AR NA SAOLTA SEO
An Straitéis Fiche Bliain sa Dáil
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar dhúnghaois gheilleagair na tíre. Ní hamháin go raibh plé ar tíocht an IMF ach bhí díospóireacht chomh maith ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Íomhá
Pádraic Ó Conaire na Faiche Móire, tráth
Íomhá
Trevor Sargent, TD
Íomhá
Brian O'Shea, TD
Íomhá
An tAire Pat Carey

Chaith mé maidin an 18 Samhain ar an idirlíon ag leanacht a raibh ag tarlú sa Dáil. Bhí ráiteas ón Aire Pat Carey faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar an gclár oibre don lá. Go mí-ábharach, b’shin é an lá céanna ar tháinig an IMF aniar aduaidh orainn cosúil le feannadh an gheimhridh, lena bhfuil muid ag streachailt le seachtain anuas. Ní nach ionadh, bhí Teachtaí Dála sa bhfreasúra ag iarraidh tús áite a thabhairt sa Dáil don chruachás ina raibh geilleagar na tíre. Thosaigh an Dáil mar is gnáth, leis an bpaidir ag 10.30 agus bhí raic ina dhiaidh faoin gclár oibre. Theastaigh ó Enda Kenny go gcuirfí plé ar an nGaeilge ar leataobh don lá. “It is rich for the great republican party” a dúirt sé “to come to the House on 18 November 2010 and tell us we will have a statement about Straitéis don Ghaeilge. Wrap the green flag around me and preserve the national language on a day when we now have confirmation of the handing over of our economic independence to personnel from abroad.”

Lean an raic ar aghaidh ar feadh 30 noiméad. D’iarr an Ceann Comhairle ar Alan Shatter T.D. (FG) imeacht as an Dáil, mar go ndúirt sé go raibh an Ceann Comhairle “undermining the credibility of the house”, rud a bheadh deacair a dhéanamh, im’ thuairimse. Dhiúltaigh sé imeacht. Cuireadh an Dáil ar fionraí ar feadh tréimhse ghairid. Le scéal fada a ghiorrú, de bharr an raic a thóg Fine Gael mar nach raibh a dhóthain ama á chur ar leataobh le scéal an IMF a phlé, bhí sé 11.30 faoin am ar thosaigh Brian Lenihan ag labhairt sa Dáil faoin gcruachás airgeadais. Cuimhnigh go raibh Enda Kenny agus Fine Gael ag iarraidh go gcuirfí gach gnó eile ar cheal don lá, mar go raibh tábhacht chomh mór sin leis an míniú a thabharfadh Brian Lenihan. Mar sin féin, a luaithe a sheas an tAire Lenihan sa Dáil, d’fholmhaigh binsí an fhreasúra ar an gcaoi a d’fholmhódh seomra ranga ar bhualadh an chloig ag am lóin.

An Díospóireacht ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge

Thosaigh an díospóireacht ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge thart ar am lóin. Má bhí an freasúra ag easaontú go binbeach le chuile rud a dúirt Brian Lenihan ina ráiteas faoin staid airgeadais, bhíodar tríd is tríd ag aontú le gach rud sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Chuir ar chuala mé i gcuimhne dom an méid a dúirt Pádraic Ó Conaire fadó faoin Dáil nuair a thagadh ceist na Gaeilge aníos.

“Sa tríú Dáil, nuair a bheidh ceist an-chorraithe á phlé [sic] ag na teachtairí, is beag alt ann nach gcuirfear ina aghaidh. Ach bíodh gach duine cinnte dearfa gurb é an t-alt a bhaineann leis an teanga Ghaeilge an t-aon alt amháin nach gcuirfear ina aghaidh. Nach ait libh sin, a lucht cosanta na teanga?......Agus tá daoine sa tríú dáil seo, agus ní hamháin gur cuma leo teanga ach is is fuath leo í ina gcroí istigh – cén fáth mar sin nach gcuireann siad in aghaidh an ailt seo [an t-alt a bhaineann leis an nGaeilge] atá i gceist agam? An é an chaoi gur dóigh leo go mbeadh sé fánach acu? Ní hea ar chor ar bith, ach go bhfuil a fhios acu go rímhaith nach bhfuil san alt ach ornáideachas.”

