Foilsíodh A Hidden Ulster: People, Songs and Traditions of Oriel, saothar tábhachtach ar thraidisiún amhránaíochta cheantar Oirialla, an mhí seo caite. Labhair Antaine Ó Faracháin le húdar an leabhair, Pádraigín Ní Uallacháin.
Antaine Ó Faracháin: A Phádraigín, saothar eile fós uait anois. Céard go díreach atá ann?
Pádraigín Ní Uallacháin: Cur síos é ar thraidisiúin agur ar dhaoine a bhain le ceol i gceantar Oirialla - amhráin, béaloideas, ceol damhsa, bailitheoirí, ceoltóirí, nósanna. Sin go beacht é, ach taobh istigh de sin tá an dú-rud eile! Grianghrafanna, aistriúcháin ar na hamhráin, *facsimile *de cheol agus amhráin a cuireadh síos agus mar sin de.
AÓF: Conas nó cén fáth ar tháinig an smaoineamh chugat an chéad lá riamh?
PNíU: Ar ndóigh ní fás aon oíche é seo. Thóg mé liom traidisiún na hamhránaíochta béil sa cheantar seo fríd m’athair. So, bhí an síol curtha go smior ionam. Bhí amhráin an cheantair seo ag croílár mo *repertoire *i gcónaí agus de réir mar a rinne mé taighde, dom féin ag an tús, b’fhacthas dom go raibh an tobar iontach domhain ar fad. Ach, thar aon rud eile, mhothaigh mé go raibh cuimhne na ndaoine a rinne seachadadh ar an traidisiún ligthe i ndearmad ar fad. Bhí Altzheimer’s pobail i gceist agus is uafásach an coincheap é sin. Dualgas cine agus dílseacht do mo mhuintir a spreag mé agus a choinnnigh orm cloí leis an obair go deireadh. Grá do mo shinsear, is dócha, a déarfá a spreag mé. Agus ba mhaith liom go mbeadh an scéal ag an phobal leathan fosta.
AÓF: An raibh sé deacair tús a chur leis an obair nó an ndéarfá go raibh sé níos deacra í a chríochnú?
PNíU: Bhí gach gné di éagsúil. Bhí mé ar na hardáin go minic agus sna hísleáin go rialta. Is rud amháin é taighde a dhéanamh agus is rud eile ar fad é leabhar mór a ullmhú don fhoilsitheoireacht. Bíonn an dú-rud dul siar ann, ag brath ar an chóras eagarthóireachta a chuirtear i bhfeidhm. Is iomaí uair gur shíl mé go raibh ceann scríbe bainte amach agam ach bhí an bóthar i gcónaí fada cnocach. Chuirfinn é i gcomparáid le breith fhada, achrannach. Ach tá mé chomh sásta anois go bhfuil sé tagtha ar an saol go roghnaím dearmad a dhéanamh ar an dua a bhain leis.
AÓF: Ar smaoinigh tú riamh an rud ar fad a chaitheamh san aer?
PNíU: Go rialta! Ach ní raibh ann ach go raibh mé tuirseach. Bhí spiorad na ndaoine a chuaigh romham i gcónaí mar sholas in aice liom; bhí cantaireacht m’fhear céile, Len Graham, “Sure, you’re nearly there”, i gcónaí i mo chluasa agus bhí cairde dílse agam - leithéidí Dhónaill Mhic Dhónaill - fear mór eolaíochta as Coláiste na Tríonóide; Diarmaid Ó Doibhlin as Ollscoil Uladh agus Antain Mag Shamhráin, seanchara atá anois sa Ghúm - bhí siadsan iontach dílis don obair a bhí idir lámha agam. Níor spáráil siad a gcuid taighde ná a gcuid ama - saor in aisce, ar ndóigh. Chráigh mé iad gan gearán ariamh uathu. Agus ghríosaigh siad mé go rialta nuair a tháinig lagmhisneach orm.
