Féachann Breandán Delap ar na constaicí atá sa bhealach ar neamhspleáchas na hAlban, sprioc atá ag Alex Salamond agus a pháirtí, an SNP.
Dúirt Seosamh Mac Grianna tráth gurb é an difear idir Éire agus Alba ná go n-admhaíonn Gaeil na hAlban gur cloíodh i gCath Chùil Lodair iad ach go measann Gaeil na hÉireann nár cloíodh go fóill iad. Ba dhoiligh easaontú leis an tuairim sin go dtí mí na Bealtaine seo caite. Ar an chéad lá den mhí sin bhíothas ag ceiliúradh 300 bliain ó síníodh Acht an Aontais ach trí lá ina dhiaidh sin bhí stádas an Achta chéanna curtha i mbaol ag bua an SNP i dtoghchán na Parlaiminte. Ní luaithe go raibh Alex Salmond ceaptha ina Chéad-Aire ar Albain ná gur fhógair sé go mbeadh reifreann á ghairm chun an tsreang imleacáin le Sasana a ghearradh.
Ba i 1979 a reáchtáladh an reifreann deireanach dá chineál. Ar an ócáid sin vótáil tromlach na nAlbanach ar son Déabhlóide ach theip ar an iarracht mar go raibh coinníoll leagtha síos ag Rialtas na Breataine go mbeadh ar 40% den toghlach vótáil ar a son le hí a bhaint amach. Ach tá an chosúlacht ar an scéal gur géire i bhfad a bheas an iomaíocht an geábh seo.
Ar an chéad ásc, tá misneach agus muinín thar na bearta in Albain faoi láthair. Tá borradh faoi chúrsaí ealaíon agus cultúrtha sa tír le dornán blianta anuas, rud a chuireann go mór le muinín na tíre ar ndóigh. Lena chois sin, tá foireann sacair na hAlban in ard a réime agus bhí an chosúlacht ar an scéal go dtí le gairid go mbainfeadh siad áit amach i gCraobhchomórtas na hEorpa. Ní gá a rá gur geall le fógra ar ré úr an rachmais ab ea an comórtas céanna i gcás na hÉireann i 1988. Tá cuid den mhuinín sin le feiceáil fosta i réimse an airgeadais, an gad is giorra do scornach an Albanaigh más fíor don steiréitíopa ciníoch. Ní fada ó rinne Royal Bank of Scotland (banc a bhí ar an dé deiridh scór bliain ó shin) an táthcheangal is mó i stair na baincéireachta nuair a cheannaigh siad ABN Amro ar $99.9 billiún. Is léir mar sin nach dtig caitheamh le hAlbain a thuilleadh mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe a shamhlaítear le Braveheart, barraí seacláide domhainfhriochta agus Rab C Nesbitt!
Is le héad a amharcann náisiúnaithe na hAlban trasna Shruth na Maoile ar rath an Tíogair Cheiltigh. Tá neart cosúlachtaí idir sinn agus iad, ar ndóigh, maidir le stair, teanga, cultúr, méid agus cruth na tíre agus daonra. Tuigeann na hAlbanaigh nár thit an spéir anuas orainne nuair a díbríodh na Sasanaigh as deisceart na hÉireann, ach a mhalairt. Tá siad ann a deir anois nár mhiste an sampla sin a leanúint. Mhaígh Salmond é féin ag tús na míosa seo caite go mbeadh an tríú geilleagar is láidre san Aontas Eorpach ag Albain (i ndiaidh Éire agus Lucsamburg) dá mbeidís sásta a n-iomaire féin a threabhadh.
Ach tá cúis eile go bhféadfadh go n-éireodh leis an ghluaiseacht i dtreo neamhspleáchais an iarraidh seo – dearcadh na Sasanach ina leith. Ceann de chomhthorthaí dheabhlóid na hAlban, na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann ná go bhfuil féiniúlacht Shasanach ag teacht chun tosaigh go mór anois. Roimhe sin, bhíodh an oidhreacht Bhriotanach agus Shasanach inmhalartaithe ar a chéile nach mór. Is túisce anois, áfach, go bhfeicfeá bratach Naomh Seoirse ar foluain sna hardáin sacair ná an Union Jack. Tá ceisteanna á gcur ag Sasanaigh faoi cad chuige a bhfuil oiread sin glórtha Albanacha le cluinstin ar an raidió agus ar an teilifís agus cad chuige a bhfuil oiread postanna cumhachtacha acu i rialtas na Breataine?
Lena chois sin, tá na Sasanaigh in amhras faoi chaiteachas Pharlaimint na hAlban in Holyrood, Dún Éideann. Bíodh sé fíor nó contráilte, tá an tuairim coitianta go leor i Sasana go bhfuil an Pharlaimint ag caitheamh barraíocht airgid phoiblí agus gurb iadsan atá ag díol as. Ní thig a shéanadh go bhfuil buiséad Holyrood i ndiaidh dúbailt ó am a tionólta i 1999 ach maíonn na hAlbanaigh nach méadú as cuimse é seo le hais áiteanna eile sa Ríocht Aontaithe. Deir siad fosta go n-íocann siad a gcion féin chuig an chiste náisiúnta agus go bhfuil fáltas fiach acu ón ioncam a thagann ó ola na Mara Thuaidh. Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti!
Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt. Tá an doicheall seo ag dul i méid ó tharla gur Albanach é Príomh-Aire na Breataine anois, mar aon le Seansailéir an Státchiste, Alistair Darling. Easpa fiontraitheChuir iar-Eagarthóir The Sun, Kelvin MacKenzie – fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí nó nach bhfuil cáil na ceartaiseachta polaitiúla air – olc ar go leor Albanach i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuir sé ina leith nach raibh aon spiorad fiontraíochta sa tír agus go raibh níos mó scile acu i gcaitheamh airgid ná á ghiniúint. “The reality is that the Scots enjoy spending it, they do not enjoy creating it, which is the opposite of down in the South ... The infrastructure of Scotland exists solely on the handouts of the clever English generating wealth in London and the South East,” a dúirt MacKenzie ar an chlár Question Time ar an BBC.
Lena chois sin, léiríonn pobalbhreitheanna anois go bhfuil tromlach phobal Shasana i bhfách leis an chleamhnas a bhriseadh agus gur mhaith leo tabhairt ar na hAlbanaigh cur lena gcuid olagóin. Is macalla é an dearcadh seo ar ráiteas cáiliúil an tSasanaigh chruthanta úd PG Wodehouse: “It is never difficult to distinguish between a Scotsman with a grievance and a ray of sunshine.” Mura bhfuil pobal na hAlban sásta leis an staid reatha, bíodh acu!
Chuir iar-Aire Rialtais de chuid na gCaomhach, Sir Malcolm Rifkind, an lasóg sa bharrach ar na mallaibh nuair a mhol sé nach mbeadh cead ach ag Feisirí Parlaiminte a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha reachtaíocht a rith ar aon ní a bhaineann go sonrach le Sasana. Choinneodh Feisirí as Albain, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann a gcuid suíochán i dTeach na dTeachtaí ach ní bheadh cead vótála acu ach i nithe a bhainfeadh leis an Ríocht Aontaithe trí chéile ar nós cúrsaí cánach, gnóthaí eachtracha agus polasaithe cosanta. Ar ndóigh is geall le páirtí Sasanach iad na Caomhaigh anois agus gan oiread is suíochán amháin acu in Albain le deich mbliana anuas.
Tá moltaí Rifkind á bplé ag an pháirtí faoi láthair agus déanfaidh a gceannaire ráiteas ina leith sna míonna beaga amach romhainn. Ceist chigilteach í seo d’Fheisire Kirkcaldy agus Cowdenbeath, Gordon Brown – fear a bhíonn ag plé le cúrsaí reachtaíochta i Sasana ó am go chéile. Go deimhin, d’ardaigh Feisire Caomhach as Tuaisceart Shasana, Graham Brady, ceist i dTeach na dTeachtaí le déanaí faoi cad chuige a mbíonn ar dhaoine ina thoghcheantar siúd tuilleadh cánach a íoc “le nach mbeadh ar dhaoine i dtoghcheantar an Phríomh-Aire táillí oidis leighis a dhíol”.
Is léir nuair a bhunaigh Páirtí an Lucht Oibre na comhthionóil déabhlóide réigiúnacha nár chuir siad na ciallachais a bheadh acu do Shasana agus do Westminster san áireamh. Óir níl dabht ar bith ann, dá nglacfaí le moladh Rifkind, gur buille an bháis a bheadh ann, ní hamháin don Ríocht Aontaithe ach do Pháirtí an Lucht Oibre fosta. Saoithiúil go leor, d’fháiltigh Alex Salmond roimh an mholadh agus thapaigh sé an deis dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais.
Ach fillimis ar an steiréitíopa. Deirtear gur de réir riachtanais a phóca seachas mianta a chroí a chaitheann an tAlbanach vóta. Tá píosa beag den fhírinne ag baint leis an tuairim sin sa chás seo mar i ndeireadh ama is dócha gur ar chúinsí eacnamúla a dhéanfar an cinneadh i leith scriosadh na Ríochta. Níl aon amhras ach go mbeadh impleachtaí móra ag a leithéid do gheilleagar na hAlban. Caitear níos mó airgid phoiblí in Albain ná i Sasana (go háirithe ar an oideachas agus ar fhostaíocht san earnáil phoiblí) agus bíonn easnamh bliantúil sa bhuiséad acu dá réir. Go deimhin bhí an t-easnamh seo trí huaire ní ba mhó ná ceann na Ríochta Aontaithe trí chéile anuraidh. Agus figiúirí den chineál sin i gceist, bheadh sé ionann is dodhéanta d’Albain neamhspleách dul i bpáirt leis an Euro mar atá mar chuspóir ag an SNP. Agus ardú tagtha ar phraghas na hola ar bhonn idirnáisiúnta, áfach, b’fhéidir go gclúdódh an t-ioncam a bheadh ag teacht as an Mhuir Thuaidh an t-easnamh seo. Níl aon chinnteacht ann, áfach, go mbeadh cead acu seilbh a ghlacadh ar na holacheantair uilig siocair go bhfuil oiread infheistíochta déanta ag tíortha eile iontu. Ina theannta sin, is baolach an rud é a bheith ag brath ar fhómhar a bhaint as ola amháin ó tharla go mbíonn a luach ag luainiú ó bhliain go bhliain. Ach más mian le hAlban múnla na hÉireann a leanúint, beidh orthu tabhairt faoin easnamh sin. Chiallódh sé sin go mbeadh orthu ciorruithe suntasacha a dhéanamh ar chaiteachas poiblí nó breis cánach a ghearradh ar oibrithe. Seans gur praghas ró-ard a bheadh ansin do chosmhuintir na hAlban mar éiric ar neamhspleáchas ón sean-namhaid.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal, Contae na Gaillimhe.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.