Tá faitíos ormsa nach mbeidh sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ach ornáideachas chomh maith. Níor labhair aon duine ina aghaidh. Níor chuir aon duine ón bhfreasúra aon cheist chrua faoi ná ní bhfuair siad aon locht air, ach é molta go hard ag chuile dhuine. Trevor Sargent ón gComhaontas Glas, an t-aon duine a cheistigh an sprioc atá sa Straitéis go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.

Dúirt an t-Aire Pat Carey gur aontaíodh an Straitéis ag cruinniú den Choiste Rialtais faoin nGaeilge an lá roimhe ach níor inis sé don Dáil céard go díreach a aontaíodh. Tugadh leidí ceart go leor: go mbeidh “ról ag Údarás na Gaeltachta mar an phríomh-ghníomhaireacht feidhmithe, a bheidh freagrach as an Straitéis a sheachadadh.” Rinne Údarás na Gaeltachta fíor-dhrochjab den dualgas reachtúil a bhí is atá ar an eagraíocht maidir le caomhnú na Gaeilge sa nGaeltacht go dtí seo. Tá fianaise ann, go deimhin, go mba é Údarás na Gaeltachta ceann de na heagraíochta atá ciontach as meath na Gaeilge sna ceantracha láidre Ghaeltachta.

Cé gur admhaigh an tAire Pat Carey, sa gcur i láthair meáite stuama a rinne sé, nach bhfuil ach “idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa nGaeltacht,” níor thug sé le tuiscint go mbeidh an Straitéis ag dul i ngleic, go príomha in aon bhealach, leis an ngéirchéim teanga sa mhéidín beag de Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á husáid mar theanga i measc an phobail. In áit teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú, mar atá molta i ngach tuarascáil atá foilsithe ar an gceist le 10 mbliain anuas agus fócas Údarás na Gaeltachta a athdhíriú ar an ngéirchéim teanga sa nGaeltacht, ’sé an chaoi go mbeidh an tÚdarás ag plé le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an stáit, cúram atá ceaptha a bheith ar bun ag Foras na Gaeilge ar fud an oileáin faoi láthair. Bíodh an deabhal ag an nGaeilge sa nGaeltacht, an tuiscint a bhainfinn as an gcur chuige seo, atá molta ag an Rialtas sa Straitéis.

Sprioc Uí Chuív

Méadú suntasach ar líon na ndaoine a usáideann Gaeilge ina saol laethúil, an cuspóir atá ag an Straitéis agus is inmholta an cuspóir é. Leis an gcuspóir sin a bhaint amach tá sprioc amháin cinnte tugtha sa Straitéis: “líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú ón bhfigiúr reatha de 83,000 duine go 250,000 duine as seo go ceann 20 bliain.” Ní eolaithe teangeolaíochta a cheap an sprioc seo. Sa tuarascáil, a chuir Fiontar ar fáil (sa nasc ar dheis) don Aire Ó Cuív, dúradh go mba é an tAire é féin a chinn ar an bhfigiúr ard sin a úsáid mar sprioc. Ar bhealach mín dioplómaitiúil dúirt na saineolaithe idirnáisiúnta a chuir tuarascáil Fiontair le chéile nach raibh aon bhunús leis an uimhir 250,000. Dúradh sa tuarascáil faoin sprioc 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge nach bhfuil “fáil i láthair na huaire ar bhunlíne taighde de shonraí sochtheangeolaíochta chun tacú leis an réamh-mheastúchán sin.”

Is ionann sprioc Uí Chuív agus méadú 5.7% chuile bhliain ar feadh scór bliain den Straitéis. Bheadh amhras orm an mbeadh aon saineolaí le meas ar an bhfírinne, sásta a rá go poiblí go bhfuil an sprioc sin réadúil.

