AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Timor Thoir - neamhspleách faoi dheireadh thiar
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Cé gur bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach le déanaí, tá go leor deacrachtaí le sárú ag an tír san am atá romhainn, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Íomhá
Bean ag ceiliúradh neamhspleáchas Timor Thoir, 20 Bealtaine 2002
Íomhá
Uachtarán nua Timor Thoir, Xanana Gusmao
Íomhá
An tUachtarán Gusmao ag tabhairt a chéad óráide an mhí seo caite

Tar éis breis is 400 bliain ag fanacht, bhí na daoine i Timor Thoir in ann a neamhspleáchas a cheiliúradh an mhí seo caite. Chaith siad formhór an ama sin mar chóilíneacht de chuid na Portaingéile. Bhí siad fágtha gan oideachas, gan infrastruchtúr, gan dóchas. Ach bhí níos measa fós i ndán dóibh ó 1975 mar chúige den Indinéis. Meastar gur cailleadh 200,000 de dhaonra 850,000 de bharr gorta, galar agus ionsaithe míleata.

Thug Ford agus Kissinger na Stát Aontaithe cead do Suharto ionradh a dhéanamh nuair a bhí siad i Jakarta dhá lá sular thosaigh sé. Agus lean na Stáit Aontaithe ag tabhairt cúnamh míleata don Indinéis as sin go dtí 1999. Má tá plé le déanamh ar choireanna cogaidh na linne, beidh ceisteanna le freagairt ag polaiteoirí Meiriceánacha chomh maith le saighdiúirí na hIndinéise agus a gcairde.

Tháinig deireadh le réimeas brúidiúil na hIndinéise i 1999 cé nár ghlac an t-arm agus na mílístí ar thug siad tacaíocht dóibh leis an socrú sin. Roimh reifreann neamspleáchais na bliana sin agus go ceann trí seachtainí ina dhiaidh rinne siad ár agus sléacht ar fud na tíre. Tháinig fórsaí na Náisiún Aontaithe faoi cheannas na hAstráile i gcabhair ar na daoine.

Ó dheireadh 1999 tá an tír á rialú ag na Náisiúin Aontaithe. Tá daoine a déarfadh gur cóilíneacht de chuid na NA í anois. Bhí sé ina achrann cúpla bliain ó shin, mar shampla, nuair a fógraíodh roinnt mhaith postanna d’fhoireann na NA. Bhí Béarla le bheith ag chuile iarrthóir, teanga nach bhfuil ach ag tuairim is 2% den phobal.

Ach ní ar na cúrsaí sin a bhíothas ag smaoineamh le gairid. Bhí gliondar ar chuile dhuine go raibh fís an neamhspleáchais bainte amach acu. Thug Xanana Gusmao a mhionn mar uachtarán. Cheap sé rialtas faoin bPríomhaire Mari Alkatiri. Agus bhí scléip, ceol agus damhsa go maidin ann.

Bochtanas

Is í an stát nua an tír is boichte san Áis agus ceann de na tíortha is boichte ar domhan. Tá an táirge per capita tuairim is $610 sa mbliain. Níl léamh ach ag 46% de na daoine fásta agus tá 70% dífhostaithe. Braitheann na daoine cuid mhaith ar thalmhaíocht ó láimh go béal.

Beidh an tír nua ag brath ar chúnamh idirnáisiúnta go ceann trí nó ceithre bliana. Tá súil le feabhas nuair a thosóidh airgead ag teacht isteach ó ola agus gás i mBearna Timor. Is fiú $6.7 billiún é agus beidh 90% den airgead ag dul don Timor Thoir agus 10% don Astráil. Ach tá ceantar eile ola agus gáis in aice láimhe a meastar gur fiú $30 billiún é agus ní bhfaighidh an Timor Thoir ach 18% de sin. Tá sé ina chnámh spairne agus ceaptar go mbeidh an dlí á chur ar an Astráil dá bharr.

Níl deireadh fós le deacrachtaí na tíre, ná baol air. Ach anois, ar a laghad, beidh seans ag na daoine a gcuid botún féin a dhéanamh más áil leo, i leaba a bheith ag fulaingt agus ag fulaingt go tréan de bharr bhotúin daoine eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.