3232
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Spreag cuid oibre na heagraíochta Aisling i Londain an stiúrthóir scannán Tom Collins le scannán a dhéanamh mar gheall ar na himircigh Éireannacha sa chathair sin agus anois, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann, tá seans ann go bhfaighidh an saothar ainmniúchán do Ghradam Oscar.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim gur mithid athruithe a dhéanamh i gcóras polaitíochta na tíre, ach caithfear athruithe níos bunúsaí a dhéanamh go forleathan chomh maith le sinn a chur ar bhealach ár leasa.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar dhúnghaois gheilleagair na tíre. Ní hamháin go raibh plé ar tíocht an IMF ach bhí díospóireacht chomh maith ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.
»»»Tá neamhaird iomlán á tabhairt ag staraithe ar fhoinsí i nGaeilge dar le Breandán Delap. Is ionann is scéal ruin achan ní a scríobhadh i nGaeilge ó bhunú an stáit anuas.
»»»Tá sé róluath le rá, dar le Robert McMillen, cén treo ina rachaidh an pholaitíocht sna Sé Chontae.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go mairfidh éachtaí áirithe spóirt go deo i gcuimhne agus i gcroí mhuintir na hÉireann, bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine ina measc.
»»»Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann. Measann Diarmaid Mac Mathúna gur polasaí éigiallta é seo.
»»»Tá drochmheas léirithe le tamall anuas ar dhíoltóirí madraí ar líne gur beag a machnamh ar leas na gcoileán. Is ait le Niamh Ní Shúilleabháin gur beag aird a thugtar ar chion na dtomhaltóirí sa bheart.
»»»Beidh deis ag lucht iomraimh gabháil ar bord longbhád Lochlannach ar an Life agus in ionaid go leor eile an bhliain seo chugainn. Tá roinnt sonraí ag Tony Birtill.
»»»Beidh sé roinnt blianta sula bhfeicfidh an foclóir nua Béarla - Gaeilge solas an lae. Measann Brian Ó Broin gur cheart tabhairt faoi obair eile idir an dá linn le déanamh cinnte go bhfuiltear ag freastal ar lucht léite agus scríofa na Gaeilge.
»»»Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní. Ach is cóir dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil a bheith ar bís faoin mbliain atá rompu, dar le Johanna Ní Mhurchú. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.
»»»Is fear é Dinny McLaughlin, an fidléir as Inis Eoghain i nDún na nGall, a bhfuil a rian féin fágtha aige ar an gceol traidisiúnta. D’éist Antaine Ó Faracháin lena chéad dlúthdhiosca aonair, a eisíodh ag tús mhí Eanáir.
»»»Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill ar thionscnamh iompair a bhfuil ag éirí thar barr leis i gceantair iargúlta tuaithe ach nach féidir a bheith cinnte go leanfar leis sa todhchaí.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stór focal ag baint le cúram linbh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.