AR NA SAOLTA SEO
Dílárú na seirbhíse poiblí – prácás ceart déanta ag an Rialtas
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Measann Breandán Delap go bhfuil polasaí díláraithe an Rialtais ina phraiseach cheart agus go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige seo san am atá romhainn.

Íomhá
An tAire Stáit Tom Parlon
Íomhá
Íomhá
An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue
Íomhá
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny

“Réiteoimid na fadhbanna de réir mar a thiocfaidh siad chun solais.” B’in mar a rinne an tAire Stáit Tom Parlon, cur síos ar chur chuige an rialtais nuair a bhí conspóid an díláraithe in ard a

réime an mhí seo caite. Is geall le ráiteas misin é seo don dóigh a láimhsigh an Rialtas an polasaí atá acu 10,600 státseirbhíseach a bhogadh ón ardchathair go leathchéad ionad ar fud na tíre. Gan fiacail a chur ann, níl ord ná eagar ar chur chuige an rialtais agus tá an chosúlacht air go bhfuiltear á humadh de réir mar a théann siad ar aghaidh. Go deimhin, b’éigean don Taoiseach féin géilleadh le déanaí go raibh deacrachtaí ag baint leis an phlean agus go ndearnadh iarracht barraíocht a bhaint amach d’aon léim amháin. B’fhada an admháil thruamhéalach seo ón cheiliúradh mór a rinneadh nuair a d’fhógair Aire Airgeadais an ama, Charlie McCreevy, an polasaí i gcáinaisnéis na bliana 2004.

Tháinig an fógra seo aniar aduaidh ar chách. Déarfadh an té atá idéalach gur iarracht chróga a bhí ann dul i ngleic le hollchumhacht na hardchathrach. Déarfadh an té atá amhrasach gur iarracht shoiniciúil a bhí ann le go n-éireodh go maith le páirtithe an rialtais sna toghcháin áitiúla. Déarfadh an té atá réadúil, áfach, gur theip orthu ceachtar don dá sprioc sin a bhaint amach. Agus cad atá le rá ag údar an pholasaí – Charlie McCreevy – ina thaobh? Faic na ngrást, mar go bhfuil seisean féin díláraithe ó shin go hiargúltacht na Bruiséile.

Ach tá go leor fianaise ann le mí anuas go bhfuil an polasaí uilig ag titim as a chéile. Leoga, tá brú ar an rialtas a chuid pleananna a leasúa chaitheamh i dtraipisí. An mhí seo caite, dúirt Impact, ceann de na ceardchumann is mó a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe san earnáil phoiblí, nár mhór leasú radacach a dhéanamh ar an phróiseas díláraithe. Deir Impact go mbeidh “impleachtaí diúltacha ollmhóra ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal,” má leantar leis an pholasaí mar atá. De réir anailís Impact (Why Decentralisation Isn’t Working – the Cost and Service Implications of Decentralisation), a foilsíodh ar na mallaibh, níor thug ach 15% de speisialtóirí sa státseirbhís le fios go raibh siad ag iarraidh bogadh ón phríomhchathair. Chosnódh sé suas le €65m sa bhliain speisialtóirí úra a earcú ina n-áit, a deir siad.

Ina theannta sin, tá agóid leanúnach ar bun ag oibrithe in Fás atá ag cur i gcoinne athlonnú a n-ardoifige go Biorra, Co Uíbh Fhailí. Dúirt duine den lucht agóide ar an chlár raidió “Liveline” le déanaí go raibh sí cinnte gur áit dheas é Biorra ach nach raibh rún dá laghad aici dul ann! Deir SIPTU go bhfuil siad ag dréim go rachaidh oibrithe ó Combat Poverty agus ó Enterprise Ireland i mbun a mhacasamhail d’agóid go luath. Is mó brí anois ná riamh le focail Winston Churchill: “Civil Servants – no longer servants, no longer civil.”

Sa mhullach air seo, fógraíodh an mhí seo caite nach mbeadh ach scór feidhmeannach de chuid na Seirbhíse Promhaidh ag bogadh as Baile Átha Cliath go dtí an Uaimh. Bhí sé i gceist ag an tús go mbeadh céad duine as foireann na seirbhíse á ndílárú ach maíonn an tAire Sóisir Tom Parlon nach cúlú é seo ar pholasaí díláraithe an rialtais. Deir seisean nach ligfear do dhornán beag daoine an próiseas díláraithe a chur ó mhaith. Beidh le feiceáil...

Baol go gcaillfear saineolas

Ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an pholasaí díláraithe ná go dtiocfaidh athrú mór millteanach ar fhoirne na rannóg stáit agus go bhfuil an baol ann go gcaillfear an saineolas atá ag státseirbhísigh a bhfuil le taithí na mblianta fada acu. Maíonn an Roinn Oideachais, mar shampla, go bhféadfadh sé tarlú go gcaillfeadh siad 90% dá bhfoireann agus go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha ag an phróiseas díláraithe do sholáthar seirbhíse trí mheán na Gaeilge. Tá cur síos ar imní na Roinne Oideachais i leith díláraithe le feiceáil sa scéim teanga atá aontaithe acu leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mar chuid dá ndualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tuartar sa scéim faoin gceannteideal “Rudaí a rachaidh i gcion ar an Scéim” go ndéanfar slad ar fhoireann na Roinne má leantar leis an phróiseas mar atá beartaithe ag an rialtais: “Má thagann toradh ar na figiúirí a foilsíodh ón tSaoráid Lárnach Iarratais beidh athrú de 90% ar fhoireann na Roinne.”