AÓF: Inis dúinn beagán faoin gcur chuige a bhí agat agus an próiseas taighde a bhí ann?
PNíU: D’fhás an obair de réir an taighde a rinne mé. Thosaigh mé le focail agus le ceol na n-amhrán a chnuasú agus a chur ar ais i bhfoirm amhráin. Is eol duit gur beag duine a bhailigh focail agus ceol le chéile in Éirinn. In Oirialla bhí suim ag na bailitheoirí i ngnéithe éagsúla den traidisiún: duine amháin, bhailigh sé focail na n-amhrán agus na scéalta; duine eile rinne sé na hamhráin a thaifeadadh; duine eile foghraíocht, agus mar sin de. Jaib s’agamsa, sin a thabhairt le chéile - na hamhráin a dheisiú nó a leigheas, mar a déarfá. Ach dianchuardach leabharlainne agus lámhscríbhinní a bhí i gceist fosta. Tháinig mé ar i bhfad níos mó ná mar a shíl mé a bheith ann. Mhothaigh mé ansin gur cheart scéal na n-amhrán a insint; scéal na bhfilí agus na gcláirseoirí; scéal na mbailitheoirí agus na ndaoine. Ansin tháinig mé ar chnuasach ceoil damhsa ón cheantar a bhreac scríobhaí darbh ainm Pádraig Mac Gatháin, as Dún gCuailgne, síos in 1817. Ní chuirfeadh na foilsitheoirí i gcló é sa riocht ina raibh sé - iontach salach. Mhothaigh mé mura gcuirfinnse i gcló é go mb’fhéidir go mbeadh sé ina luí ar feadh dhá chéad bliain eile. So, ghlan mé féin é - sé sin an *facsimile *- ar an ríomhaire. Trí mhí ar fad a thóg sé - gach nóta, gach lúb, gach litir - cúig uair an chloig in aghaidh an lae. Sin an saothar ba throime ach ar a laghad tá na foinn - os cionn 100 acu - anois ar fáil do cheoltóirí Oirialla agus na hÉireann agus tá cuimhne Mhic Gátháin i mbéal an phobail mar is ceart dó a bheith.
AÓF: Céard faoi thacaíocht airgid don tionscadal? Ar éirigh leat seo a fháil?
PNíU: Nuair a stop mé den mhúinteoireacht lánaimseartha, fuair mé comhaltacht bliana ón CRC (Community Relations Council) i mBéal Feirste don bhliain 2000. D’aithin siad go raibh gné trasphobail leis. Ach bhí mé ceithre bliana ar fad ag plé leis an obair. Ní dheachaigh mé ar lorg airgid ar bith eile. In ainneoin go bhfuair mé cuidiú go rialta ó na comhairlí ealaíon, agus Foras na Gaeilge agus Iontaobhas Ultach, do thioscadail eile taifeadta, ní bhfuair mé cuidiú ar bith eile don obair seo. Fuair na foilsitheoirí deontaisí ón Fhoras agus ón Heritage Council. Bhí mé go mór as póca. Chuidigh mo mháthair liom go leor de na billí grianghrafadóireachta, taistil agus araile a íoc. Tá sí an-bhródúil as an obair seo. Ar bhealach níor thuig mé cad é chomh costasach is a bheadh an obair, ach sin mar is fearr é. Tá an clú orm nár chuir easpa airgid stop ariamh liom … agus tá fear céile tuisceanach agam. Mhair muid ar a shaothraigh seisean mar amhránaí traidisiúnta … agus níor inis mé a leath dó, ar ndóigh!
AÓF: Agus foilsitheoir ansin. An raibh sé deacair sin a fháil?
PNíU: Ní raibh. Ghlac Michael Adams as Four Courts Press leis láithreach. Thaitin sé liom go mór a bheith ag obair leis. Tá grá aige don léann agus do na leabhair. Turas spéisiúil a bhí ann.
