82
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Áirítear TK Whitaker ar dhuine de na daoine is tábhachtaí a bhí bainteach le cúrsaí geilleagair in Éirinn sa 20ú haois. Labhair sé le Bernardine Nic Giolla Phádraig faoina shaol mar statseirbhíseach agus faoina shuim sa Ghaeilge.
»»»Bhí an saol ag múineadh Aire Oideachais na Sé Chontae, Caitríona Ruane, sa dóigh gur shiúil sí cuid de Mheiriceá Láir, taithí a thug uirthi a hamhail a dhíriú ina dhiaidh sin ar dheacrachtaí an Tuaiscirt. Chuaigh Robert McMillen chun cainte léi i mBeannchar, Contae an Dúin.
»»»Bhuail Robert McMillen le Róisín Ní Eadhra, an láithreoir teilifíse a bhfuil sraith úr darb ainm ‘Róisín’ tosaithe aici ar TG4 an mhí seo caite.
»»»Beidh dhá fhéile drámaíochta ar siúl in ionad axis i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath le linn na míosa seo agus na míosa seo chugainn. Tugann Rónán Mac Raois, atá bainteach leo, eolas mar gheall ar an dá imeacht seo.
»»»Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as bob ollmhór a bhualadh ar [i]cognoscenti[/i] shaol na healaíne. Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an teaghlaigh a raibh gnó luachmhar brionnaithe acu ar feadh na mblianta.
»»»An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
»»»Léiríonn corn gailf san Astráil an ghuagacht a bhain le caidreamh idir an dá thír, Éire agus an Astráil, ar feadh na mblianta fada. Bhí údar ag Bearnaí Ó Doibhlin spéis a chur sa chorn.
»»»Tá cur síos an mhí seo ag Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.
»»»Spreag scannán as an Iaráin a chonaic sí le déanaí Liz Curtis le roinnt taighde a dhéanamh ar thionscal scannánaíochta na tíre sin.
»»»Seo sliocht as úrscéilín nua le Colm Ó Snodaigh, Pat the Pipe, Píobaire.
»»»Am corrach i stair na Fraince atá faoi thrácht ag PJ Mac Gabhann as Páras. Daoine á bhfuadach, á gcéasadh is á gcartadh marbh i dtalamh gan taise. Daoine eile ag iarraidh éalú ar ais nó ar éigean. An t-am seo bliana 1940 a thosaigh an drochobair.
»»»Míneoidh Ciarán Mac Aonghusa anseo cén fáth go gcliseann na scairteanna gutháin ort go minic agus tuige nach mbíonn seirbhís idirlín ag a lán daoine ag deireadh na seachtaine in Éirinn.
»»»Chas Colm Mac Séalaigh le réiteoir de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhfuil taithí 25 bliain de réiteoireacht ag gach leibhéal anois aige. D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.
»»»Féachann Robert McMillen ar an éifeacht a bhí ag na stailceanna ocrais 1981 ar shaol polaitíochta na Sé Chontae.
»»»Tá anailís déanta i leabhar a foilsíodh le gairid ar na cúiseanna go bhfuil an tOrd Oráisteach á thréigean ag go leor Protastúnach. Chaith Robert McMillen súil ar an fhoilseachán nua seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.