid custaiméirí. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.
»»»Is ag athrú chun feabhais atá dearcadh mhuintir na hAstráile ar mhuintir na hÁise atá ag triall ar a dtír mar lucht oibre. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin nach amhlaidh a bhí i dtólamh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: péinteáil tí
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar strae i mbaile coimhthíoch.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gur gá don Chumann Lúthchleas Gael níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cumainn áitiúla.
»»»An dtiocfaidh Méara Toronta, Rob Ford, slán an iarraidh seo nó an mbáfar an Mac Conshnámha áirithe seo lámh le cuain? Tá Eoin Ó Catháin i gCeanada faoi láthair sin í an cheist atá ar dhaoine ina thimpeall.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.