Tá anailís déanta i leabhar a foilsíodh le gairid ar na cúiseanna go bhfuil an tOrd Oráisteach á thréigean ag go leor Protastúnach. Chaith Robert McMillen súil ar an fhoilseachán nua seo.
Sa leabhar Northern Ireland: The Origins of the Troubles, ina gcosnaíonn Thomas Hennessey stát na sé chontae ó bunaíodh é 85 bliain ó shin, deir an t-údar: Is é an dearcadh aontachtach é go bhfuil dhá chine in Éirinn agus dá n-aontódh gach duine gur mar sin atá - agus na haontachtaigh a fhágáil lena saol a chaitheamh - bheadh gach rud ina cheart.
Bí ag caint ar sinn féin.
In óráid a thug sé i Washington le gairid, bhí a mhacasamhail de phort á sheinm ag Peter Robinson.
Ó thaobh na staire de, déanann daoine anailís ar cheist Thuaisceart Éireann mar choimhlint talaimh, chreidimh, chultúir agus féiniúlachta. Tá croí na faidhbe i bhfad níos simplí - baineann sé le riail an dlí.
Is é sin, go mbeadh gach rud mar a diarrfadh do bhéal é ach go bé na náisiúnaithe mírialta sin. Tá an séanadh fréamhaithe go domhain i sícé na n-aontachtach. Tá sé seo i bhfad níos soiléire nuair a bhreathnaíonn tú ar an Ord Oráisteach.
I mí Mheán Fómhair 2005, chonacthas na racáin ba mheasa le deich mbliana i mBéal Feirste. Scaoil paraimíleataigh dhílseacha leis na póilíní agus le hArm na Breataine. Is ann don nasc sin idir an tOrd agus an foréigean le 111 bhliain, ó bunaíodh an tOrd i ndiaidh The Battle of the Diamond i 1795.
Béigean don Grand Orange Lodge of Ireland é féin a scor mar gheall ar an Unlawful Societies Act (Ireland) in 1825 ach ba beag an difear a rinne sé don eagraíocht.
Sa lá atá inniu ann, tá tuairim is ar 30,000 ball gníomhach san Ord, iad ag déanamh a ndíchill ag iarraidh an Protastúnachas a chur chun cinn agus clú glórmhar William of Orange a chosaint do dhream amháin; ach do dhream eile, is eagraíocht bhiogóideach, sheicteach, fhoréigneach í.
Tá glór amháin á ardú a aithníonn an dá thréith sin den Ord agus, an rud is annamh is iontach, baineann an glór sin le ball de chuid an Oird féin.
Tá an tOirmhinneach Brian Kennaway ina bhall den Ord Oráisteach le 40 éigin bliain. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Oideachais an Oird go dtí gur éirigh sé as an phost (le seachtar eile) in 2000 mar gur shíl sé go raibh daoine macánta ag fágáil na heagraíochta as siocair é bheith ag éirí rópholaitiúil, dar leo.
Ach ní hí an pholaitíocht is mó a chuireann isteach ar dhaoine - idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh - ach an foréigean agus an seicteachas.
Ina leabhar úr The Orange Order: A Tradition Betrayed, luann an tUasal Kennaway ráiteas a rinne iarcheannaire de chuid an UDA, Sammy Duddy, leis an Sunday Times.
Its time to admit that the Orange Order has always used the paramilitaries as the big stick, arsa Duddy. They use them to police their parades through contentious areas. They use them as their army when it suits and then wash their hands if things turn out badly. It is time someone made the point of that.
Nár mharaigh na Red Hand Commandos ball den RUC, an Constábla Frank OReilly, i bpléascán buama le linn scliúchas Dhroim Cria i 1998?
Is rud é seo a chuireann isteach go mór ar bhaill an Oird a chreideann gur eagraíocht chreidimh atá san ord Oráisteach agus nár cheart dó baint ná páirt bheith aige le polaitíocht nó le seicteachas. Deir Kennaway é féin go gcuireann an ceangal seo le paraimíleataigh brón agus déistin i gcroí daoine macánta cráifeacha an Oird.
Le linn na racán i gceantar na Carraige Báine anuraidh, shéan gach ball sinsearach den Ord go raibh páirt ag baill de chuid an Oird san fhoréigean, in ainneoin é bheith le feiceáil ar na scáileáin teilifíse.
An tseachtain seo caite, bhuail toscaireacht ón Ord le státseirbhísigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.
Seo an chéad uair riamh i stair an Oird, is dócha, gur bhuail muid le baill den phobal náisiúnach, arsa Drew Nelson, rúnaí an Oird.
Má chreideann sé gurb ionann státseirbhísigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha - dá fheabhas iad - agus an pobal náisiúnach, tá dul amú air.
Go dtí go gcuirfear deireadh leis an séanadh, go gcaithfear ar leataobh an dearcadh go mbeadh gach rud ina cheart ach go bé na náisiúnaigh damanta sin, agus go dtuigfidh siad go gcaithfidh siad labhairt lena gcomharsanaigh náisiúnacha, ní bheidh deireadh leis an hemorrhaging atá ag dul ar aghaidh san Ord, daoine ag imeacht agus gan rún acu pilleadh.
Mar a deir an tOirmhinneach Kennaway, caithfidh an tOrd é féin a athrú ó bhun go barr agus pilleadh ar na prionsabail ar a bunaíodh é 111 ó shin más mian leis dul chun cinn a dhéanamh - i measc a mhuintire féin.
Ansin, nuair a bheas an méid sin socraithe, thig leo dul i dteagmháil le those pesky nationalists.
Bíodh deireadh leis an muidinne agus iadsan.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*