AÓF: Bean thú. An raibh aon tionchar aige seo ar na hamhráin ar chuir tú spéis iontu nó ar na hamhránaithe ar chuir tú spéis iontu?
PNíU: Ní shílim gur tháinig sin i gceist le roghnú na n-amhrán. Bhraith sin go mór ar cé acu ar tháinig mé ar an cheol do na focail. Ach i ndiaidh sin is uile d’aithin mé gur dócha go raibh dúil agam scéal na mban fríd na hamhráin a insint. Chuir mé suim faoi leith sa chaointeoireacht, mar shampla. Níl amhras ar bith ach go bhfuil dearcadh “baininscneach” sa leabhar. Chuir sé fearg orm nuair a léigh mé in áit éigin ag scoláire fireann gur dócha gur fear a chum Dónall Óg. Cá bhfuil an fhianaise do ráiteas mar sin? Fir *agus *mná a shaothraigh an traidisiún. Ó thaobh na mban de, níl ach mé féin, an Dr Ríonach uí Ógáin agus an Dr Aingeal de Búrca ag déanamh obair den chineál seo ar na hamhráin. Fir ar fad go dtí seo, seachas Eileen Costelloe, a bhí ag amharc go criticiúil ar na hamhráin agus eispéireas na ndaoine. Déarfainn, áfach, gur scéal na daonnachta a chuaigh i bhfeidhm orm agus a rinne mé iarracht a insint. Níl inscne ar bith faoi leith ag an daonnacht.
AÓF: An ndeachaigh amhránaí nó amhrán ar bith faoi leith i bhfeidhm ort agus tú i mbun do chuid taighde?
PNíU: “An Bhean Chaointe” agus “Marbhna ar Chaisleán na Glasdrominne” le hArt Mac Cumhaigh, déarfainn. Ach gach amhrán a chuir mé i gcló, chuaigh sé i bhfeidhm orm. Chuaigh íomhá lámha Mháire Uí Arbhasaigh, sa ghrianghraf di a tógadh i 1926, go mór i bhfeidhm orm. Shamhail mé go raibh sí ag cosaint sraith dheireanach an traidisiúin ina brollach. Chuaigh saothar agus saol Airt Mhic Cumhaigh go mór i bhfeidhm orm fosta.
AÓF: Tá tú i do chónaí i gceantar atá “ar an teorainn” - agus tá mé ag úsáid an fhocail sin ar go leor bealaí, ní hamháin ó thaobh na léarscála de. Cén tionchar atá ag an gcoincheap seo ort mar amhránaí agus mar bhailitheoir?
PNíU: Tuigim go bhfuil tionchar nach beag ag na teorainn i mo shaol orm agus ar mo chruthaíocht. Teorainn fhisiciúil- thuaidh/theas; creidimhe - Protastúnach/Caitliceach; fireann agus baineann; sean agus nua; an saol eile agus an saol seo; bás agus beatha; samhlaíocht agus saoltacht; baile agus tuath; Gaeilge agus Béarla; Gaeltacht agus Galltacht, agus araile. Tá sin uilig ionam. Thógfadh sé agallamh eile leis sin a phlé!
AÓF: An ndéarfá go bhfuil tú ag síneadh do láimhe siar thar teorainn eile, teorainn an ama b’fhéidir, le bheith ag “windeáil” le hamhránaithe agus le filí ó aimsir eile, aimsir atá thart ar bhealach amháin ach atá fós beo sna hamhráin de réir mar atá siad á ngabháil anois?
PNíU: Gan amhras ar bith. Mhothaigh mé go minic go raibh spiorad na ndaoine a mhúscail mé ag brú isteach orm; ag impí orm a scéal a insint; ag cuidiú liom, ar ndóigh. Bhí siad an-ghar dom. Chráigh cuid acu mé. Thit mé i ngrá le hArt Mac Cumhaigh, tá mé faoi dhraíocht aige - ealaíontóir “teorannach” eile. Creidim go hiomlán i spiorad na marbh. Tá siad fá fhad anála uainn agus iad i gcónaí sásta cuidiú linn ach iarraidh orthu.
