AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Seal le Máire, an damhsóir gabhail
Balor Balor Balor

Míníonn Balor an méid a thit amach agus é i siopa Ann Summers le gairid.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá
Íomhá

“Anois teacht an earraigh – mo thóin!” arsa Balor an Bhéil Bhinn liom an lá faoi dheireadh. Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta agus lagspridiúil an mhí seo a chuaigh thart de thairbhe nach raibh mórán ag tarlú sa tír a dtiocfadh leis a shúil nimhe a chaitheamh air. “Sin mar a bhíonn tús achan bhliana,” a dúirt sé go smúitiúil, agus é ag amharc ar phictiúr Bhertie Uí Hernia sa Sindo, é faoi mhuincí fada bláthanna cumhra na hInde, maithe agus móruaisle na háite ag bronnadh féiríní air, mná áille na tíre sin ag umhlú dó, laochadhradh ag lonrú ina súile lasta, agus cuma ar Rí na hÉireann gurbh fhearr go mór leis bheith ina sheasamh ag beár Pagan’s Pub i nDroim Conrach.

“B’fhearr le gach duine bheith in áit ar bith eile seachas an áit a bhfuil siad. Nach fíor sin?” a d’fhiafraigh sé go machnamhach de féin. Ach bhí níos mó ná é féin ag éisteacht leis. “Ní fíor ar chor ar bith, a Bhaloir a thaisce! Tá mise breá sásta áit a bhfuil mé, nó bheinn dá dtiocfadh liom dul go barr na scuaine seo,” a d’fhreagair bean a bhí ag iarraidh brú thairis fríd an scaifte a bhí cruinnithe thart ar an chuntar i siopa Ann Summers. Ní miste dom a mhíniú daoibh, a léitheoirí shoineanta, gur cluineadh do Bhalor go raibh cíochbhearta ar leathphraghas acu sa siopa áirithe sin i ndiaidh na Nollag, agus nach raibh cúis ar bith eile aige a bheith ann ach go raibh sé den bharúil gur críochbhearta a bhí ar díol ann. Bhí sé ag iarraidh cúpla ceann a cheannach a dhéanfadh gnoithe dá chuid altanna do Beo Ar Éigean. Ní raibh mearbhall ar bith ar bhean an fhreagra ghasta faoina raibh á lorg aici, nó bhí a baclainn lán de rudaí nach cóir tagairt a dhéanamh dóibh in iris a mbíonn deis ag daoine óga é a léamh.

“Cad é atá ar siúl agatsa anseo, a Mháire Uí Ruairc? Nach cóir duit bheith sa bhaile ag ceiliúradh do bhua san ainmniúchán a fuair tú don chéad olltoghchán eile?” “B’fheidir gur chóir,” arsa an seanseanadóir scagbhéalach, “ach ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an fheall a imríodh orm san olltoghchán deiridh. Agus ar eagla mo theipe an iarraidh seo, tá mé do mo réiteach féin fá choinne jab mar dhamhsóir gabhail sa halla rince úr atá á oscailt ag Peadar Mac an Stringfellow i mBaile Átha Cliath. Nach maith mar a fhóireann na rudaí beaga seo dom?” Tháinig racht casachta ar Bhalor Bocht, agus sula raibh faill aige ar í a fhreagairt lean sí léi ag caint.”

“Agus féach na rudaí beaga deasa a fuair mé don Tánaiste. Cad é do bharúil, a Bhaloir? Tá meas millteanach agam ar do bharúil i dtaca le rudaí beaga – agus ag an Tánaiste fosta.” Faoin am seo bhí ár laoch sínte ar an urlár ag racht eile casachta agus é ag iarraidh anáil a tharraingt. “Tá... tá...” ar seisean.

“Siúr, bhí a fhios agam go dtaitneoidís leat, a Bhaloir,” ar sise, agus í ag bailiú baclainne eile dá leithéid ó na seilfeanna taobh thiar di. “Tá an Tánaiste ar an obair chéanna liom féin, tá a fhios agat – ar eagla nach mbeidh cúrsaí fostaíochta mar a bhfuil sí ag dréim leo i ndiaidh an chéad toghcháin eile. Sórt polasaí árachais atá ann don bheirt againn, má thuigeann tú mé, a thaisce. Fan san áit a bhfuil tú a Bhaloir agus rithfidh mé isteach sa seomra gléasta sin. Beidh tú in ann na rudaí beaga a fheiceáil i gceart gan a bheith i muinín do shamhlaíochta. Cad é atá contráilte, a Bhaloir? Ó, a Bhaloir, níor thuig mé go mbeadh éifeacht mar sin agam ort. Ó nach mise atá dalba? Ó, nach tusa atá dána? Mo náire thú, a Bhaloir!”