Dúirt an Coimisinéir Teanga le déanaí gur léirigh taighde a deineadh le gairid nach bhfuil cumas a ndóthain sa nGaeilge ach ag 1.5% d’oifigigh an Roinn Oideachais lena gcuid seirbhisí a sholáthar trí Ghaeilge. Má tá an scéal chomh dona sin i ngach seirbhís phoiblí eile, agus d’fhéadfadh sé a bheith níos measa i roinnt acu, tá sé áiféiseach a bheith ag ceapadh gur féidir líon na gcainteoirí laethúla, taobh amuigh den chóras oideachais, a mhéadú 5.7% gach bliain, mar nach mbeidh na deiseanna ann Gaeilge a úsáid, don té a bheadh ag iarraidh a bheith ina chainteoir laethúil. Tá sé thar am dúinn a bheith fírinneach faoin méid is féidir a bhaint amach faoin Straitéis, ag am a bhfuil gearradh siar mór le déanamh ar an méid airgid a chaitear ar scéimeanna teanga taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, faoin Plean 4 Bliana a foilsíodh le gairid.

An Sprioc a Mholfainn

Seo leanas an sprioc a mholfainn: In áit ardú 5.7% chuile bhliain i líon na gcainteoirí laethúla bheinnse ag súil le ardú de 5.7% chuile 5 bhliain. Roghnaím 5 bliain mar is é an tréimhse idirdhaonáirimh. Is ionann sin agus méadú ar líon na gcainteoirí laethiúla Gaeilge ó 80,000 go 100,000 faoi 2030. Is é mo thuairim go mbeadh an uimhir sin sách uaillmhianach, ach bheadh sé inbhainte agus dá bhféadfaí é a shárú, thabharfadh sé misneach mór don Rialtas leanacht leis an Straitéis, mar go mbeadh fianaise ann go raibh ag éirí leis. Sin an cineál sprice atá acu sa mBreatain Bhig maidir le líon na mBreatnaiseoirí a mhéadú faoin bplean teanga atá á chur i bhfeidhm ansin, chomh fada agus is eol dom.

Mholfainn go mbeadh sprioc eile ann le líon na gcainteoirí seachtainiúla a mhéadu chomh maith. Tá sé sé deacair don chainteoir Gaeilge, nach bhfuil ag maireachtáil nó ag obair i gcomhthéacs Ghaeilge, an deis a fháil go laethúil an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Bhí beagán os cionn 100,000 duine sa mbliain 2006 a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais go seachtainiúil, sa mbreis ar an 80,000 a labhraíonn í go laethúil. Ar an gcaoi sin tá 180,000 ag usáid Ghaeilge ar a laghad go seachtainiúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Is í mo thuairim go mbeadh sé réadúil an figiúr do chainteoirí seachtainiúla a mhéadú go 150,000 taobh istigh de fhiche bliain. Sin ardú de thart ar 10.7% chuile chúig bliana. Dá mbainfí an dá sprioc sin amach, bheadh 250,000 ag úsáid na Gaeilge ar a laghad uair sa tseachtain agus 100,000 acu siúd á húsáid go laethúil faoin mbliain 2030, sprioc atá sách uaillmhianach ach réadúil, measaim.

Tuigim go mbeadh sé deacair don Aire Carey an sprioc a leag a chomhleacaí Éamonn Ó Cuív síos a tharraingt siar agus sprioc níos réadúla a chur ina háit. Ní faoi Pat Carey a bheas sé an Straitéis a chur i bhfeidhm ach faoin Comhrialtas FG/LO a bheas ann san Earrach. Mholfainn don dá pháirtí a bheas sa rialtas sin, droim láimhe a thabhairt don sprioc 250,000, nach bhfuil aon bhunús eolaíoch leis agus sprioc réadúil inbhainte a chur ina áit, cosúil leis an sprioc atá molta anseo agam.

Aon tuairim eile?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.