AÓF: Cén tábhacht atá leis sin, meas tú, d’amhránaí atá beo anois, a bheith i dteagmháil leo siúd atá imithe romhainn nó a chas na hamhráin seo romhainn?
PNíU: Tá go leor ealaíontóirí i dteagmháil leo siúd atá imithe romhainn, b’fhéidir i ngan fhios dóibh. Sin gné bhunúsach de shaothrú ealaíne ar bith. Bíonn tú leath sa saol seo agus leath sa saol eile. Nuair a thuigeann tú sin is iondúil go leanann ómós dóibh agus teagmháil leo. Tá téama na teagmhála go láidir i mo chuid oibre taighde agus cruthaíochta. Gan an teagmháil sin, tá tú ag déanamh do mhúin le gaoth! Samhlaigh chomh deacair is atá sé sin a dhéanamh mar bhean!
AÓF: Mar sin, tá an leabhar saolaithe. Cathain a chuirfidh tú an drioball leis agus na hamhráin seo ar fad a chur amach ar thaifeadadh, chun iad a chur i mbéal beo na n-amhránaithe arís?
PNíU: D’eisigh mé féin (agus Gael Linn) dlúthdhiosca anuraidh den chéad 14 déag díobh, An Dealg Óir *(CEFCD 183). Mhothaigh mé gur cheart go mbeadh na hamhráin ar fáil don phobal leathan. Thóg mé sos ón obair le dul isteach sa stiúideo le Steve Cooney, Liam O’Flynn, Laoise Kelly agus ceoltóirí eile. Tharla rud aisteach ag an am a thug an-sólás dom. Nuair a bhí an dlúthdhiosca críochnaithe agam chuir mé isteach sa ríomhaire é. Bhí mé á sheinm nuair a bhí an obair ag teacht chun deiridh. So, in ainneoin go raibh mé ag plé le bás na n-amhrán in Oirialla, ar páipéar, bhí mé ag éisteacht le hathbheoú an traidisiúin ar ais sula raibh an obair fiú críochnaithe agam. Bhí sin an-aisteach. Is sort *Ouroborus *mé. Ainmhí é siúd a itheann a ruball féin. Is siombail é den bheatha as an bhás, nó cruthaíocht as scrios. Tá an tábhacht chéanna leis an dlúthdhiosca sin agus atá le *A Hidden Ulster. Tá mé iontach bródúil as. Is dócha go gcluinfidh níos mó daoine na hamhráin ar an dlúthdhiosca sin ó tharla an leabhar a bheith i gcló anois. Creidim go hiomlán sa bheatha agus i mbeoú an traidisiúin. Fuair mé cuidiú mór ón Chomhairle Ealaíon sa tuaisceart taifeadadh a dhéanamh gan tionlacan ar an 54 amhrán sa leabhar. Déanfaidh mé sin i mbliana. Tá mé ag obair chomh maith ar thaifeadadh de mo chuid cumadóireachta amhrán féin i nGaeilge le Steve Cooney. Tá gach gné de mo chruthaíocht chomh tábhachtach céanna. *Metamorfósis *an teideal a bheas air agus beidh sé ar fáil san earrach, le cuidiú Dé - agus le cuidiú Fhoras na Gaeilge fosta!
*Tá *A Hidden Ulster: People, Songs and Traditions of Oriel ar fáil sna siopaí anois. Is féidir é a cheannach chomh maith ar shuíomh gréasáin na bhfoilsitheoirí, Four Courts Press: www.four-courts-press.ie. Praghas: €65.00 /£55.00 /$65.00 (bog); €29.95 /£24.95 /$29.95 (crua).
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.