Dealraíonn sé go bhfuil seans ann go mbeidh uachtarán gorm sa Teach Bán den chéad uair riamh. Ach an bhfuil muintir na Stát Aontaithe – idir Ghormaigh agus dhaoine geala – réidh dá leithéid? Pléann Brian Ó Broin an scéal.
Ba chosúil go raibh gruaim ar na seanóirí a bhíonn ag síománaíocht i siopa an bhearbóra an tseachtain seo caite agus mé ansin le bearradh gruaige a fháil. Chroith duine de na seanóirí nuachtán ina lámh, a raibh an cheannlíne mhór "Obama Chun Cinn” le léamh air.
"Ar chuala tú go ndéanfar an t-amhrán náisiúnta a athrú an bhliain seo chugainn?" arsa sé, agus é ag ligean air go raibh sé cantalach.
"M’anam nár chuala,” arsa mé.
"Scaoil amach é”, arsa seisean leis an ngrúpa.
Thosaíodar ag canadh "Old Man River" d’aon ghuth.
Ní raibh sé ar intinn acu drochmheas a léiriú agus díobháil a dhéanamh, ach mar sin féin thaispeáin scéal grinn an ghrúpa seo sean-Iodálach chomh deacair is a bheas sé fáil réidh leis an seandearcadh atá ag daoine áirithe sna Stáit Aontaithe i leith na nGormach.
Tá seans iontach maith ann go mbeidh uachtarán gorm ag muintir na Stát Aontaithe i gceann bliana. Má tharlaíonn a leithéid, ardófar ceisteanna nár ardaíodh i Meiriceá ó aimsir an cheannaire ghoirm Martin Luther King.
Tá Gormaigh mar chuid de shochaí Mheiriceá ó aimsir na sclábhaíochta i leith, is é sin, ó thosaigh na hEorpaigh ag taiscéalaíocht sa Domhan Nua. Go deimhin, is féidir léamh faoi sclábhaíocht i leabhair Shasana – Oroonoko, *cuir i gcás –* a foilsíodh chomh fada siar le 1688, agus níl dabht ar bith ach go raibh sclábhaíocht ar bun níos túisce ná sin.
Cé go gcomhcheanglaíonn muid an sclábhaíocht le Gormaigh amháin, bhí a leithéid de rud is sclábhaithe geala ann freisin. Agus mé ag freastal ar léacht a thug an tOllamh Ken Nilsen ag comhdháil Éireannach le déanaí, baineadh siar asam nuair a thaispeáin sé fógra cuardaithe dúinn ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir.
Ach tháinig formhór na sclábhaithe ón Afraic. Cheannaítí na sclábhaithe ar chósta thiar na hAfraice go príomha, agus chuirtí trasna an Aigéin Atlantaigh iad go dtí na plandálacha sa Mhuir Chairib agus chucu siúd i Meiriceá Theas*. *Agus na longa folamh, líontaí iad le táirgí na bplandálacha – siúcra, cadás, tobac agus moláis, mar shampla – agus thógtaí iad ar ais chun na hEorpa, áit a ndíoltaí iad. Agus na longa folamh arís, chuirtí ar ais chun na hAfraice iad chun breis sclábhaithe a bhailiú agus triantán na sclábhaíochta a chríochnú.
Faoi dheireadh ré na coilíneachta i Meiriceá, bhí thart fá 750,000 Gormach sa tír – b’ionann sin agus 20 faoin gcéad den daonra iomlán. Cé go raibh méadú tagtha ar líon na sclábhaithe i Meiriceá faoi thús an chogaidh chathartha – uair a bhí 4.5 milliún Gormach sa tír – thit céatadán na sclábhaithe i gcomparáid le líon na n-inimirceach a bhí ag teacht isteach ón Eoraip. Faoin mbliain 1930, ba é céatadán na nGormach Meiriceánach sa tír ná 9.5%. Tháinig méadú faoin gcéatadán sin agus sa lá atá inniu ann is Gormaigh iad 12.5% den daonra. MionlachAch is mionlach iad na Gormaigh nach bhfuil mórán measa orthu go fóill. Tá cónaí ar Ghormaigh na Stát Aontaithe, den chuid is mó, i stáit bhochta an deiscirt agus i ngeiteonna na gcathracha móra – Harlem i Nua-Eabhrac agus South Central i Los Angeles, cuir i gcás. Faraor, is radharc annamh go fóill é Gormaigh a fheiceáil sna bruachbhailte agus sna foirgnimh ghnó.
Tá ciníochas láidir i gceist sna Stáit Aontaithe ó bunaíodh an tír. I ndiaidh gur “saoradh” na sclábhaithe i stáit an deiscirt in 1865, rinneadh cinnte de nach mbeadh ach áiseanna ar chaighdeán íseal ar fáil do na Gormaigh trí dhlíthe deighilte a chur i bhfeidhm. Go deimhin, tá cuid de na dlíthe sin fós le feiceáil i mbunreachtanna na stát, cé go bhfuil cosc ar a bhfeidhmiú le hordú ón gCúirt Uachtarach. Sampla amháin de na dlíthe sin ná an ceann seo i mBunreacht Alabama:
"Separate schools shall be provided for white and colored children, and no child of either race shall be permitted to attend a school of the other race.”
D’fhan na Gormaigh faoin tuath ar feadh trí scór bliain i ndiaidh a saortha, ach nuair a cuireadh tús le ré na déantúsaíochta sna cathracha – cathracha an tuaiscirt ach go háirithe – thaistil cuid mhaith de na Gormaigh chucu, iad ar thóir airgid agus ag iarraidh saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin. Níorbh fhada go raibh cathracha déantúsaíochta mar Detroit, Michigan, Paterson agus Nua-Gheirsí ag cur thar maoil le hoibrithe gorma.
