AR NA SAOLTA SEO
Is Mithid Caint
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Ag eascairt as léacht a thug Máire Mhic Róibín in Ard Mhacha an tseachtain seo chuaigh thart, meabhraíonn Robert McMillen dúinn gur mithid coiscéim eile a ghlacadh anois ar bhealach na síochána.

Íomhá
Máire Mhic Róibín in Ard Mhacha
Íomhá
John Hewitt
Íomhá
Ardeaglais Coventry

Cúpla bliain ó shin, bhí mé ag léacht i mBéal Feirste a thug iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, mar cheiliúradh ar Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine. Bhí an chaint thar a bheith suimiúil agus tochtmhar in amanna agus í ag caint ar fhaopach mhná an Chongó agus in áiteanna eile ar fud na cruinne, An Tíomór Thoir, Peiriú, srl.

Bhí mé ag dúil go mór, mar sin, leis an chaint a thug sí an tseachtain seo caite ag oscailt Scoil Idirnáisiúnta Samhraidh John Hewitt in Ard Mhacha, arbh é The State of Hope téama na bliana seo. Is bunaitheoir na fondúireachta The Mary Robinson Foundation í, eagraíocht a bhfuil sé d’aidhm aige cearta a chaomhnú dóibh sin atá ag fuilstin agus a fhulaingeoidh mar thoradh ar an athrú aeráide. Bhí an t-iar-Uachtarán, iar-Choimisinéir um Chearta Daonna de chuid na Náisiún Aontaithe, in Ard Mhacha ar cuireadh ón Centre for Cross Border Studies le caint dar teideal ‘Memory, from loaded word to moral imperative’ a thabhairt. Tagann na focail The State of Hope ó dhán a scríobh Hewitt i 1958, ‘An Irishman in Coventry’ agus labhair Bean Mhic Róibín ar an chuairt a thug sí chun na cathrach sin le linn di a bheith ina hUachtarán.

Tugadh cuireadh di labhairt in Ardeaglais Coventry i ndiaidh beirt ghasúr óg, Tim Parry agus Jonathan Ball, bás a fháil i bpléascán bhuama a d’fhág an IRA i Warrington. Bhí an tUachtarán ansin le labhairt mar “fhíorspiorad na hÉireann” agus d’aithin sí go raibh an Ardeaglais a leagadh le linn an dara chogadh domhanda mar chomhartha den mhaithiúnas agus den chaoinfhulaingt. Bhí Gearmánaigh páirteach in atógáil na hardeaglaise agus i mbliana (2012) nochtadh dealbh i ndilchuimhne na nGearmánach a fuair bás le linn an Dara Cogadh Domhanda ag an suíomh a scrios an Luftwaffe ar an 14 Samhain 1940.

Do gach Coventry, tá Dresden ann.

“Never again, never again" teachtaireacht na hardeaglaise.

“Bhí sé de fhlaithiúlacht ag Coventry lámh an chairdis a shíneadh amach roimh a naimhde, nó, mar a scríobh an file cogaidh, Wilfred Owen: “I am the enemy you killed, my friend,” arsa Bean Mhic Róibín.

“An amhlaidh é ar oileán na hÉireann,” a d’fhiafraigh sí.

Is mithid dúinn, dar le Robinson, muid féin a cheistiú faoin dul chun cinn atá déanta agus próiseas na síochána abhus mar eiseamláir agus mar spreagadh ar fud na cruinne. Cluin sí go mion minic é á lua i dtíortha ina bhfuil coimhlint nó a bhfuil deireadh ag teacht le coimhlintí iontu mar ábhar dóchais.

“Ach ar dhaingnigh muid an próiseas sin, an bhfuil sé inmheánaithe (internalised) go leor ionainn le go dtig linn bogadh chun cinn i dtreo na síochána, an athmhuintearais inmheánaigh agus an mhaithiúnais?” ar sí.

Luaigh Bn. Mhic Róibín cúpla nath a scríobh cara léi, an tAthair Enda MacDonagh, ina ndearna sé tagairt do "the frequently frozen character of group hurt, resentment, rejection and guilt" agus "the icebreaking that could initiate forgiveness and reconciliation...”

Thug Robinson cuireadh dúinn meabhrú ar an cheist, ar thug muid iarraidh dáiríre an oighir mheafarach a bhriseadh? Dúirt sí go raibh uirlisí éagsúla in úsáid in áiteanna éagsúla ar fud an domhain mar chuid den cheart idirthréimhseach. Tá Lárionad an Chirt Idirthréimhsí lonnaithe i Nua-Eabhrac agus tionscnaimh fhirinne agus chuimhne ar bun acu. Ba é Alex Boraine a bhunaigh an lárionad, fear a d’oibrigh le Desmond Tutu ar an Choimisiún um Fhírinne agus um Athmhuintearas san Afraic Theas.

Fiosrúcháin Eile

“Suimiúil go leor, tá Coimisiúin Fhirinne ag saothrú i láthair na huaire i 40 tír ar fud an domhain agus bunúis éagsúla le gach ceann acu ach téann siad uilig go mór i bhfeidhm ar an phobal ar bhonn dearfach,” dar le Robinson.

“Na fiosrúcháin a bhfuil mé féin eolach orthu, shíl mé gurbh fhiú go mór iad.” Luaigh sí cúpla cás uafásach a tharla do ghnáthdhaoine i láithreacha éagsúla coimhlinte agus an tionchar a d’imir na fíorscéalta seo ar phobail, ar aonaráin, ar náisiúin a fuair amach don chéad uair cad é bhí ag dul ar aghaidh.

“Go dtí gur chuala siad é, níor chuala siad an scéal ina iomláine, an méid a tharla do dhaoine aonair, do theaghlaigh. Go dtí gur chuala siad é, ní raibh a fhios acu faoi,” ar sí.

“Mar sin, chuir sé seo an cheist i mo cheann, an mithid dúinn anois agus an mbeadh sé cuí go mbeadh leagan éigin de Choimisiún um Firinne agus Athmhuintearas againn sa dá chuid d’oileán na hÉireann a chuirfeadh leis an obair atá á déanamh ag na Coimisiúin Cheart Daonna a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ‘pian siocaithe na ndaoine a bhriseadh?’”

Dúirt sí go daingean nach raibh sí á mholadh seo mar ní bheadh sé cuí aici mar iar-Uachtarán na hÉireann sin a dhéanamh, ach mheabhraigh sí an raibh an t-am ann na ceisteanna sin a chur. Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.