Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: comharsanaigh challánacha.
Bhí Máire agus Dónall ag cailleadh chodladh na hoíche le tuairim agus seachtain anois. Chuala siad go raibh an teach béal dorais ligthe anois agus go mbeadh comharsanaigh úra acu.
“Tá súil agam go mbíonn siad níos fearr ná an dream a bhí ann roimhe sin,” arsa Máire.
“Féadann siad a bheith,” arsa Dónall, “nó bainfeadh mise an gaosán den tiarna talún sin.”
“Is beag an mhaith a dhéanfaidh sé duit do thóin a chur amach,” arsa Máire. “Ní raibh mórán ar shon an ghearáin againn roimhe seo cibé.”
“Ní raibh nó tá an diúlach sin chomh righin go dtarraingeofá míle é. Cluas bhodhar, sin a thug sé domh,” arsa Dónall.
Ní raibh acmhainn ariamh ag ceachtar acu ar thrup ná ar challán agus bhí a sáith de acu sna sé mhí a bhí an dream deireanach béal dorais. Ní raibh gíog ná míog astu ar maidin ach fá am tae bhí siad ag búirthigh agus ag stróiceadh mionnaí móra. Idir sin agus an ceol bhí fonn orthu beirt an teach a chur ar an mhargadh. Bhíodh an fhuaim chomh hard sin acu corruair go mbíodh crith sna ballaí.
“Cinnte le Dia,” arsa Máire, “beidh siad níos fearr ná an mhuintir dheireanach. Idir an stothallóg de bhean, an strabhsachán d’fhear agus an lúiste de mhac, ní fhaca mé a leithéid ariamh. Níl a fhios agam an raibh lá amháin ariamh nach raibh muid i gcorraí leo.”
“Nach bhfuil a fhios agam. Tulchath glan achan iarraidh,” arsa Dónall.
“Agus an teach, an bhfuil cuimhne agat ar an teach? Prochóg déanta,” arsa Máire agus é ina rachlas Domhnach is dálach.”
“Nach bhfuil a fhios agam. Bhí an áit gan rath agus gan dóit. Ar ndóighe, ní raibh spút céille ag duine amháin féin acu,” arsa Dónall.
“Agus cad é faoin mhac sin nár oscail a bhéal ariamh?” arsa Máire.
“Ní raibh sé furasta a thógáil, tá an fhírinne agat. Ach ní thiocfadh leat sin a rá fán iníon – bí ag caint ar theanga ghéar,” arsa Dónall.
“De réir mar a fheicimse, tá go leor ar a haicíd,” arsa Máire.
“Agus an bhfuil cuimhne agat ar an cheol?” arsa Dónall.
“Nach agam atá. Níl a fhios agam cad é a ba mheasa, Philomena Begley nó Metallica,’ arsa Máire.
“Ar an laghad bhí Philomena cineál ciúin,” arsa Dónall.
“Bhuel, tá sin ann,” arsa Máire.
“Seo,” arsa Dónall, “níl maith a bheith caint ar an am a chuaigh thart. Tá sé go maith againn caitheamh orainn agus a dhul isteach agus muid féin a chur in aithne don dream úr.”
“Is dócha,” arsa Máire agus bheir sí ar a cóta agus rinne siad beirt ar an doras.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste. Click here