Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stór focal ag baint le cúram linbh.
Bhí cuma ar Shinéad agus ar Nuala gur ag cur thart an ama a bhí siad agus iad ina suí ag an tábla ag ól cupa tae. Ach ní sin mar a bhí ar chor ar bith. Bean ghlúine a bhí i Nuala agus bhí sí ansin le comhairle a chur ar Shinéad. Ba seo an tríú nó an ceathrú cuairt ag Nuala agus ní raibh cuma ar Shinéad go raibh sí ag fáil an bhua ar an lionndubh a bhuail í nuair a bhí an leanbh aici. Rinne Nuala tréaniarrachta cur in iúl do Shinéad gur iomaí bean a bhí mar seo i ndiaidh an linbh ach ní raibh maith a bheith léi. Ní raibh aon duine ariamh ar chlár na cruinne a buaileadh chomh holc le Sinéad.
“Cad é atá ag déanamh tinnis duit, a Shinéad?” arsa Nuala.
“Achan rud,” arsa Sinéad.
“Éist, cad chuige nach labhraíonn tú le do mháthair agus b’fhéidir go nglacfaidh sí an babaí ar feadh cúpla uair. Thig leat a dhul amach chuig scannán nó fá choinne béile. Déan rud inteacht a thógfas cian duit cibé,” arsa Nuala.
“An bhfuil a fhios agat seo,” ar Sinéad, “níl ionam bogadh. Bheadh an dá shúil ag druid orm is cuma cad é a dhéanfainn.”
“Cad é a dhéanfaidh muid leat ar chor ar bith?” arsa Nuala. “Níl tarrtháil le déanamh ort.”
“Bheadh athrú scéil agatsa dá gcluinfeá an bhúireach a bhí air siúd ar a trí a chlog ar maidin,” arsa Sinéad. “Rachadh sé fríot. Nár aifrí Dia orm é, bíonn fonn orm á chnagadh corruair. Ach go bé go bhfuil Meic ansin le mo cheansú, níl a fhios cad é a dhéanfainn.”
Mheas Sinéad nach raibh aici ach amharc ar an leanbh agus go raibh pus an chaointe air. Idir chlúidíní agus bhuidéil, ní raibh a fhios aici cé acu a bhí sí ag teacht nó ag imeacht.
“Fan go fóill beag,” arsa Nuala. “Níl a dhath anseo le taobh mar a bheidh sé agus é ag gearradh fiacla. Féadann tú tú féin a chroitheadh suas nó tá romhat.”
“Ná bíodh eagla ar bith ort, d’inis mo mháthair an dea-scéala uilig domh,” arsa Sinéad. “Beidh sé ag sceamhlaigh mar a bheadh an diabhal ann agus beidh mé céasta ag glanadh pislín. Nach méanar domh.”
“Och, anois a Nuala, níl ann ach seal gairid,” arsa Nuala. “Fan go bhfaighidh sé cúpla focal, is ansin a bhainfidh tú an spórt as.”
Rinne Sinéad gáire dóite. “Beidh tú ag inse domh an chéad rud eile go mbeidh mé mar a bheadh cearc éillín ann fá cheann cúpla mí eile.”
“Is iomaí rud is iontaí a tharla,” arsa an bhean ghlúine.
Le sin, chuala siad beirt an leanbh ag caoineadh. Lig Sinéad osna agus d’éirigh sí ina seasamh.
“Suigh thusa ansin,” arsa Nuala. “Bhéarfaidh mise anuas é.”
Phill Nuala agus an babaí ina hucht aici agus í ag déanamh monamar cainte leis. Bhí an aghaidh crupaithe aige leis an phian.
“Ó anois, cad é atá ort ar chor ar bith? An bhfuil gaoth ort? Sílim go bhfuil.”
Le sin shuigh Nuala síos agus chuir ar páiste ar a glúin. Thosaigh sí ag cuimilt an droma aige agus nuair nach ndearna sin maith, thosaigh sí ar an phortaíocht.
“Sin pictiúr,” arsa Sinéad agus í ag amharc ar a mac ag damhsa ar ghlúin Nuala. Le sin lig sé racht gaoithe.
“Anois, a thaiscidh, nach bhfuil sin níos fearr? Tá a rún,” arsa Nuala.
“Sin cleas a bheas liom,” ar Sinéad léi féin.
D’éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil don leanbh nó bhí a fhios aici an dóigh a raibh an béal ag dul aige go raibh ocras ag teacht air. Théigh sí an buidéal agus chuir lena craiceann ansin é le cinntiú nach scallfaí an babaí. Bhí sé díreach i gceart. Shuígh sí isteach sa chathaoir bhog.
“Tabhair domh anois é,” arsa Sinéad “nó aithním nach bhfuil búireach an ocrais i bhfad uainn.”
Chrom Nuala agus shín sí an leanbh síos chuig a mhamaí. Chuir Sinéad an buidéal lena bhéal. Thosaigh sé a dhiúl ar an bhuidéal chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis.
“Shílfeá nach bhfuair tú greim i mbliana,” arsa Sinéad.
“Tá an créatúr bocht stiúgtha,” arsa Nuala.
“M’anam le Dia, níl a fhios agam cá gcuireann sé é. Fuair sé buidéal ansin ar a hocht a chlog.”
“Ar ól sé uilig é?” arsa Nuala.
Shlog sé siar é mar a bheadh deireadh an tsaoil ann,” arsa Sinéad.
“Chím,” arsa Nuala. “B’fhéidir gur sin cúis na caointe, níl sé ag fáil na gaoithe aníos.”
“Do bharúil?” arsa Sinéad.
Mhínigh Nuala di gur cheart cúpla ionsa bainne a thabhairt dó agus ansin é a chur ina shuí suas agus iarracht a dhéanamh an ghaoth a chur aníos.
“B’fhéidir gur sin croí na faidhbe,” arsa Sinéad. “Cuirfidh mé síos tamall anois é” agus chuir sí isteach sa chliabhán é. Chuir Nuala a cos leis an chliabhán agus thosaigh sí á bhogadh anonn is anall.
“Beidh sé millte agat,” arsa Sinéad.
“Árú cad é an dóigh nach dtiocfadh leat an mulldaí beag seo a mhilleadh?” arsa Nuala agus chrom sí os a chionn.
“Cá bhfuil an bolg buí, cá bhfuil? An bhfuil cigilt ionat go fóill, an bhfuil?” ar sí sa ghuth ard éadrom sin a úsáideann mná le páistí beaga. “An bhfuil sé maith ag codladh?”
“Thig leis a bheith righin go maith, an bhfuil a fhios agat,” arsa Sinéad. “Beidh léaspáin an chodlata ar a chuid súl ach bhfuil tú ag déanamh go ngéillfidh sé don chodladh. Dheamhan geilleadh, a rún.”
“Tiocfadh feabhas air sin, níl sé ach óg,” arsa Nuala.
“Is mór an gar,” arsa Sinéad.
“Anois,” arsa Nuala, “ná bíodh laguchtach ort. Níl tú ina cheann i bhfad. Tiocfaidh biseach ar rudaí.”
“Féadann sé,” arsa Sinéad.
D’amharc Sinéad isteach ar a mac sa chliabhán agus bhí sé sínte siar ar a sháimhín só ag dúil a órdóige. Chonacthas do Nuala go raibh go raibh miongháire le braithsean ar ghnúis Shinéid.
“Tá linn,” arsa Nuala léi féin. “Tá sí ag teacht chuici féin.”
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.