AR NA SAOLTA SEO
Claonpháirteachas idir na fórsaí cosanta agus na dílseoirí: fianaise nua
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Thángthas ar thuilleadh fianaise le tamall anuas go raibh claonpháirteachas i gceist idir na fórsaí cosanta agus na dílseoirí sna Sé Chontae. Tuairisc ó Robert McMillen.

Íomhá
Íomhá
Harold Wildon, Príomh-Aire na Breataine sna seachtóidí
Íomhá
Mark Haddock: scaoileadh ocht n-uaire é

Samhlaigh é. Tá Arm na Fraince ag tabhairt meaisínghunnaí do ghrúpaí ciníocha sa Fhrainc le daoine dubha a mharú. Leoga, is ó arm na tíre is mó a fhaigheann na grúpaí seo bunús a n-arm. Ní fios cá mhéad duine atá maraithe acu le 30 bliain.

Tá a fhios ag uachtarán na Fraince go bhfuil sé seo ag titim amach, leoga tá an t-eolas ag an rialtas le 30 bliain ach níl a dhath déanta acu faoi.

Bhí a mhacasamhail de scéal amhlaidh ó thuaidh le linn na dTrioblóidí. Bhí an Ulster Defence Regiment (UDR), reisimint de chuid arm na Breataine, é 95% Protastúnach, iarbhaill de chuid na B-Specials ann, mar militia logánta de chuid na bhfórsaí cosanta sna Sé Chontae.

Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.

Foilsíodh an fhianaise i sraith altanna sa pháipéar náisiúnach ó thuaidh, The Irish News, í bailithe ag Stephen McCaffery, ach ba iad an Pat Finucane Centre agus an Justice for the Forgotten Group a tháinig ar an eolas i gcéaduair i ndiaidh dianscagadh a dhéanamh ar cháipéisí sa Public Records Office i Londain.

Tá an dá ghrúpa ag cur comhfhoirne anonn le breathnú ar cháipéisí á scaoileadh faoin “Riail 30 bliain”.

Tá Justice for the Forgotten ach go háirithe an-sciliúil ag an obair mhaslach agus fuair siad eolas arbh fhearr leis na húdaráis nach mbeadh sé acu.

Moll mór cáipéisí

Tháinig an dá ghrúpa ar mholl mór cáipéisí a chruthaigh go raibh eolas cruinn ag údaráis na Breataine fá choiriúlachtdúnmharú san áireamh – a raibh reisimint dá arm páirteach inti.

trí ghné clúdaithe sna cáipéisí.

An chéad cheann ná Subversion in the UDR, a scríobh oifigigh de chuid sheirbhísí faisnéise na Breataine i mí Lúnasa 1973. Tá an focal “rúnda” scríofa air. Scríobhadh an tuarascáil i gcomhair an Joint Intelligence Committee – an dream a raibh páirt lárnach i scéal/bréag Airm Ollscriosta Sadaam Hussein.

Mheas lucht scríofa na tuarascála go raibh baint ag idir 5% agus 15% de bhaill an UDR le grúpaí paraimíleatacha dílseacha.

Maíonn an tuarascáil gur “chaill” an UDR 190 raidhfil leath-uathoibríoch, meaisínghunna nó piostal in aon bhliain amháin, 1972.

Ba é an UDR an fhoinse ba mhó arm do dhílseoirí, agus an fhoinse amháin d’airm nua-aimseartha do dhílseoirí, de réir na tuarascála.

Baineann an dara sraith cáipéisí le comhfhreagras ó pholaiteoirí náisiúnacha agus na húdaráis ó thuaidh. Léiríonn cuid de na doiciméid go raibh a fhios ag na húdaráis go raibh comhoibriú rúnda idir fórsaí an stáit agus dílseoirí.

Sa tríú sraith doiciméad, tá comhad ina bhfuil cur síos ar chomhrá a bhí ag Harold Wilson, Príomh-Aire na Breataine ag an am, Stát-rúnaí an Tuaiscirt, Mervyn Rees, agus Margaret Thatcher a bhí ina ceannaire ar an fhreasúra.

Sa chomhrá seo, insíonn Wilson agus Rees do Thatcher go bhfuil a fhios acu go bhfuil cuid mhór “antoisceach Protastúnach” san UDR. Deir siad fosta go bhfuil imní orthu go bhfuil “eilimintí” san RUC báúil leis an UVF agus go bhfuil siad ag sceitheadh eolais le hIan Paisley.

Séanadh

Curtha le chéile, tugann na cáipéisí seo an chéad léargas ar scála an chomhoibrithe rúnda. Bhí paraimíleataigh dhílseacha á n-armáil ag saighdiúirí de chuid an UDR agus maraíodh daoine dá bharr. Seo anois an fhianaise ó fhoinsí oifigiúla.

Ach sin ráite, níl amhras ar bith ann ach gurbh é an IRA a mharaigh an líon is mó daoine le linn na dTrioblóidí. Ní féidir le duine ar bith an fhíric lom sin a shéanadh. Ach, ag an am chéanna, ní féidir leis na haontachtaithe a shéanadh go ndearnadh nithe éagóracha ar a son siúd - dúnmharú san áireamh. Ní leor dóibh bheith ag caint go ciúin ar "chogadh salach" agus maithiúnas iomlán a thabhairt d’fhórsaí an stáit.

Rud eile fá scéalta an Irish News. Bhí cur agus cúiteamh i go leor de na meáin chlóite agus

chraolta, thuaidh agus theas, bunaithe ar thuairiscí Stephen McCaffery, ach níor bhac an BBC leis ach sa bheag. Luadh na tuairiscí ar an mhír What the papers say ar chlár nuachta na maidine, “Good Morning Ulster”, ach ní dhearnadh tagairt dóibh ina dhiaidh sin. Scéal chomh tábhachtach sin agus thug an BBC neamhaird air! Aisteach!

An tseachtain seo, scaoileadh Mark Haddock ocht n-uaire. Tá Haddock ina bhall seanbhunaithe den UVF ach tá líomhaintí láidre déanta go raibh sé ina spiaire de chuid na bpóilíní agus gur ligeadh do coireanna a dhéanamh, dúnmharú san áireamh, dá bharr. Tá Ombudsman na bPoilíní sa tuaisceart, Nuala O’Loan, ag fiosrú an naisc idir an UVF i Mount Vernon i mBéal Feirste agus na fórsaí slándála.

Beidh scéal an chomhoibrithe rúnda ar na scéalta is tábhachtaí a thiocfaidh amach i mbliana.

Is iriseoir leis an Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.