Féachann Robert McMillen ar impleachtaí fhuadach Bobby Tohill do phróiseas na síochána sna Sé Chontae.
Tá aithne agam ar dhuine a raibh obair mhór thógála le déanamh aige i gceantar naisiúnach. Dúirt sé liom go dtáinig an conraitheoir a fhad leis agus gur chuir sé ceist ar mo dhuine cé bhí i gceannas ar an cheantar. Níor tuigeadh an cheist. “Cé tá freagrach as slándáil an láithreáin?” a d’fhiafraigh an conraitheoir. Nada. “Stickies nó Provies,” a dúirt sé sa deireadh agus thuig mo dhuine ar an toirt. Bhí slám mór airgid le cur san áireamh le díol as “cúrsaí slándála” don obair.
B’fhéidir gur scéal fíor nó finscéal atá anseo ach is léir go bhfuil paramílitigh ag saothrú airgid as “coireanna gan íospartaigh”. Ní iontas ar bith é go bhfuil a leithéid ag titim amach - tá sé mar chuid de chultúr na Sé Chontae le fada an lá. Tá sé mícheart, ar ndóigh, chomh mícheart le polaiteoirí measúla a bheith ag iarraidh íocaíochtaí ar son a bpatrúnachta - na daoine seo a bheadh ag tabhairt amach fá pharamílitigh ar thaobh amháin agus ag teacht i dtír ar a stádas mar fheisirí ar an taobh eile.
Más fíor go bhfuil na coireanna seo gan íospartaigh, an tseachtain seo caite bhí íospartach beo beathach (go hádhúil) ina shuí ar a leaba otharlainne ag tabhairt agallaimh do dhuine ar bith a d’éistfeadh leis.
“Fuadaíodh” Bobby Tohill ó theach tábhairne i lár chathair Bhéal Feirste agus tugadh gríosáil dó. Bhí meitheal á bhogadh (ní fios cá háit) i veain nuair a stop beirt oifigeach de chuid an PSNI é agus rinneadh tarrtháil ar Tohill.
Easaontóir poblachtánach atá in Tohill a d’admhaigh don nuachtán Lá gur thug sé “comhairle mhíleata” don Fhíor-IRA. Dá bhfaigheadh Tohill an ghríosáil chéanna agus é i stáisiún póilíní, is beag aontachtaí a bheadh buartha fána chás. Leoga, tá dreamanna naisiúnacha agus aontachtacha ann a chuirfeadh fáilte roimh smacht ar bith a thiocfadh leis na Sealadaigh a chur ar lucht bhuamáil na hÓmaí.
Ach, i ndiaidh don Phríomh-Chonstábla Hugh Orde maíomh go raibh Sealadaigh an IRA freagrach as an “fhuadach,” thosaigh an fallout polaitiúil. Deir David Trimble nach bhfanfaidh a pháirtí san Athbhreithniú ar Chomhaontú Bhéal Feirste mura ngearrtar pionós ar Shinn Féin. Ní gaire cabhair an DUP ná an doras i ndiaidh na heachtra, agus is léir go bhfuil gluaiseacht na poblachta lán chomh hábalta céanna an díombuadh a fháisceadh as an bhua is a bhí/tá David Trimble.
Tá “foréigean Shinn Féin/IRA” ag leanstan ar aghaidh gan stad gan staonadh. Cad é mar is féidir le polaiteoirí measúla, i.e. aontachtaithe, muinín a bheith acu ina leithéid de dhrong, a fhiafraíonn siad.
Fuadach agus dúnmharú
Ag amharc siar ar na heachtraí inar sáraíodh an Comhaontú, tá fuadach agus achan ghrád foréigin suas go dtí an dúnmharú curtha i leith na bpoblachtánach. I mí Iúil 1998, cuireadh an locht ar an IRA as Andrew Kearney a mharú, meastar gur mharaigh siad Eamon Collins, Charles Bennett, Joe O’Connor, Speedy Fagan, Bull Downey, Christopher Kane, Paul Daly, Gerard Quinn agus Matthew Burns. I gcuid de na cásanna seo, níl mórán fianaise ann gurb é an tIRA a bhí ciontach, ach níl amhras ar bith ann ach go bhfuil siad gníomhach ar fad.
“Housekeeping” a thugtar air seo in amanna, an eagraíocht ag coinneáil smachta ar a mbaill féin agus daoine atá naimhdeach dóibh.
Is léir go bhfuil an dá rialtas sásta cur suas lena leithéid. Glacann siad le leagan Shinn Fein - gur troid a bhí ann a tharla idir Tohill agus grúpa daoine i dteach tábhairne Uí Cheallaigh agus nach raibh cúiseanna polaitiúla i gceist. Níor cheadaigh an tIRA an t-ionsaí.
Tá sé ráite ag Tohill féin nach baill de na Sealadaigh an ceathrar a rinne an t-ionsaí air. Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
Praiseach eile agus muintir na hÉireann ag amharc ar an scliúchas ó na taobhlínte, mar is gnách.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*