Balor Bocht! Bhí a ghnúis ar aon dath leis an sais a bheas á caitheamh ag Cruise Missile Ó Briain ag an *Love Ulster Rally *ar Shráid Uí Chonaill ag deireadh na míosa; é ar a ghlúine, cromtha lena chloigeann ar an urlár réidh le caitheamh amach.

“Ó a Bhaloir, tá mé buartha,” arsa Leithléisí Lár na Tíre, “ba chóir go mbeadh a fhios agam go bhfaigheadh an drúis an ceann is fearr ort. Sin mar a bhíonn fir go leor nuair a thosaím ag caint leo faoi chúrsaí... faoi chúrsaí... íogaire, tá a fhios agat. Ach gach seans nach mbeidh orm dul i mbun na *lapdanceála *ar chor ar bith. Gach seans gur ar ais sa Dáil a bheidh mé i gceann bliana.”

“Agus más mar sin a bheas, bhuel is gearr go mbeidh mé i m’Aire Rialtais arís, agus i mo Thaoiseach go gairid ina dhiaidh sin. Agus tabharfaidh mé aire mhaith duitse ansin, a Bhaloir, agus dod’ chairde i saol na Gaeilge. Fan go bhfeice tú. Ní haon duine mise a dhéanann faillí sna daoine a chuidigh liom in am an ghátair, na daoine a d’oibrigh ó dhubh go dubh ar nós daoine gorma. Is iad is fearr a oibríonn go dian, tá a fhios agat – seachas na daoine donna agus na daoine buí agus na daoine geala. Ó, is mór an meas atá agam orthu go léir, nó níl rian ar bith den chiníochas ionam.

“Agus nuair a bheidh mé i mo Thaoiseach cuirfidh mé daoine cearta, daoine fónta, daoine fiúntacha i mbun Údarás na Galltachta agus Fhoraois na Gaeilge agus cuirfidh mé tusa, a Bhaloir, i mbun... i mbun... i mbun... Erectus na Gaeilge! Ó nach mé atá dalba, a Bhaloir. Tá mé i ndiaidh tú a fháil all worked up arís. Mo náire mé! Ach éist leis seo, a Bhaloir, a chroí: ní bheidh ortsa bheith ag sclábhaíocht do Beo Ar Éigean níos mó. Tá a fhios ag madaí an bhaile chomh crua is a oibríonn tú sa phost sin – ó dhubh go dubh, díreach ar nós duine gorm... nó duine geal nó duine donn nó duine buí – seachas an mhuintir bhuí ó thuaidh nach n-oibríonn ar chor ar bith ar scor ar bith, ach a chaitheann a gcuid ama ag olagón agus ag ceasacht agus ag ceasnaí agus ag casaoid, nuair nach bhfuil cúis ar bith acu bheith ag gearán. Gheobhaidh mé jab ceart litríochta duit: beidh tú mar scríbhneoir óráidí domsa, agus mé mar Thaoiseach.

“Ach a Bhaloir, feictear dom nach bhfuil tú i mbarr do shláinte. Gheobhainn otharcharr duit le tú a thabhairt chuig ospidéal, ach go mbeifeá ar thralaí ar feadh seachtaine ag fanacht le duine inteacht chun aire a thabhairt duit. Níl am ag an Tánaiste rudaí mar sin a shocrú. Tá sí ag caitheamh a cuid ama ag cleachtadh *lapdanceála *– díreach ar eagla na heagla, tá a fhios agat; díreach ar eagla na heaglaise. Éist, a Bhaloir, tabharfaidh mise aire duit: póg na beatha agus croí isteach mór agus beidh tú ar mhuin na muice. Ó, a Bhaloir, nach maith mar a tháinig biseach ort. Ó, bí cúramach, a Bhaloir. Ó, tá tú in ann seasamh? Cad tuige go bhfuil tú ag rith? Slán, a Bhaloir. Slán tamall.”

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.