Má thagann an tuar fá thairngreacht na Roinne maíonn siad go dtiocfaidh creimeadh nach beag ar chumas a gcuid feidhmeannach seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Cé go mbíodh an Roinn Oideachais ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol, tá siad i ndiaidh a admháil le déanaí nach bhfuil ach 3% dá bhfoireann riaracháin ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois. (cf. Beo! mhí na Bealtaine). Ach is in olcas a rachaidh sé seo má leantar le dílárú na státseirbhíseach, dar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Ina scéim teanga deirtear: “Ní féidir a ghealladh go bhféadfar duine atá chomh líofa céanna sa Ghaeilge a chur in ionad Gaeilgeora atá imithe as an Roinn. D’fhéadfadh an dílárú acmhainn Ghaeilge na Roinne a ídiú a thuilleadh, agus tá an acmhainn sin cúng go leor mar atá sé.”

Cinnte, is postanna seachas daoine atá á ndílárú ach níl aon chur síos beacht déanta ag an rialtas ar cén dóigh a chinnteoidh siad go bhfanfaidh an leibhéal céanna scileanna sa státseirbhís. Leis an mhéid athruithe foirne atá tuartha, níl dabht ar bith ach go gcaillfear cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit. Is cuma cé chomh hábalta is a bhíonn na daoine úra a thiocfaidh isteach go Roinn ar bith glacfaidh sé blianta fada orthu teacht ar an taithí is ar an eolas a eascraíonn as blianta fada seirbhíse.

Agus ainneoin na himní atá léirithe ag an Roinn Oideachais ina scéim teanga, tá an rialtas ar tí an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh, ar fiú €300m é, le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe. Sna seachtainí beaga romhainn amach fógrófar go poiblí go mbeifear ag lorg tairiscintí don chonradh le hoifigí a thógáil ar an Muileann gCearr, i bPort Laoise agus i gCeatharlach. Beidh os cionn 1,200 d’fhoireann na Roinne Oideachais féin mar aon leis an Roinn Talmhaíochta agus an Roinn Fiontar Poiblí lonnaithe sna hoifigí seo, a thógfar trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (public private partnership).

Airí ag sáraíocht ar a chéile

Is gearr go mbeidh a mhacasamhail d’fhoirgnimh á dtógáil ó cheann ceann na tíre. Ceann de na fadhbanna a bhaineann le sin ná gur go fánach a roghnaíodh na láithreacha a bhí le sochar a bhaint as an dílárú. Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh na hairí Stáit ag sáraíocht ar a chéile ag iarraidh féiríní a bhronnadh ar a gcuid dáilcheantar. Is go Cill Áirne, i ndáilcheantar an Aire

Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta John O’Donoghue, mar shampla, a bheas sciar de phostanna na Roinne sin á n-aistriú agus is go Baile Dhún na nGall, i ndáilcheantar Mary Coughlan, a bhí ina hAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ag an am, a bheas os cionn dhá chéad duine sa Roinn sin lonnaithe amach anseo. Ní léir gur ar bhonn straitéiseach a roghnaíodh na háiteanna seo, ach a mhalairt. Go deimhin, táthar ann a deir go bhfuil na hionaid a roghnaíodh ag teacht salach ar an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta mar nár cloíodh leis na “lárionaid chónaithe” atá leagtha síos ann nuair a bhíothas ag dáileadh na bpostanna.Tá ceisteanna ann fosta faoi shocruithe praiticiúla. Cad a tharlóidh amach anseo, mar shampla, má cheaptar Teachta as Dún na nGall Thiar Theas le bheith ina Aire Ealaíon nó Teachta as Ciarraí Theas le bheith ina Aire Gnóthaí Sóisialacha? Cá mbeidh a gcuid cruinnithe acu le feidhmeannaigh na Roinne? I mBaile Átha Cliath, b’fhéidir, rud nach mbeadh ag teacht le spiorad an díláraithe.

Ach nuair atá deireadh ráite is é an cur chuige (nó an easpa cur chuige) atá lochtach seachas an coincheap féin. Agus ainneoin an phrácáis atá déanta acu den rud ar fad tá rith a ráis ag an rialtais. Níl aon bhuntáiste ann don fhreasúra bheith ag cáineadh an pholasaí. Cén dóigh a

bhféadfadh Enda Kenny, mar shampla, cur i gcoinne an moladh go n-aistreofaí 164 post ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go Cnoc Mhuire, ina dháilcheantar féin? Nuair a bhí caint ar dhílárú i dtús ama, i bhfad sular fhógair Charlie McCreevy a chuid féiríní, cuireadh os cionn 200 aighneacht faoina bhráid ag déanamh stocaireachta d’áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Ba ó Theachtaí de chuid Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre a tháinig go leor de na haighneachtaí sin. Níor dhírigh éinne acu ar na fadhbanna a bhainfeadh le dílárú, fadhbanna atá go mór faoi chaibidil faoi láthair.

Sé mhí roimh fhógra an Aire Airgeadais rith Fine Gael rún Dála ag cáineadh an rialtais mar nach raibh siad ag déanamh faic i dtaobh dhílárú na státseirbhíse. Mhaígh Enda Kenny ag an am go raibh 18,000 státseirbhíseach lonnaithe i mBaile Átha Cliath a bhí ag iarraidh aistriú go ceantar tuaithe agus nár mhór freastal ar an éileamh seo láithreach. Níl sé furasta dá leithéid a bheith ag caitheamh anuas ar an tubaiste a tharla ó shin.

Ach le holltoghchán ar na bacáin, b’fhiú don rialtas cuimhneamh ar a raibh le rá ag Jim Hacker ón chlár teilifíse “Yes Minister”: “The opposition are the opposition in exile, the Civil Service are the opposition in residence.”

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.