Ré órgaBa é seo ré órga na nGormach i Meiriceá. In ainneoin go raibh teannas idir Gormaigh bhochta agus na bochtáin gheala faoin tuath sa deisceart, bhí meánaicme na nGormach ag teacht ar an saol sna cathracha. I Nua-Eabhrac déantar trácht ar an "Harlem Renaissance" – uair a tháinig na mílte ealaíontóir gorm go dtí an ceantar sin chun bualadh lena chéile agus chun leas a bhaint as áiseanna na cathrach. B’as na ceoltóirí a tháinig go dtí na cathracha a d’eascair snagcheol – nó Jazz, mar is fearr aithne air – agus i measc scríbhneoirí na
tréimhse sin, bhí daoine mar Langston Hughes agus Zora Neale Hurston.
Ní fios céard a chuir deireadh leis an ré seo. Shílfeá go gcaithfeadh na cogaí domhanda na ciníocha le chéile, agus b’fhéidir gur chaith. Ach má b’fhíor sin, níorbh fhada a d’fhanadar le chéile. Ba iad na caogaidí aimsir fhás na mbruachbhailte, agus déantar trácht go forleathan anois ar "White Flight" – teitheadh na ndaoine geala ó phlódcheantair na gcathracha amach go dtí na bruachbhailte. Go deimhin, bhí sé seo ag tarlú ar feadh tamaillín cheana, ach le teacht na gcarranna agus na mbóithre idirstáit rinneadh tuile den silín.
Sampla maith is ea Paterson, Nua-Gheirsí. Tháinig borradh faoin gcathair seo sa naoú haois déag mar thoradh ar dhéantúsaíocht síoda, agus bhí cáil uirthi mar "an chathair ab Éireannaí i Meiriceá" ag an am. B’as tuaisceart Éireann go leor de phobal na cathrach agus bhí na monarchana breac le hÉireannaigh de gach saghas. San fhichiú haois, d’fhás tionscal na cruaiche sa chathair, agus pobal na nGormach leis. Faoi 1960 ba bheag Éireannach a bhí fágtha – bhí siad uilig bogtha amach go dtí bailte tuaithe taobh amuigh den chathair. Bhí éirithe leo, d’fhéadfá a rá. Lena n-airgead agus lena n-oideachas – agus lena n-aghaidheanna geala – bhí siad lánpháirtithe taobh istigh de chúpla glúin.
Níorbh amhlaidh do na Gormaigh. Tar éis gur theip ar thionscal na cruaiche, ní raibh sé chomh héasca dóibh bogadh amach ó na cathracha. Mar gheall ar a gcraiceann gorm bhíodar marcáilte. Ní hamháin sin ach thit caighdeán an oideachais sna cathracha. Agus lucht na ngairmeacha imithe amach go dtí na bruachbhailte, ní raibh lucht na gcathracha in ann scoileanna a mhaoiniú ar an dóigh chéanna is a bhí lucht na mbruachbhailte a dhéanamh.
Faoi dheireadh na seascaidí bhí cúrsaí ina gcíor thuathail ar fud na tíre. Ó Los Angeles go Washington DC, bhí pobail mhóra na nGormach uirbeach fágtha gan obair, gan oideachas, gan mheas. Agus sa deireadh, tharla an pléascadh. Mar shampla, thar sé lá de chíréibeacha in Newark, Nua-Gheirsí sa bhliain 1967, maraíodh 26 duine, gortaíodh 1,000 agus rinneadh damáiste a chosain $10 milliún le cur ina cheart. Ó shin i leith, tá Gormaigh na Stát Aontaithe deighilte níos faide amach ó ghnáthchultúr na tíre.
Cúpla scór bliain ó shin, thosaigh na Gormaigh ag cur béime ar chultúr na hAfraice. Sa lá atá inniu ann d’fhéadfá a rá go bhfuil cultúr na nGormach Meiriceánach iomlán neamhspleách ó chultúir eile. Ach anois, faraor, ní ar litríocht ná snagcheol a leagtar an bhéim, is cosúil, ach ar "ghnáthshaol na hionchathrach", mar a deirtear. Sin é, rap-cheol a dhéanann ceiliúradh ar striapachas agus ar éigniú, ar dhrugaí, ar dhronga sráide, ar dhúnmharaithe, ar dhroch-chaint agus ar fhuath do na póilíní. Idir rud amháin agus rud eile, mar sin, tá Gormaigh an lae inniu cineál sáinnithe – ar cheart dóibh dul leis an nua-chultúr diúltach seo nó glacadh le cultúr an duine ghil?
Agus sin, faraor, an chaoi a mbreathnaíonn daoine áirithe ar Barack Obama. De bhrí go bhfuil oideachas aige, go gcaitheann sé culaith agus go bhfuil taithí ghairmiúil aige, tá sé "rógheal."
An ionann oideachas agus geal anois, agus bochtanas agus gorm? Agus an amhlaidh gur cheart an bochtanas sin a cheiliúradh? Idir dhlíthe comhionannais agus dheontais chúnta, tá an dúrud déanta ag an rialtas chun lámh chúnta a thabhairt do na Gormaigh, ach ní mór don chine féin seasamh a ghlacadh anois agus a gcultúr a mheas. Mura ndéanfar amhlaidh, fanfaidh siad sna plódcheantair ar feadh trí ghlúin eile.Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.