Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: péinteáil tí
Bhí Seán ina shuí ag an tábla agus é ag amharc amach ar an fhuinneog. “Éirigh amach as sin leat! Ná bí do shuí ansin ag amharc uait agus an obair ag éirí thuas orainn. Éirigh!” arsa Máire.
“Is maith atá a fhios agam cad é atá le déanamh againn. Ní falsacht atá ann - níl mé ach ag fanacht le fir an chábla. Níl iomrá ar bith orthu,” arsa Seán.
“Órú tú féin agus an teilifís. Ní bhfaighidh tú bás cúpla lá gan é,” arsa Máire. “B’fhearr duit i bhfad toiseacht ar an phéinteáil. Tá tú ag méaradradh thart ansin ó tháinig an mhaidin.”
“Tabhair domh an scuab bheag sin, bhuel, agus bhéarfaidh mé iarraidh ar na poill amscaí sin uilig nár bhuair tusa do cheann fúthu,” arsa Seán.
“Agus cad é go díreach iad sin anois?” arsa Máire.
“Bhuel, na poill sin thart fán bháisín níocháin agus an leithreas, agus tá cúl an radaitheora le déanamh fosta,” ar seisean.
D’fhág Máire na bearnaí sin d’aon turas agus bhí sé de rún aici pilleadh orthu nuair a bhí na ballaí déanta. Is é an rud deireanach a bhí de dhíth uirthi nó Seán a bheith ag dul daofa nó bhí sé fá ordógaí uilig nuair a bhí sé i gceann obair mhion ar bith.
“Ná buair do cheann fá sin,” ar sise. “Tabhair leat scuab mhór agus gabh i gceann na mballaí. Dhéanfaidh muid dul chun cinn i bhfad níos fearr an dóigh sin.”
“B’fhéidir go bhfuil an ceart agat,” arsa Seán agus is air a bhí an faoiseamh nó níor lú air an diabhal ná an mhionobair amaideach sin.
Lean siad orthu mar sin tamall agus gan ceachtar acu ag cur as nó uaidh an duine eile go dtí gur dhúirt Máire léi féin go raibh luas neamhshaolta leis an phéinteáil a bhí Seán a dhéanamh - bhí an seomra folctha péinteáilte aige.
“Ná hinis domh nach bhfuil tú ag cur dhá chóta ar na ballaí sin. Tá mo theanga caite agam ag inse duit nach mairfidh an phéint bomaite istigh anseo gan bunchóta. Bheadh sé chomh maith agat a bheith ag cur uisce air gan bunchóta,” arsa Máire.
“Órú dhéanfaidh sé gnaithe an iarraidh seo,” arsa Seán. “Tá mé dubh-thinn ag amharc ar phéint. Beidh tú ag athrú an datha arís cibé; cinnte le Dia mairfidh sé an fhad sin.”
Phill Máire ar an phéinteáil ach thiocfadh léi monamar a chluinstean ón tseomra folctha. Bhí Seán ag gearán leis fán phéint, fán dath, fá na ballaí, fán tsaol. Rinne Máire neamhiontas dó nó bhí a fhios aici go dtiocfadh sé chuige féin luath nó mall. Ach tháinig leisc uirthi faoin mhéid gearán a rinne sí féin leis agus, le déanamh suas ar a shon, chuaigh sí siar na cisteanach le cupa tae a dhéanamh dó. Bhí sí ina seasamh ansin ag fanacht leis an chiteal goil nuair a chonaic sí ball dubh os cionn an phriosa sa choirnéal. Scairt sí ar Sheán. “A Sheáin, gabh anuas go bhfeice tú seo.”
Seo isteach Seán agus é ag tarraingt a chuid cos ina dhiaidh.
“Is mór an gar nach raibh an teach ar thine,” arsa Máire. “Amharc thuas udaí. An sin taisleach?”
“Órú, níl ann ach paiste beag. Is furasta a leigheas. Shíl mé gur thit an tóin as an spéir leis an bhúireach a bhí ort,” arsa Seán agus thiontaigh sé ar a shála agus suas an staighre leis arís.
“Bhuel scrios fia ort,” arsa Máire. “Beidh do theanga amuigh sula ndéanfaidh mise cupa tae duit anois.”
Leis sin, bhuail duine inteacht cnag ar an doras. D’amharc Seán amach ar fhuinneog an tseomra tosaigh. “Buíochas do Dhia mór na glóire - fir an chábla. Beidh mé ábalta an cluiche peile a fheiceáil anocht,” ar seisean leis féin. Agus ar ndóighe, thug sé leithscéal dó an scuab a sháitheadh sa phéint ar feadh tamaill fosta.
“Gabh ár leithscéal as a bheith chomh mall seo,” arsa an fear a tháinig go dtí an doras, “ach tá an mhaidin caite againn ag iarraidh cábla a chur fríd garraí a bhí lán cloch. Tá ár gclár ama as a riocht glan anois agus inseoidh mé an fhírinne duit, tá ag muid ag deireadh na péice. Beidh cuid den liosta nach bhfaighidh muid a fhad leo an anóirthear fiú!”
“Seo, gabhaigí isteach anois agus dhéanfaidh mé cupa tae daoibh. Suígí fúibh ansin. An ólann sibh bainne agus siúcra?” arsa Seán.
Nuair a bhí an tae ólta ag na fir oibre, thosaigh siad ar an obair. Pholl siad an balla tosaigh agus tharraing siad isteach an cábla ón taobh amuigh. Cheangail siad an bosca bairr leis an teilifís. “Sin tú anois,” arsa an t-oibrí agus shín sé an cianrialtán chuig Seán.
“Cogar,” ar seisean, “cén dóigh a bhfaigheann tú Sky Sports?” D’amharc an bheirt acu thar a ngualainn ar an chisteanach agus bhrúigh an t-oibrí cúpla cnaipe.
“Sin agat anois é,” ar sé. “Bain sult as an chluiche.”
Chuaigh Seán siar na cisteanach. “Is dócha go bhfuil tú dubh-thuirseach den phéinteáil seo uilig anois,” arsa seisean le Máire. “Tá an téip chumhdaigh reaite agus bhí mé ag smaointiú gur mhaith leat a dhul chuig B&Q le tuilleadh a fháil. Níor mhiste leachtleibhéal a fháil fosta má tá muid fá choinne na pictiúracha uilig a chrochadh.”
“Nár mhaith leat a theacht liom?” ar sise.
“Ó, stróic thusa leat; tá go leor le déanamh thart anseo,” arsa Seán.
D’imigh Máire tuairim is uair ina dhiaidh sin agus chomh luath agus a chonaic Seán an carr ag tiontú bun na sráide, tharraing sé isteach an chathaoir mhór, dhruid na dallógaí agus bhrúigh sé an uimhir do Sky Sports. “Nach méanar domh,” ar seisean leis féin agus d’oscail sé canna beorach.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.