3232
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad. Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Roinnt uaireanta an chloig sular gabhadh an fear frithchogaíochta, Niall Farrell, i nGaillimh labhair Seosamh Mac Muirí leis faoina iarrachtaí, in éineacht le Margaretta D’Arcy, feancadh éicint a bhaint as feachtais Arm ECAT i dtíortha bochta amuigh thar lear, go háirithe ó thús an chéid seo.
»»»Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi in Oifigí Ghaillimh le Gaeilge chun fiafraí faoin eagraíocht agus faoina fód dúchais.
»»»Tá baint lárnach ag an Dr Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Sa chéad alt seo de dhá cheann, míníonn sí cén fáth a bhfuil sí glan i gcoinne an phlean agus cáineann sí rialtas, atá, dar léi, ar nós cuma liom faoin gcomhshaol agus faoin oidhreacht.
»»»Tá na costais arda teileachumarsáide agus an líon íseal tithe a bhfuil ceangal leathanbhanda acu ag cur bac ar fhás na teileachomaitéireachta in Éirinn, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Tá go leor físeán agus cláracha teilifíse le fáil saor in aisce ar líne anois agus tá sé níos fusa ná mar a bhí riamh féachaint orthu, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Measann Roibeard de Búrca go léiríonn na himeachtaí in Allfirst Financial agus in Enron go bhfuil easpa mhór ionracais i margadh airgeadra na Stát Aontaithe.
»»»Tá lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.
»»»Níl aon dabht ach gur eachtra uafáis í an aerthionóisc a tharla in Aerfort Heathrow i mí Eanáir. Ach deis luachmhar a bhí inti fosta, ar féidir leis an tionscal eitlíochta ceachtanna a fhoghlaim uaithi, dar le Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Tháinig an haitéir Philip Treacy ar ais go hÉirinn le bheith i láthair ag oscailt a thaispeántais nua ‘Unlikely Sculpture: Hatforms’ in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Aibreáin. Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Treacy mar dhearthóir hataí a oibríonn le couturiers atá go mór i mbéal an phobail, leithéidí Karl Lagerfield, Helmut Lang, Alexander McQueen agus Theirry Mugler.
»»»Dar le Donncha Ó hÉallaithe insíodh scéal na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann, le dhá scór bliain anuas, sa chlár faisnéise faoi Bhernadette Mac Aliskey (Devlin), a craoladh ar TG4 le gairid ach deir sé go bhféadfadh a dearcadh ar an bpróiséas síochána daoine óga a mhealladh i dtreo na cogaíochta arís.
»»»Cá bhfágfaimid Bollywood na hIodáile nó Ard Mór Chille Mhantáin? Bhí Ciara Nic Gabhann ag amharc isteach i scéal Ard Mór na hIodáile, ionad mór táirgthe scannán san am atá thart.
»»»Tá anailís déanta i leabhar a foilsíodh le gairid ar na cúiseanna go bhfuil an tOrd Oráisteach á thréigean ag go leor Protastúnach. Chaith Robert McMillen súil ar an fhoilseachán nua seo.
»»»Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.