393
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ba chúis bhróid é do na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac nuair a osclaíodh ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Manhattan anuraidh. Taobh istigh de naoi mí, áfach, b’éigean an t-ionad a dhúnadh de bharr go raibh creimeadh ag tarlú. Cúlra an scéil ó Tom Deignan.
»»»Tá cónaí ar Panu Petteri Höglund in iardheisceart na Fionlainne agus tá ocht dteanga ar a thoil aige, an Ghaeilge ina measc. Sa chéad chuid d’agallamh ríomhphoist a chuir Beo! air, déanann sé cur síos, i measc rudaí eile, ar a chúlra, an chaoi ar spreagadh a shuim sa Ghaeilge agus an tslí ar fhoghlaim sé an teanga.
»»»Tá cinneadh déanta ag an Chúirt Uachtarach a chuirfidh teorann ar an mhéid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge de réir an léamh atá ag Breandán Delap ar bhreithiúnas a tugadh le gairid.
»»»Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.
»»»Is cosúil nach maith le muintir na hAstráile déine ar son na déine. Tá Bearnaí Ó Doiblin den tuairim nach bóthar réidh atá roimh rialtas Tony Abbott.
»»»Is sliocht é seo as úrscéal nua eachtraíochta le hAnna Heussaff, atá lán de theannas is de spleodar. Tá sé ag plé le saol samhlaíoch pháistí an lae inniu: gluaisteáin ghasta, ríomhchluichí agus turais i mórchathracha cáiliúla. Tá an saothar oiriúnach do dhaoine óga idir naoi mbliana agus dhá bhliain déag.
»»»Thit roinnt ceisteanna le hintinn Tony Birtill nuair a d’oscail Ambasadóir na hÉireann, Daniel Mulhall, leabharlann i gcuimhne ar Bhreandán Mac Lua in Ollscoil Learphoill an mhí seo chuaigh thart.
»»»Tearmann is ea Cumann Lúthchleas Gael do mhuintir na hÉireann: sin a deir Éamonn Mac Suibhne ina leabhar nua faoin mbóthar go Páirc an Chrócaigh. Léigh Colm Mac Séalaigh an saothar le gairid.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.
»»»Cad é mar atá sibh? Is mise Liz agus tá mé i mo chónaí i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is as Londain mé agus tháinig mé anseo beagnach sé bliana ó shin.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: comharsanaigh challánacha.
»»»Measann Breandán Delap go bhfuil polasaí díláraithe an Rialtais ina phraiseach cheart agus go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige seo san am atá romhainn.
»»»A Rí na bhfeart, tá Diarmuid Johnson tar éis litir a scríobh chuig rí saolta na Rómáine faoina fhidil, fidil an rí, atá ar buanchoimeád in Iarsmalann sa bPolainn.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh an-tógtha leis an méid atá ar siúl ó thaobh an spóirt i gCamus i gConamara, in ainneoin easpa an-mhór áiseanna a bheith i gceist.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.