132
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Ní raibh Ray Yeates, stiúrthóir nua Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna, ach cúig bliana is fiche nuair a d’éirigh leis post tábhachtach a fháil in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Tar éis cúpla bliain, áfach, briseadh as an bpost sin é agus thosaigh an tóin a thitim as a shaol. Mhínigh sé do Chaoimhe Ní Laighin le gairid conas a shábháil a dhúil sna healaíona é.
»»»Tá PJ Mac Gabhann ag coinneáil súile ar scéal Jean-Pierre Treiber sa Fhrainc. Ní fios an méid scannán a dhéanfar as amach anseo.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.
»»»Ó bunaíodh Wikipedia, an chiclipéid ar líne, sa bhliain 2000, tá na mílte duine ar fud an domhain tar éis ábhar a chur ar fáil dó. Le tamall anuas, áfach, tá saineolaithe áirithe tar éis an suíomh a cháineadh, ag rá nach féidir bheith cinnte go bhfuil an t-eolas atá air cruinn. Fós féin, tá an-ráchairt air, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfeicfimid cur is cúiteamh ag teacht chun cinn anois faoi íocaíocht bainisteoirí i gCLG ó tharraing Uachtarán an Chumainn, Criostóir Ó Cuana, an t-ábhar aníos ina aitheasc ag an gComhdháil bhliantúil.
»»»Tá lucht tacaíochta iarchime as Guantanamo buartha faoi ghéarleanúint atá á déanamh ag stát na hAstráile air. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den bharúil gur chóir saorchead cainte a thabhairt do David Hicks.
»»»Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
»»»I mí an Aibreáin 1968 bhain an grúpa Emmet Spiceland, a raibh an ceoltóir Donal Lunny ar dhuine dá bhaill, uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann leis an amhrán “Mary from Dungloe”. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Lunny le daichead bliain anuas agus áirítear é ar dhuine de na ceoltóirí is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann san fhichiú haois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis le gairid faoina shaol sa cheol.
»»»Aréir bhíos ag léamh leabhair a foilsíodh sna 1960í faoi choincheap an chaipitil dhaonna agus b’ionadh liom an dul chun cinn atá déanta againn mar shochaí ach b’ionadh liom níos mó an easpa dul chun cinn ar bhealaí eile.
»»»Ba chóir dúinn súil níos géire a choinneáil ar thoghcháin mhóra an domhain. Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag meá ar tharla san olltoghchán is mó a reachtáladh ar an domhan chláir riamh. An mhí seo caite a tharla sé. Tá tuairim aige dá bhfuil ag titim amach i dtír mhór an toghcháin sin.
»»»Nuair a fógraíodh buaiteoir an Turner Prize ar an 9 Nollaig i Londain, bhí go leor daoine i saol na healaíne an-mhíshásta. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Cén tslat tomhais geilleagair is féidir a leagan amach le tuairim éigin a thabhairt dúinn féin ar an aird a rachaimid agus ar an dóigh is fearr le treabhadh ann? Tuairt gheilleagair na Fionlainne níos lú ná scór blianta ó shin a tharraing aird Chiaráin. Ghlac téarnamh geilleagair na Fionlainne ceithre bliana sular tháinig borradh fúthu arís.
»»»Bhí Daragh Ó Tuama ag tiomáint ar feadh seachtaine carr as an gCóiré a d’fhill ar mhargadh na hÉireann i n-éis cúig bliana de shos díolaíochta. Nochtann sé a thuairim fúithi san alt seo.
»»»Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le córas “an chúldorais” a thug an Cumann Lúthchleas Gael isteach den chéad uair cúig bliana ó shin, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Tá Roseanne Smith ag coinneáil súil ar threochtaí nuatheicneolaíochta. Beidh corr-rud saor ag teacht an bealach chugainn.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.